Tugaimis aire do mhná atá ag lorg ginmhillte

Róisín O'Hara

Fuair sí bás ar a bealach abhaile.

Iníon duine éigint. Deirfiúr duine éigint. Cara duine éigint. Bean, as Éirinn.

Bhí sí théis ginmhilleadh a bheith aici i Sasana mar tá cosc air sa tír seo agus bhí sí ar a bealach abhaile nuair a d'éirigh sí tinn.

Níl a fhios agam cén fáth a raibh sé uaithi.

Ach tá a fhios againn go bhfuair sí bás de bharr na hobráide agus fadhbanna a d’eascair as.

Tá a fhios againn freisin go gcreideann Máistir Ospidéal an Rotunda i mBaile Átha Cliath  - ceann de na hospidéil mháithreachais is mó sa tír - an tOllamh Fergal Malone go bhfuil seans maith ann nach bhfaigheadh an bhean bhocht sin bás dá mba rud é go raibh an obráid aici anseo sa mbaile.

Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid Choiste an Oireachtais ar an Ochtú Leasú dúirt Malone go bhfuiltear ag cur beatha na mban  – a dhéanann an cinneadh dul thar lear don obráid seo – i mbaol.

“Ní féidir linn aire a thabhairt dóibh sa gcaoi gur mhaith linn aire a thabhairt dóibh,” a deir an tOllamh. 

Sin bun agus barr an scéil seo, dar liom.

Níl muid ag tabhairt aire do na mná seo – mná s’againne.

Is cuma cén fáth a bhfuiltear á dhéanamh, ach tádar á dhéanamh.

Na mílte acu, na céadta míle acu.

Ó 1980 chuaigh ar a laghad 170,200 bean as Éirinn thar lear don obráid agus le 10 mbliana anuas téann ar a laghd 3,000 duine go Sasana chuile bhliain.

De réir staitisticí ó Roinn Sláinte na Breataine, cláraíodh 3,265 bean as Éirinn i gclinicí ginmhillte na tíre sin in 2016.

Agus céard faoi na haoiseanna?

Bhí deichniúr a chuaigh faoi scian thall a chláraigh go raibh siad 16 d’aois.

56 duine díobh idir 16 d’aois agus 17 d’aois.

An líon is mó díobh – 794 – idir 20 bliain d’aois agus 24 bliain d’aois.

Bhí 255 bean os cionn dhá scór.

Chuile chineál mná, le chuile chineál cúise lena dhéanamh. 

Rachfaidh na mná thar lear, agus coinneoidh siad orthu ag dul thar lear.

Nach bhfuil sé sin cruthaithe ó na staitisicí?

Is í an cheist ná an leanfaidh muid orainn mar náisiún ag easpórtáil na faidhbe, ag tabhairt ár gcúl orthu sin nó an nglacfaidh muid leis - sa deireadh thiar thall - go bhfuil slua mór dár ndaoine a thugann faoi seo chuile bhliain agus gur chóir dúinn cúram a thabhairt dóibh sa mbaile, ar mhaithe lena sábháilteacht?

Nach ceist sláinte agus sábháilteachta í anois?

Nár chóir dúinn éisteacht leis na saineolaithe – an lucht leighis agus na daoine a thuigeann na himpleachtaí a bhaineann leis seo do shláinte an duine?

Go deimhin, tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte de chuid na Náisiún Aontaithe ag rá gur chóir go mbeadh seirbhísí ginmhillte comhtháite sa gcóras sláinte mar aitheantas gur seirbhís dhlisteanach shláinte ann féin é.

Sa chaoi seo, a deir siad, bheadh cosaint ag mná ón stiogma agus leatrom a bhaineann leis anois.

Molann siad freisin gur chóir go mbeadh an obráid saor in aisce do mhná nach bhfuil in ann íoc as.

Tá imní léirithe ag lucht leighis chomh maith maidir leis an ardú suntasach atá tagtha ar líon na mban in Éirinn atá ag ordú piollaí ginmhillte ar líne.

Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid an Choiste Oireachtais ar an Ochtú Leasú, dúirt an Dochtúr Brendan O’Shea, ó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh na hÉireann, gur cúis mhór imní dóibh é go háirithe is go bhfuil seans mór ann go mbeadh eagla ar mhná cúram leighis a iarraidh ar sheirbhísí sláinte na tíre má éiríonn siad tinn théis na piollaí a thógáil agus nach n-inseodh siad dá ndochtúirí gur thóg siad iad.

I ráiteas chuig Coiste an Oireachtais dúirt na Dochtúirí Teaghlaigh go bhfuil drochthionchar amach is amach ag ginmhilleadh thar lear ar shláinte choirp agus agus ar mheabhairshláinte mhná na hÉireann.

Deir siad go mbíonn an páiste ag an chuid is mó de na mná (62%) atá i ngéarchéim thoirchis agus gur thart ar 20% a roghnaíonn ginmhilleadh. 

Ná déanaimis breithiúnas orthu.

Tugaimis aire dóibh.

Close
Close