Ciarán Ó Pronntaigh
Tá aithne agat orthu. Cairde nó baill teallaigh a dhiúltaíonn an masc a chaitheamh agus iad ag ócáidí nuair a mholtar é. Déanann gach duine againn dearmad ó am go chéile, éirímid dubh dóite den cheirt ar an ghob, ach aithníonn an chuid is mó againn go bhfuil cúis mhaith ann le cloí leis na bearta sláintíochta seo, dúinn féin agus do gach duine eile. Ach seo rud difriúil, rud atá giota beag níos doimhne ná cancracht phearsanta. Tuairim dhaingean atá ann nár chóir géilleadh don rialtas, gabh mo leithscéal, don deachtóireacht, dar leo, atá ag iarraidh gach ceart a bhaint dínn agus atá ag baint leithscéal as COVID le caoirigh a dhéanamh de dhaoine.
B’ábhar magaidh liom é, ar dtús. “Is ea, a chara gaoil, tosaíonn sé le masc ar an aghaidh agus is é an chríoch a bheas leis ná slabhraí ar na géaga”. Léim measartha mór, bíodh geall. ‘Ná géilltear don chomhfhoirmeacht shóisialta’ an mana a bhí ag roinnt léirsithe ar fud na tíre, sa chathair agus fiú sa bhaile bheag.
Thiocfadh leat iarracht den ghreann a thriail ag an phointe seo. Bain triail as ceist mar seo a chur: ‘Cén taobh den bhóthar a d’úsáid tú le dul chuig an léirsiú sin, ar mhaithe le cúis na saoirse, an taobh clé nó an taobh deis?’ Ach aird ar bith ní thugtar ar a leithéid de réasúnaíocht. ‘Tá siad ag iarraidh sclábhaithe a dhéanamh dínn. Múscail!’
Ar feadh m’eolais, agus ní saineolaí mé, tá buntáistí sláinte ag baint le caitheamh masc in áiteanna atá faoi dhíon nó in áiteanna nach féidir fadú sóisialta a chleachtadh. Cuireann daoine áirithe ina choinne sin ag rá go scaipeann an masc an víreas ach níor chuala mé dochtúir ar bith den tuairim seo. B’fhéidir nár thum mé domhain go leor i ndomhan YouTube go fóill.
Rud eile a chuirtear i leith an rialtais go bhfuil caimiléireacht ar siúl acu le cuma níos measa a chur ar na figiúirí de dhaoine a bhfuil an víreas orthu. Ní fíorphaindéim atá ann, i ndáiríre, dar leis an dream béaltarnocht. Ach níl ciall leis an argóint sin. Gach ardú sna figiúirí, cuireann sé an chuma ar an rialtas, thuaidh, theas nó sa Bhreatain, nach bhfuil smacht acu ar chúrsaí. Seans nach bhfuil, leis an fhírinne a dhéanamh.
Má éisteann tú go cúramach leis na daoine is glóraí ag na léirsithe frithmhasc, tabharfaidh tú rud níos tromchúisí faoi deara. ‘Nach bhfuil a fhios agat go dtolgann na cuaillí 5G an víreas?’ ‘Tá Bill Gates ag iarraidh an líon daoine atá beo ar domhan a ísliú go mór trí vacsaíní marfacha a úsáid.’ Go minic, déantar tagairt don ‘stát dlúth diamhair’ a dhéanann fíor-rialú ar an domhan.
Ach cad as a bhfuil na smaointe áiféiseacha seo ag teacht – cé atá á gcraobhscaoileadh? Taobh amuigh de leibhéal ard míshástachta, is cinnte go bhfuil foinsí mímhacánta á dtiomáint chomh maith. Is dream é seo a dhéanann a sheacht ndícheall gan a aghaidh fhíor a thaispeáint ach nuair a chluintear dímheas ar inimircigh agus ar an ‘phósadh mhínádúrtha’ ceangailte leis an teachtaireacht faoi na maisc, thig leat a bheith cinnte de go bhfuil cleasaíocht ar bun ag an eite dheas.
Níl mé ag rá go bhfuil gach duine amuigh ar na sráideanna in éadan na masc ag smaoineamh faoi na ceisteanna seo ach tá iarracht shuntasach chaolchúiseach ar bun leis an mhíshásamh intuigthe atá amuigh ansin a cheangal le clár oibre atá dréachtaithe ag daoine atá ró-bháúil don fhaisisteachas. Sna Stáit Aontaithe, gabhadh baill de mhílíste a raibh plean acu Gobharnóir Michigan, Gretchen Whitmer, a fhuadach. Ná déantar dearmad go ndearna mílíste iarracht seilbh a ghlacadh ar Theach an Stáit mar chuid den léirsiú in éadan bhearta COVID Whitmer roimh an samhradh.
Ar chóir dúinn a bheith buartha in Éirinn, mar sin? Rinne Amárach Research pobalbhreith ar na mallaibh lena fháil amach cén céatadán den phobal ó dheas a chaith masc in áiteanna poiblí. Tuilleadh agus 90% a dúirt gur chaith. Ag cur san áireamh nach féidir le gach duine masc a chaitheamh mar gheall ar chúrsaí sláinte, ní fhágann sin ach líon an-íseal de dhaoine nach gcaitheann an masc. Ag an am céanna, bhí léirsiú eile ag an Pháirtí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn, agus mar is gnáth, bhí círéib ann.
Tá ábhar gearáin againn leis an rialtas, go cinnte. Léiríonn taighde i ndiaidh taighde go bhfuil níos mó agus níos mó de mhaoin an tsaoil i lámha dream beag atá ag iarraidh níos lú de réir a chéile. Níl an córas sláinte ná oideachais, ná a lán eile mar ba chóir agus is gá dúinn troid ar a son. Ach ní chuidíonn an cineál raiméise a chluinimid ón dream atá i gcoinne na masc, faraor.