Concubhar Ó Liatháin
Níor thuigeas go dtí na cainteanna tubaisteacha Breatimeachta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach an bhrí leis an nath cainte úd, an phraiseach a bheith ar fud na mias.
Ceartóidh mé an ráiteas sin.
Tuigim an bhrí atá leis an nath cainte cé nach bhfaca mé riamh sampla chomh soiléir leis an gcaoi leathbhácáilte atá na Briotanaigh ag dul i mbun na hoibre seo, an tasc is tábhachtaí dár gcomharsana ó laethannta ‘órga’ na himpireachta a bhíodh acu, tráth den saol.
Agus sinn ag plé na moltaí ar mire ag teacht ón mBreatain faoin leagan amach a bheidh ar chúrsaí i ndiaidh an sprioc-ama chun an tAontas a fhagáil, beidh aird ar leith againn ar na moltaí faoin dteorainn ar an oileán seo.
Cúis amháin leis an bhfócas seo go mbaineann an teorainn linne go díreach - cuireann sé isteach ar ár saol go mór.
Cúis eile arís ná go léiríonn sé chomh leathbhácáilte is ar mire atá an bunsmaoineamh de Brexit agus, ar bharr na hamaidí sin, an cur chuige atá acu ina leith.
Tá íomhá fanta i mo chuimhne ón uair ar chonaic mé é ag tús na gcainteanna.
Bhí seisear ag suí chun boird, bord fáda le loinnir air.
Triúr ó fhoireann an Aontais Eorpaigh ar thaobh amháin, triúr d’fhoireann idirghabhálaithe na Breataine ar an dtaobh eile.
Bhí fillteáin mhóra thiubha os comhair fhoireann an AE agus bhí an spás folamh ar an dtábla os comhair ár gcomharsan.
An bhrí a bhain na tablóidí is na nuachtáin Bhriotanacha ar son na Breatimeachta as seo, go raibh a gcuid argóintí de ghlanmheabhair ag David Davis agus a leathbhadóirí.
“Níl gá againn le fillteáin ná taighde ná ullmhúchán,” a scairt an íomhá dom.
“Tá an rud seo chun a bheith simplí agus beidh an saol go breá nuair a bheidh sé déanta.”
An rud a chuir sé seo i mo cheann ná an seanscéal faoin impire a chuaigh os comhair an tsaoil gan ribe éadaí air.
An tseachtain seo caite i dTeach na dTuatach (House of Commons), d’admhaigh David Davis ná raibh an dul chun cinn ar mhaith leis déanta sna cainteanna.
Chuir sé an locht ar an Aontas Eorpach, ach dhéanfadh sé sin nach ndéanfadh?
Mórcheist sna cainteanna seo ná ceist na dteorainneacha, ní an teorainn ar oileán na hÉireann amháin.
Bhí imirce ón Aontas Eorpach chun na Breataine go mór chun tosaigh sa díospóireacht a tharla sna seachtainí roimh an reifreann.
Ba mhaith leis an mBreatain daoine le hardscileanna ríomhaireachta, leighis, airgeadais - “níor mhaith linn daoine ar bheagán scileanna agus daoine a bheadh ag glacadh postanna a d'fhéadfadh ár ndaoine féin a dhéanamh” a bhí á rá acu go bunúsach.
Is iad seo, de réir na hanailíse, an dream is mó a thacaigh le Brexit.
Anois tá sé ráite leo ag lucht tionscail, turasóireachta is talamhaíochta go bhfuil géarghá le hoibrithe na hEorpa chun an obair neamhsciliúil a dhéanamh mar, cé go bhfuil dífhostaíocht sa Bhreatain, níl fonn ar Bhriotanaigh glacadh leis na postanna seo ar chaillíocht íseal - agus pá de réir pinginí.
Is measa arís an deacracht atá ag an mBreatain i dtaca leis an teorainn ar an oileán seo.
Ar feadh na gcianta is ceantar saorthaistil é oileán na hÉireann ach de bharr Breatimeacht/Sasamach, beidh an teorainn idir deisceart agus tuaisceart na hÉireann ina teorainn idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
De réir na moltaí is déanaí ag an RA, ba mhaith leo leanúint leis an gceantar saorthaistil agus, dá bharr sin, tá siad ag áiteamh ar an AE a gcuid rialacha i leith an Aontais Chustaim agus an Mhargaidh Aonair a chur ar leataobh ar mhaithe le socrú nua trialach a chur i bhfeidhm.
De bharr gur Éireannach mise atá sásta leis an AE, den chuid is mó, táim idir dhá thine Bhealtaine.
Cinnte ba mhaith liom go mairfeadh an ceantar saorthaistil ach ní luíonn sé le ciall go mbeadh cead ag an Ríocht Aontaithe gan cloí leis na rialacha a bhfuil gach ballstát ag plé leo agus iad ag baint leasa as an Margadh Aonair is eile.
Sampla é seo de shotal na Breataine, an iar-impireacht ag iarraidh an craiceann is a luach a bhaint as an margadh agus iad den tuairim nach bhfuil seo á thabhairt faoi ndeara againn.
Anuas air sin, ní luíonn sé seo le ciall más Briotanach tú a thacaigh le Breatimeacht mar gheall ar inimirce.
Seo í an Bhreatain ag dúnadh na teorann timpeall ar a ‘mórthír’ ach ag ligint an chúlgheata ar leathadh oscailte.
Tar éis áiteamh an DUP, d’éisigh Rialtas - nó an é Ainrialtas? - Theresa May ráiteas ag cur as an áireamh moladh ciallmhar amháin go mbeadh an teorainn maidir le custam is trádáil á bogadh go Muir Éireann.
Níor mhaith le Feisirí Westminster an pháirtí go mbeadh orthu a bpasanna a thaispeáint ag aerfoirt is calafoirt na Breataine agus iad ag dul chun na hoibre.
Ba mheabhrú a bheadh ann ar an gcinneadh tubaisteach don aontas is gaire dá gcroí, cinneadh a mhol siad do vótairí na Breataine le hairgead a fuair siad ó fhoinsí amhrasacha.
De réir dréachtcháipéisí ón Aontas Eorpach, tá siad ag moladh don RA socruithe ar leith a bheadh solúbtha agus speisialta a chur chun tosaigh chun drochthionchar Brexit ar an dteorainn anseo a sheachaint agus gan cur isteach ar an dul chun cinn atá déanta le scór bliain ón uair ar aontaigh vótóirí ar dhá thaobh na teorann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Is beag an difear idir é seo agus an stádas speisialta don tuaisceart atá á lorg ag SF agus an SDLP, socrú atá á chur in éadan go doicheallach ag an DUP.
Is duine mé atá in éadan na Breatimeachta, go háirithe de bhrí gur vótáil mé i measc an mhóraimh sa reifeann, is é sin gur votáil mé ar son go bhfanfadh an RA san Aontas, an tslí chéanna ar vótáil an móramh ó thuaidh.
Deineann an dithneas atá ar aontachtaithe agus ar Bhriotanaigh an tuaisceart a bhrostú amach as an Aontas Eorpach in éineacht leis an gcuid eile den RA dímheas ar an bprionsabal comhthola a deir nach dtiocfaidh athrú stádais ar an dTuaisceart gan móramh a bheith ar a shon.
Tá an prionsabal sin ina smidiríní anois.
Tá móramh an Tuaiscirt ar son fánacht san Aontas Eorpach ach táimid dár gcur i dtreo an dorais acu.
Is léir go bhfuil an fócas ar an dteorainn ag brostú an lae go mbeidh vóta ann ina thaobh sin.
Tá gach páirtí ó dheas anois ag díriú ar an gceist, agus dhá bhliain ó shin bheadh na páirtithe céanna ag magadh faoi dhaoine a bheadh ag moladh athaontú na tíre.
Anois sin toradh ná raibh coinne ag lucht an Bhreatimeachta leis.
Tá an phraiseach ar fud na mias, gan amhras ar bith, ach is olc an ghaoth nach séideann do dhuine - nó do chúis - éigin!