Concubhar Ó Liatháin
Is iontach an focal é ‘téarnamh’. De réir an fhoclóra, ciallaíonn sé ‘teacht chugat féin tar éis breoiteacht nó drocheispéireas’. Mothaím féin nach leor an míniú sin chun cur síos go hiomlán ar an bhfocal.
In ainneoin chomh duairc is atá cúrsaí faoi láthair agus líon ard básanna is daoine breoite le COVID a bheith á dtuairisciú gach tráthnóna, tá solas le feiscint ag deireadh an tolláin. Níl an solas chomh geal is ba mhaith linn go fóill ach, de réir a chéile, is i ngile a bheidh sé ag dul.
Tá roinnt comharthaí dóchais tugtha faoi ndeara agam le gairid ba mhaith liom a roinnt libh. Comharthaí dóchais iad seo a léiríonn an téarnamh a thuigim atá ag teacht ár dtreo ach chun é a bhaint amach, beidh orainn leanúint ag dul sa treo ceart agus, b’fhéidir, ár gcúrsa a lúbadh anois is arís nuair is gá.
Ní raibh an saol a bhíodh againn ró-olc ar fad ach, ag an am céanna, bhí go leor míchothromais ann agus sin ag luí níos troime ar dhaoine agus ar ghrúpaí thar a chéile. Nuair a deirim gur cheart dúinn ár gcúrsa a athrú anois is arís, táim ag iarraidh rud éigin a bhaint amach sa saol nua faoin solas atá romhainn nár éirigh linn a bhaint amach sa saol ar ár gcúl.
Comhartha dóchais a fheicim ar an mbóthar romhainn go mbeidh saol tuaithe na hÉireann ar shlí éigin níos beoga ná mar a bhíodh. Le tamall anois tá níos mó daoine ag obair ón mbaile agus níl an fonn céanna orthu dul chuig na cathracha is na bailte móra chun obair agus siopadóireacht a dhéanmah. Nuair atá daoine ábalta obair ón mbaile, bíodh sé faoin dtuath nó sna bailte beaga ar fuaid na tuaithe, tuigimid go mbeidh siad ábalta a gcuid airgid a chaitheamh go háitiúil – bia agus deoch agus soláthairtí riachtanacha eile a aimsiú níos gaire don bhaile agus na rudaí móra, bhuel, is cuid dár nádúr anois a bheith ag siopadóireacht ar líne le haghaidh nithe difriúla.
Fógraíodh roinnt beartas le fíordhéanaí a léiríonn go bhfuil na húdaráis ag teacht ar an dtuiscint go mbeidh an saol romhainn difriúil ón saol ar ár gcúl.
Tá reachtaíocht ar an tslí, gealltar, a ligfidh d’fhostaithe obair ón mbaile. Agus seo ag tarlú tá leathanbhannda níos tapúla á leathadh fuaid fad Éireann agus, anuas air seo arís, tá daoine á spreagadh chun a gcumhacht leictreach féin a ghiniúint.
Tar éis na mblianta fada de bhánú agus de mheath na tuaithe, tá athrú ó bhonn ag teacht ar an éagothroime a bhí ann a d’fhág go raibh formhór na hinfheistíochta á dhéanamh sna cathracha, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe. Cá mhéad uair a chualamar fógraí móra á ndéanamh a chuideodh le hoibrithe dul ar obair gach maidin agus filleadh abhaile gach trathnóna - mótarbhealaí, córais bóthair iarainn, lánaí róthair agus eile. An fhaid is a raibh seo ag titim amach, nuair a thiocfadh gearán ó phobal na tuaithe faoin ualach infheistíochta a bhí á dhéanamh sna cathracha tráth go raibh an chuid eile den tír ar an dtrá fholamh, deirtí linn go raibh gá an infheistíocht a dhéanamh san áit a raibh an ghníomhaíocht eacnamaíochta is treise. Is minic a chualathas an argóint go raibh cáin íocóirí Átha Cliath agus, ó thuaidh den teorainn, Béal Feirste, ag íoc as an gcuid eile againn.
Cad a raibh againn mar thoradh air sin? Bhí gach éinne thíos leis – muintir na gcathracha fiú. Bhí orthu íoc go daor as seomraí beaga bídeacha chun dul a luí iontu idir sealanna oibre. Ní raibh bealach éalaithe ón bpurgadóir seo.
Tá foirgnimh le haghaidh oifigí sna cathracha nach léir go líonfar iad le hoibrithe go ceann blianta fada. Tá caiféanna agus bialanna agus éiceachóras tráchtála a bheidh beo ar éigean, b’fhéidir, go dtí go dtachtfar iad ag an easpa tráchtála.
Tar éis an mhéid atá tarlaithe, ní fheicim conas is féidir leis an saol tráchtála fé mar a bhí filleadh sna cathracha. Ní fheicim daoine ag filleadh le himeacht an víris – ní hamháin go mbeidh imní ar dhaoine filleadh go dtí na cathracha nuair is ann a bhí – agus a bheadh amach anseo – an chontúirt is mó ó aicídí tógálacha, ach beidh daoine drogallach agus doicheallach an saol níos suaimhní atá acu anois a mhalartú ar shaol faoi luas agus faoi bhrú na cathrach.
Is cinnte gurb é ár nádúr daonna a bheith ag iarraidh teacht le chéile le daoine eile agus nach bhfuil an port uirbeach seinnte go fóill.
Bhí tráth ann go raibh saol na tuaithe beo bríomhar in Éirinn – bhí solas i ngach teach agus tithe tábhairne lán go doras formhór gach oíche sa tseachtain. Tráth gur bhog mise ón gcathair abhaile tamall de bhlianta ó shin, is cuimhin liom a bheith ag dul amach le m’athair ar son piunt nó dhó cúpla oíche sa tseachtain. Tháinig deireadh leis sin mar gheall ar dhlíthe tiomána agus athrú nosmhaireachta an phobail.
Is ar éigean a fhillfidh an saol sin le himeacht an víris ach chomh beag. Beidh sé deacair daoine a thabhairt le chéile go poiblí go ceann i bhfad tar éis an oiread ama a bheith caite againn agus ár mbeo ag brath ar fhanúint scartha óna chéile.
Ach feictear dom do bhfuil an todhchaí níos gile don saol tuaithe in Éirinn agus go bhfuil an spiorad pobail níos láidre ná mar a shamhlaíomar é a bheith. Is é sin an solas a fheicim ag deireadh an tolláin. Agus is gile atá sé ag éirí de réir a chéile.