Tús na scoilbhliana: bealaí chun cabhrú le do pháiste san athrú

Katie Saoidhbh McGreal

Má tá páiste agat atá ag tosú ar scoil go luath, nó má tá páiste agat atá le dul chuig scoil nua, seans maith go bhfuil siad neirbhíseach nó imníoch faoin gcéad chéim eile seo. Bíonn muid uilig imníoch agus togra nua á thosú againn ach is iomaí rud is féidir a dhéanamh leis an athrú a dhéanamh níos éasca do na daoine óga inár saol.

Labhair le do pháiste faoi. Abair leo go dtuigeann tú go bhfuil siad neirbhíseach ach go gcaithfidh muid ar fad rudaí deacra a dhéanamh anois is arís. Mínigh dóibh cad atá le tarlú. Má tá tusa nó duine eile len iad a thabhairt ar scoil, cé a bheidh á bhailiú? Abair leo go mbeidh siad i seomra ranga leis an méid páistí eile a bheidh i gceist. Más féidir leo tuiscint a bheith acu ar céard atá le tarlú, beidh sé níos éasca orthu dul i ngleic leis.

Is féidir leat croí beag a tharraingt ar do lámh féin agus croí a tharraingt ar lámh do pháiste. Abair leo má bhíonn siad neirbhíseach nó má airíonn siad uathu thú le linn an lae gur féidir leo brú isteach ar an gcroí beag agus go mothóidh tú é. Abair leo go ndéanfaidh tú an rud céanna mar go mbeidh tú ag smaoineamh orthusan chomh maith.

Mínigh dóibh gur féidir leat anáil dhomhain mhall a thógáil isteach agus amach, rud a chabhróidh leo éirí socair. Má chuireann siad a lámha ar a mbolg, ag análú isteach go mall tríd an tsrón agus amach go mall tríd an mbéal, cabhróidh sin smaointe do pháiste a mholliú agus airóidh siad níos fearr dá réir.

Cleas beag éasca a dhéanfaidh sin níos spraíúla ná an ‘rollchóstóir’. Beidh tú ag tógáil anáil isteach go mall agus ag gluaiseaccht méar amháin thart ar mhéara na láimhe eile, ceann ar cheann, amhail is dá mba rollchóstóir é. Anáil isteach agus bogann tú an mhéar suas go dtí barr na chéad mhéire; anáil amach agus sleamhnaíonn an mhéar sin síos go dtí bun an taoibh eile den chéad mhéar. Anáil isteach arís agus bog an mhéar suas go dtí barr an dara méar. Anáil amach agus sleamhnaíonn an mhéar sin síos go dtí bun an taoibh eile den dara méar, agus ar aghaidh. Tá tú ag tógáil anáil isteach agus amach go mall, ag dul thart ar do mhéara ag ligint ort féin gur rollchóstóir é do lámh. Anáil isteach agus amach go mall agus faoin deireadh beidh tú i ndiaidh cúig anáil a thógáil isteach agus amach agus airóidh tú i bhfad níos suaimhní.

Tá pointí brú ar fud na colainne againn. Péire atá an-úsáideach ná na cinn atá i lár na mbos. Glaoim féin an cnaipe suaimhnis air. Is pointe é seo ar féidir leat brú isteach air má tá tú ag mothú faoi strus, brónach nó in ísle brí. Tá tú in ann do lámha a chur faoin mbord sa seomra ranga agus cumailt bhog a dhéanamh ar na pointí sin - ní fada go mothóidh tú níos fearr.

Cabhróidh sé le do pháiste má thuigeann siad gur gnáthmhothúcháin iad an brón agus an imní. Má thuigeann siad go dtiocfaidh siad tríd agus go mbíonn tú féin imníoch faoi rudaí freisin, beidh an tacaíocht agus na hacmhainní pearsanta acu le haghaidh a thabhairt ar thús na scoilbhliana nua.

Close
Close