Troid Taraifí Trump: cad é atá i ndán d’Éirinn?

Michelle Nic Pháidín

Thuig muid uilig go mbeadh tús áite á thabhairt d’Uachtarán úr Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcinnlínte an domhain ó toghadh é agus aithne fhorleathan ar Donald Trump mar fhear a spreagann deighilt, aighneas, conspóid agus tuairimí láidire i measc go leor den phobal.

Tá ról láidir ag SAM i gcúrsaí trádála agus tá muintir na hÉireann ag baint leas as an chaidreamh atá againn leo thar na blianta, go háirithe ó thaobh trádáil ábhar cogáisíochta de.

Dá dtiocfadh taraifí i bhfeidhm bheadh poist i mbaol anseo sa bhaile agus d’fhéadfadh éifeacht a bheith aige ar chúrsaí cánach na tíre. Bíodh cinnte de go bhfágfadh taraifí rian ar chursaí eacnamaíochta na hÉireann ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Is cinnte go mbeidh an t-ábhar á phlé Lá Fhéile Pádraig má fhaigheann lucht polaitíochta na tíre cuireadh chuig an Teach Bán - ócáid bhliantúil a ghineann sárphoiblíocht ar an dá thaobh den Atlantach.

Ach is é atá ríthábhachtach fán lá seo ná go bhfaigheann polaiteoirí sinsearacha ón tír seo deis cogar a chur i gcluas an Uachtaráin thall maidir le naisc trádála a chinntiú agus a dhaingniú leo agus déantar cás na hÉireann a chur chun tosaigh go mór i gceantair éagsúla ar fud SAM.

Tá sé ráite ag ár dTánaiste agus an tAire Gnothaí Eachtracha Simon Harris go bhfuil sé ag súil le cás na hÉireann a chur chun cinn i Meiriceá i mbliana ach tá seans ann nach bhfaighidh ionadaí ón Rialtas cuireadh chuig an Teach Bán ar chor ar bith. Táthar ag tuairisc go bhfuil feachtasaíocht ar bun ag rialtas Iosrael in aghaidh na hÉireann de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an tír do mhuintir na Palaistíne. Deirtear chomh maith go bhfuiltear ag iarraidh ar rialtas na hÉireann a sheasamh i leith an Bhille Um Chríocha faoi Fhorghabháil a athrú.

Sin ráite, tá an Rialtas dóchasach go bhfaighidh siad cuireadh ach nach gcuirfeadh sé iontas ar bith orthu nach mbeadh an ócáid ar chomhchaighdean le blianta eile.

Beidh le feiceáíl mar sin agus is cinnte nach deifir a bheas ar fhear Chill Mhantáin isteach an doras i ndiaidh dó ‘gowl’ a thabhairt ar Trump agus é faoi agallamh ar 2FM in 2020.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil difríochtaí idir an meon atá ag an chuid is mó de mhuintir na hÉireann agus meon lucht rialtais SAM na laethanta seo agus go bhfuil an bhearna eadrainn ag dul i méid le gairid.

Bíodh sin mar atá, is beag deacracht atá ag Éirinn le SAM i gcomparáid le tíortha eile faoi láthair ar ndóigh. Tá Trump in adharca le Ceanada, le Meicsiceo agus leis an tSín maidir le taraifí agus an chuma ar an scéal go bhfuil cogadh trádála ar na bacáin.

Ní thuigtear go foill cé chomh hard agus a bheas na taraifí a ghearrfaidh Trump ar an Aontas Eorpach ach is cinnte go mbeidh impleachtaí ag an chinneadh orainne in Éirinn, thuaidh agus theas.

Má tá córas ar leith taraifí ann don Aontas agus ceann eile don Ríocht Aontaithe beidh muintir na Sé Chontae agus na contaetha i gceantar na teorann ag smaoineamh ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as cibé difear a bheadh ann, agus cé a bheadh anuas orthu dá bharr?

Close
Close