Tuiscint agus aontas de dhíth ar an bhóthar i dtreo an athaontaithe

Concubhar Ó Liatháin

Tá sean scéal grinn ann faoin gcéad chruinniú de pháirtí polatúil nua agus gurb í an scoilt an chéad mhír ar an gclár oibre.

Sin a chuireann an chaint atá tráchtairí náisiúnacha áirithe a dhéanamh i gcuimhne dom agus iad ag moladh go mbeadh plé ann faoi aontú na hÉireann ach sa chéad anáil eile tá siad ag cáineadh go géar an dream a bhfuil siad ag iarraidh aontas a dhéanamh leo - siadsan sinne, muintir an Deiscirt.

Bheadh sé fánach agamsa a bheith ag iarraidh a chur in iúl go raibh muintir an Deiscirt cothrom lenár gcomhÉireannaigh ó thuaidh ón am go bhfuaireamar saoirse, más saoirse srianta féin a bhí ann, céad bliain ó shin.  Ní amhlaidh a bhí.

Ní chréidim go raibh muintir an Deiscirt cothrom ná cóir leis an bpobal a fagadh ar an mbruach eile nuair a deineadh críochdheighilt ar an dtír mar gheall ar an gConradh.

Fágadh an pobal náisiúnach le haire a thabhairt dóibh féin nuair a rinne dílseoirí ionradh ar a gcomharsanachtaí i Lúnasa 1969, eachtra nach bhfaigheann tú ach beagáinín dá bhlás agus tú ag amharc ar an scannán nua ó Kenneth Branagh, Belfast - dódh tithe agus scaoileadh daoine, agus na péas ag tabhairt cosaint dos na dílseoirí, seachas don bpobal a bhí faoi ionsaí.

In ainneoin an mhéid a dúirt Taoiseach na linne, Jack Lynch, ina óráid iomráiteach, is beag a dhein Rialtas na 26 Chontae chun teacht i gcabhair ar a muintir ó thuaidh a bhí faoi ionsaí. Cé gur chuala mé ó dhaoine a mbeadh a fhios acu gur tugadh roinnt Gael aitheanta chomh fada le Campa Chill Uird i gContae Chorcaí chun iad a oiliúint i láimhseáil meaisínghunnaí, campa é sin atá fós á rith ag Óglaigh na hÉireann, Arm an tSaorstáit.

Is iomaí neamairt a deineadh agus d’fhag sin goin nach bhfuil éasca a leigheas.

Tá an mothú gur fágadh ag an altóir iad fós sa treis i measc go leor náisiúnaithe sa Tuaisceart agus is beag a thuigeann deisceartaigh, polaiteoirí an deiscirt go háirithe, chomh domhain is tinn atá an ghoin sin.

Ní mór é a aithint.

Uaireannta tá sé fánach ‘Ach…’ a rá. Cosúil leis na hargóintí sin idir lánúin agus páirti amháin den tuairim go bhfuil éagóir á déanamh air nó uirthí ag an bpáirtí eile ach coimeadann sé/í a b(h)éal dúnta mar níor mhaith an rud é rud éigin a rá a chuirfeadh tine fé chúrsaí.

Tá ‘ach’ mór amháin ar fiú é a lua - is é sin an próiseas síochána. Luafaidh mé é. Chuaigh go leor polaiteoirí ó dheas sa bhearna bhaoil ar mhaithe le próiseas síochána a thabhairt ar an saol agus a bheathú tráth go raibh sé i bhfad níos fusa ligint don marú dul ar aghaidh. Ní raibh aon votaí ann mar bhí an chuid is mó de phobal na 26 Chontae in alltacht faoin bhforéigean ó thuaidh. Ach deineadh na hiarrachtai agus, fiú nuair a tharla sléacht éigin a chuir an iarracht sin ó mhaith, deineadh iarrachtaí eile arís.

Na tráchtairí atá ag díspeagadh polaiteoirí agus na rialtas ó dheas, déanann siad talamh slán den obair fhadalach a dhein na polaiteoirí agus na rialtais chéanna ar son an phróisis síochána.

Léiríonn siad easpa tuisceana ar mheon an phobail sna 26 Chontae, is é sin go bhfuil fócas an phobail sin ar cheisteanna nach mbaineann le stair na tíre agus gur mó an tsuim atá acu i nithe nach mbaineann le teorainneacha is bunreachtai is íobairtí fola ár sinsear.

Tá daoine ann a chreideann, de bharr go bhfuil Sinn Féin i bhfad chun tosaigh ar Fhianna Fáil agus Fine Gael sna pobalbhreitheanna agus go bhfuil an chuma ar an scéal go bhféadfadh Mary Lou McDonald a bheith ag ceann an pháirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghcháin eile in 2024 nó 2025, go mbeidh an páirti sin i réim ó thuaidh is ó dheas agus gur ionann is cinnte go mbainfear aontú na tíre amach an uair sin.

Nílim chomh cinnte. Ar an lá is fearr tá 35% ag SF - sin 65% den toghlach ag páirtithe eile. Sin trath go bhfuil an rialtas seo faoi bhrú ó gach taobh agus costas maireachtála ag dul in airde de léim gach seachtain.

Is rud casta é labhairt faoi aontú na tíre gan an sórt naisiúnachais a thug an Breatimeacht go Sasana a mhúscailt.

Tá sé níos casta arís in Éirinn mar gheall ar an bpobal Aontachtach, tuairim is 1 mhilliún duine a thugann a ndílseacht do Rialtas Londan, fiú is go bhfuil an dílseacht chéanna faoi bhrú mar gheall ar an dtréas a mhothaíonn sciar acu mar gheall ar an bPrótocal.

Cad é an tionchar a bheadh ag an bpobal sin agus an bhagairt ón dream is aintoiscí is armtha ina measc ar an bpobal votála ó dheas, tráth go mbeadh reifreann ann ar dhá thaobh na teorann agus an cheist seo á cinneadh?

De bharr an Bhreatimeachta, áfach, níl aon dul as ach go gcaithfear tús a chur leis an bplé seo. Tá an baol ann go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun titim as a chéile agus cá bhfagfaidh san an Tuaisceart?

Creidim in aontú na tíre ach, é sin ráite, feicim cén fath a bhfuil polaiteoirí an deiscirt chomh faiteach ina leith. Ní fuacht don tuaisceart ná dá bpobal atá ar a chúl.

Tá sé ráite in aidhmeanna gach mórpháirtí ó dheas gur cloch ar a bpaidrín é aontú na tíre. Ach ní thuigeann siad meon an phobail ó thuaidh agus tá an easpa tuisceana sin níos forleithne i measc an phobail ó dheas.

Is é an rud nach mór a thuiscint freisin go bhfuil leaganacha éagsúla d’Éirinn Aontaithe ag páirtithe. Ní doigh liom go bhfuil mórán tacaíochta ann don bpoblacht Uile-Éireann Ghaelach shóisialach a luaitear go minic. Seans go mbeidh gnéithe di sin ann - ach b’fhéidir go mbeidh sí thar a bheith éagsúil ón aontas aislingeach.

Tá bealai éagsúla go dtí an ceann scríbe céanna á thaiscéaladh acu agus níor cheart a bheith á lochtú mar gheall ar sin. Cinnte bíodh diospóireacht pholaitiúil ann agus bíodh sé bríomhar, ach ná bíodh sé chomh nimhneach is a bhí an diospóireacht a bhí ann céad bliain ó shin a thug Cogadh na gCarad mar thoradh.

Má tá Rialtas na 26 Chontae mall chun na himeartha, ní hionann sin agus a rá nach é an cur chuige cúramach seo is túisce a bhainfidh an ceann scríbe amach.  

Má táimid chun aontacht a bhaint amach, ní mór duinn a bheith aontaithe inár gcur chuige agus má ghlacann sé am do phairtithe teacht ar bord, b’fhiú a bheith malltriallach ar mhaithe leis an oiread ab fhéidir a bheith linn agus sinn ag dul chun tosaigh.

Close
Close