Tír Eoghain ar a mbealach go Ceannáras

Damien Ó Dónaill

Is cuma caidé a tharla i gCluiche Ceannais Uladh 2017, bheadh cúig fhoireann de chuid Chúige Uladh fágtha i gCraobh na hÉireann.

Cill Dara agus Baile Átha Cliath as Cúige Laighean, Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin i gConnacht, agus Ciarraí agus Corcaigh i gCúige Mumhan.

Bhí bua maith ag Ard Mhacha ar Thiobraid Árann oíche Shathairn agus fuair Muineachán an bua ar Cheatharlach. Tá Dún na nGall, Tír Eoghain agus an Dún go fóill sa rás. An léargas atá ansin ar láidreacht na nUltach i láthair na huaire?

Ach, an cluiche is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo, imríodh é i gCluain Eois faoi theas na gréine ar an Domhnach.

Níl áit ar bith níos deise ar chlár na cruinne le bheith ná i gCluain Eois ar an lá is mó den bhliain ag na hUltaigh, sin Cluiche Ceannais Peile Chúige Uladh.

Le 6 bliana anuas bhí an turas go talamh naofa an Athar Uí Thiarnaigh i gCluain Eois mar oilithreacht ag na Conallaigh.

Cé nach raibh foireann sinsir Dhún na nGall ar an pháirc inniu, bhí an fhoireann a bhain Craobh Uladh agus Craobh na hÉireann den chéad uair riamh i 1992 ar an pháirc.

Ceiliúradh cúig bliana fichid ar na laethanta órga sin i bpeil Thír Chonaill.

Seo 2017 agus i mbliana is iad Tír Eoghain agus an Dún a chuaigh in adharca a chéile.

Ag tús na craoibhe ní chuirfeá leathphingin ar an Dún a bheith sa chluiche ceannais ach bhí a n-áit tuillte go maith acu.

Inné, faraor, ní raibh ann ach foireann amháin ar deireadh.

Bhí Contae Uí Néill ró-mhaith ag an Dún agus le linn do Sean Cavanagh a bheith i mbun óráide dúirt sé le lucht tacaíochta Thír Eoghain nach raibh siad críochnaíthe i mbliana agus go bhfuil pleananna móra acu.

An bhfuil siad maith go leor le Craobh na hÉireann a bhaint?

I mo bharúil féin, tá siad.

Ach, caithfidh siad Baile Átha Cliath a bhualadh sa chluiche leathcheannais más mian leo a bheith i bPáirc an Chrócaigh ar an tríú Domhnach de Mheán Fómhair.

Is fada an bealach ó Chluain Eois go céimeanna Sheastán Uí Ógáin i gCeannáras CLG.

Ní bhfuair foireann ar bith fá bhúirthe asail de Thír Eoghain i gCraobh Uladh na bliana seo.

Greidimín tugtha acu do Dhoire, do Dhún na nGall agus anois do Chondae an Dúin.

Thiocfadh leat a rá go bhfuil siad i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann gan ach beagán allais caillte acu.

Beidh an Dún sa tarraingt ar maidin den bhabhta deireanach cáillithe agus tá achan seans ann gur foireann as Cúige Uladh a chasfar orthu.

Is iad Ard Mhacha, Muineachán agus Cill Dara a bheidh sa tarraingt leo.

Beidh cluichí thar a bheith suimiúil ansin leis na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Ag amharc chun cinn agus ar na cluichí craoibhe cúige uilig imrithe anois, fanann mo thuar mar a bhí ag tús na bliana, nach bhfaigheadh foireann ar bith an bhua ar Bhaile Átha Cliath ach Tír Eoghain agus caithfidh siad castáil ar a chéile sa chluiche leathcheannais.

Maidir le foirne eile Chúige Uladh, rachaidh na foirne Gaeltachta, Dún na nGall agus Gaillimh, chun damhsa oíche Shathairn seo chugainn agus má éiríonn le Dún na nGall ansin, béarfaidh sin muinín agus misneach iontach don fhoireann óg ag dul go Páirc an Chrócaigh, ach beidh coimhlint ghéar acu le Gaillimh.

As na foirne eile atá fághtha as Uladh, ní fheicim aon cheann acu maith go leor le Craobh na hÉireann a bhaint taobh amuigh de Thír Eoghain

Ag deireadh na dála, is deacair dom foireann ar bith a fheiceáil ag bualadh na Dubs ach tá Ciarraí ag ullmhú leo go ciúin sa Ríocht agus tá Maigh Eo ag teacht bealach an chósta lena n-áit a bhaint amach i bPáirc an Chrócaigh.

Dá mbeadh guna le mo chloigeann anois, déarfainn gur Tír Eoghain a bhainfeas Craobh na hÉireann ach leis sin a bhaint amach tá fir na hArdcathrach le bualadh acu.

Tá muid uilig ag súil go mór leis na cluichí atá le theacht agus beidh plé, anailís, spórt, craic agus cuideachta idir na Gaeil fá pháirceanna glasa na hÉireann idir an dá linn.

Close
Close