Tuairimí na dTráchtairí - An Toghchán Eorpach

Tá Meon Eile ar ais an tseachtain seo leis an tsraith ‘Tuairimí na dTráchtairí’ ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thráthúla.

An tseachtain seo labhair Meon Eile le Gearóid Ó Muilleoir, Póilín Ní Chiaráin agus Áine Ní Bhreisleáin faoin 9ú toghchán do Pharlaimint na hEorpa, a bheidh ar siúl idir an 23ú agus 26ú Bealtaine 2019.

Beidh deis ag 350 milliún saoránach Eorpach 705 chomhalta a thoghadh chun na Parlaiminte agus tá obair dhúchrachtach á déanamh ag na hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha daoine a spreagadh lena vótaí a chaitheamh.

Toghfar trí fheisire (MEP) le bheith ina n-ionadaithe do Thuaisceart na hÉireann agus na páirtithe Alliance, an Páirtí Glas, Conservative, DUP, Sinn Féin, SDLP, TUV, UUP, UKIP uilig ag seasamh, mar aon le hiarrthóirí neamhspléacha.

Cad é mar a éireoidh leo agus cé a bheas mar ionadaithe anseo?

Chuir muid ceist ar na tráchtairí...

Close
Close