Teip Shinn Féin: Cad a tharla agus cad a tharlóidh anois?

Teip Shinn Féin: Cad a tharla agus cad a tharlóidh anois?

Ciarán Dunbar 

Liadh Ní Riada agus Lynn Boylan, beirt bhan, beirt a raibh cáil orthu mar pholaiteoirí cumasacha, beirt a bhí saor ó smál na dtrioblóidí – beirt a chaill an suíochán Eorpach s’acu tá trí mhí ó shin anois.

Buille mór do Shinn Féin (SF) agus do Mary-Lou McDonald ab ea é.

  • Thit céatadán SF den vóta sa toghchán Eorpach go 11.7%, titim 7.8% ó bhí toghchán 2014 ann - fuair siad 2.2% níos lú vótaí.
  • Thit céatadán SF sa toghchán áitiúil go 9.5%, titim 5.8% ó bhí toghchán áitiúil 2014 ann – 4.4% níos lú vótaí.

Buille gan choinne 

Ní raibh aon mhíniú ag ceannairí an pháirtí ar cad a tharla, baineadh geit astu. 

Fágann sin cúrsaí níos deacra dóibh – cén dóigh ar féidir dul i ngleic le fadhb nach dtuigeann tú? 

Buaileadh iad ar gach bealach, dul chun cinn na nGlasach, borradh Fhianna Fáil, agus seans láidir go raibh tionchar ag scéalta nuachta a tharraing míchlú ar SF agus ag an tráchtaireacht a tháinig as na scéalta sin.

An lucht oibre

D'fhan cuid mhaith den lucht oibre sa bhaile, ní raibh siad tógtha leis an toghchán agus ní raibh siad tógtha le SF.

Agus ní féidir a rá gur bhain an fhadhb le bunaidhm an pháirtí, léirigh pobalbhreith díreach tar éis na vótála go vótálfadh 65% acu ar son Éire Aontaithe, maidin amárach.

Ní dóigh liom gur thuar tráchtaire ar bith na torthaí sin agus ráithe dá éis sin, níor léigh mé féin aon mhíniú sásúil air. 

Tá sé deacair anailís chruinn a aimsiú maidir le SF - comhairle in aice le do thoil atá i mbunús na tráchtaireachta i dtaca leis an pháirtí.

Tá rud amháin cinnte - beidh an-fhaitíos ar SF agus ar Mary Lou McDonald go háirithe roimh olltoghchán ó dheas sa ghearrthréimhse.

Gerry Adams

Is gné mhór eile den scéal seo í ceannaireacht Mary Lou McDonald, nó chun bheith níos beaichte arís, imeacht Gerry Adams.

Is cuma cad é do bharúil ar Adams, fathach polaitiúil ab ea é.

Tugadh ‘comhairle’ do SF le fiche bliain anuas an ruaig a chur air agus go mbeadh rath ar an pháirtí ina dhiaidh sin ach bhí a mhalairt fíor.

Anois agus é ceaptha mar urlabhra ar Éire Aontaithe, tá sé á thabhairt ar ais ar bhealach – nó an é nár imigh sé áit ar bith? – Tá a fhios agat.

Fianna Fáil

Tá Fianna Fáil (FF) i mbun frithionsaí i gcoinne SF le tamall.

Tá corr-Fhianna Fáileach iontach trodach ar Twitter - cuid den cháineadh, ní dhéanann sé mórán céille nó tá sé míchothrom, ach oibríonn sé.

Déanann FF cáineadh ar SF as gan bheith ag suí in Stormont nó Westminister cuir i gcás – cé nach bhfuil FF soiléir i dtaca leis an seasamh s’acu i leith acht Gaeilge, an bac is mó atá ar fhilleadh an Tionóil.

Fuair SF a vóta is mó riamh tar éis Stormont a tharraingt anuas agus níor chlis ar an vóta ó thuaidh ach is féidir go mbaineann an seasamh sin i dtaca leis an Ghaeilge le cuid den teip ó dheas.

Acht Gaeilge

Tá amhras orm nach dtuigtear cén dóigh ar féidir le páirtí polaitiúil seasamh a ghlacadh ar ‘cheist na Gaeilge’ nuair atá cur i gcéill i leith na teanga mar chuid den DNA polaitíochta.

Tá an chuma air go bhfuileadar dáiríre faoi rud nár cheart a bheith dáiríre faoi agus léirítear an bhunfhíric nach bhfuil an teanga ag Mary Lou McDonald (maíonn daoine eile go bhfuil) nó ag Michelle O'Neill go mion minic.

Níl cuma mhaith air.

Uime sin, an gcaithfear ceist a bheith ann fá cé chomh docht daingean is a bheith SF maidir le hacht Gaeilge tar éis an tsamhraidh?

Tá an scéal a dhá oiread níos casta ná mar a bhíodh óir beidh brú ar SF gan géilleadh mar beidh réiteach ar dhá mhórcheist eile, an pósadh comhghnéis agus dlíthe níos liobrálaí ar an ghinmhilleadh cibé ar bith.

Glacfar isteach trí Westminister iad, mar gheall ar leasuithe na bhFeisirí Stelle Creasy agus Conor Maginn, mura mbeidh athbhunú an Tionóil ann.

Is staid mhaith é seo do SF ach tá drochchuma air ag an am céanna – iad ag cur fáilte roimh idirghabháil na Breataine.

Ach an mbeadh cuid den DUP sásta géilleadh éigin a fheiceáil ó thaobh na Gaeilge chun an ginmhilleadh a stopadh?

An líne dhearg

Tá sé ráite, geallta fiú, ag Gerry Adams nach mbeidh filleadh ar Stormont gan acht Gaeilge - choíche.

Mar sin féin, dúirt SF a leithéid fá dhul suas ann ar chor ar bith tráth.

Tá sé ráite, deimhnithe fiú, ag Arlene Foster nach ngéillfidh an páirtí s'aici d’acht Gaeilge – choíche – agus nach mbeadh siad sásta dul i mbun cainteanna fá dtaobh de fiú.

Mar sin féin, sceitheadh dréacht-chomhaontú leis na meáin ina raibh reachtaíocht teangan go leor ann – acht Gaeilge san áireamh.

Séanann Arlene Foster go raibh comhaontú aontaithe acu agus deir sí nach raibh sé inghlactha ag an DUP.

Creideann tráchtairí áirithe go ndearna an DUP a mhachnamh faoin chomhaontú sin ach nach raibh Arlene Foster ábalta tacaíocht a fháil dó óna pobal féin – mar gheall ar cheist na Gaeilge.

Dála an scéil – dúirt ceannairí ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh go n-íocfadh SF “go daor” as dá síneodh siad suas do reachtaíocht chomh lag is a bhí luaite sa dréacht.

Luann tráchtairí áirithe nach raibh acht Gaeilge ar chlár oibre an chomhrialtais in 2007, 2011 agus 2016.

Is fíor é sin ach tá tacaíocht d'acht Gaeilge ina polasaí ag SF le fada  – cé nach ndearna siad 'líne dhearg' de go dtí 2017, faoi bhrú ag gníomhairí Gaeilge, rud nach luaitear sna meáin Bhéarla.

Tá sé ráite ag poblachtaigh liomsa go mbeadh siad sásta dul ar ais gan acht Gaeilge ach nach féidir leo an DUP a thrust – go n-ionsódh siad an teanga luath nó mall is go mbeadh SF fágtha náirithe.

Comhfhadhb

An fhadhb atá ann don dá pháirtí ná go bhfuil Stormont de dhíth orthu – mar fhoinse chumhachta, airgid is fostaíochta.

Má bhíonn toghchán ginearálta ann i Sasana, is ionann is cinnte go gcaillfidh an DUP an chumhacht s'acu – beidh an Tionól de dhíth orthu chun fanacht ábhartha.

Maidir le SF, tá Stormont de dhíth chun taispeáint gur páirtí normálta freagrach iad – go háirithe agus caint ar siúl fá Éirinn Aontaithe.

Ach cha dóigh liom go mbeidh éinne acu ag géilleadh roimh an 31 Deireadh Fómhair agus Brexit – tá barraíocht éiginnteachta ann.

Tá rud mór eile ann - tuairisc fhiosrúchán RHI – ní bhogfaidh SF ar cheist ar bith go dtí go bhfeicfidh siad cé chomh dona is a bheidh RHI don DUP is do Arlene Foster go háirithe.

Tá cainteanna idir SF agus an DUP ag leanúint ar aghaidh go ciúin i dtólamh áfach – idir an Comhalta Tionóil Conor Murphy is Timothy Johnson (príomhfheidhmeannach an DUP agus duine atá chomh cumhachtach céanna leis an cheannaire).

Cad faoi a bhfuil siad ag caint?

Cad a thabharfadh SF don DUP chun acht Gaeilge éigin a fháil?

Nó cad a ghlacfadh SF chun éirí as an éileamh sin – pacáiste maoinithe? Polasaí teanga rialtais aontaithe?

Más alt fada casta mearbhlach é seo, tá go maith.

Is mar sin atá cúrsaí fá láthair – tá ceo na héiginnteachta ag doiléiriú gach ruda.

Caithfear fanacht le freagraí a fháil ar go leor ceisteanna.

 

Close
Close