Tá cuidiú de dhíth ar lucht iarrtha tearmainn

Michelle Nic Pháidín

Léigh mé ar maidin gur maraíodh páiste agus iad ar bád inimirce a bhí ag trasnú Mhuir nIocht ó chósta na Fraince go cósta Shasana.

Dúirt an tAire de chuid na Fraince, Bruno Retailleau, gur satailt cúis le bás an pháiste. Samhlaigh sin, páiste óg ina luí ina chrap ar urlár an bháid agus daoine ina rith agus ina seasamh orthu. A leithéid d’eagla agus de phian sula dtáinig an bás.

Tá sé suarach samhnasach agus níor chóir duinn mar dhaoine glacadh leis go mbeadh eachtraí mar sin ag tarlú. Ní haon scéal úr seo ach an oiread, tharlaigh sé go minic cheana.

Thuairisc an nuachtán Francach La Voix Du Nord gur bhásaigh triúr eile amach ó chósta Calais, chomh maith le duine eile i gceantar Boulogne ar na mallaibh. Agus mé ag scríobh faoin uafás seo tá iarrachtaí ar bonn tarrtháil a thabhairt ar dhaoine go fóill. I mí Mheán Fómhair, chuaigh bád a raibh imircigh uirthi go tonn poill agus bádh deichniúr ban agus beirt ghirseachaí óga a bhí ar bord nuair a stróiceadh an bád as a chéile.

Tuigeann muid uilig go bhfuil na daoine seo ag fágáil a dtailte féin de bharr go bhfuil cogadh, éagóir nó míchothromachtaí ann.

Le gach tubaiste agus tragóid éascraíonn ceisteanna móra agus den chuid is fearr againn tá sé dúshlánach na freagraí atá ar ár gcuid ceisteanna a aimsiú ar líne mar go bhfuil a stiúir féin ag na meáin orthu.

Mar sin, is minic a bhogann muid ar shiúl ó scéal den chineál seo agus téann muid sa tóir ar scéal inteacht eile, scéal atá ní ba fhusa a léamh, níos éadroime ar na céadfaí. Cé atá ag iarraidh a bheith ag léamh fá chogadh i dtír eile i ndiaidh drochlae san oifig?

Tuigim gur furasta fuarchúis a bheith ann ach tá sé ríthábhachtach go ndéanann muid iarracht lámh chuidithe a thabhairt do dhaoine ar uair na práinne, is cuma cén tuigbheáil atá againn ar scéal a dtíre. Is daoine muid agus ba chóir duinn seasamh dá chéile, le chéile, ar son a chéile agus ar mhaithe lena chéile.

Is fiú cuimhneamh chomh maith go bhfuil daoine ag gnóthú as na daoine bochta seo: na gáinneálaithe. Seo daoine nach bhfuil coinsias ar bith acu agus a shaothraíonn airgead as cruatan daoine eile. Cothaíonn éadóchas dóchas iontu. Bíonn daoine bochta mar ábhar trádála acu ar nós feirmeora agus tréad caorach nó tréad muc agus é ag dul chun aonaigh. Tá fuil na ndaoine seo ar mbós a lámh.

Cé go bhfuil mé go mór ar son cuidiú leis na daoine seo atá ag fulaingt, ní  bheinnse ar mhaithe le cead a bhronnadh ar dhaoine a fuaireas ciontach as mí-iompar a dhéanamh ar pháistí isteach sa tír ar an dóigh chéanna. Sin an tslat tomhais atá agam: tar anseo agus fáilte, cónaigh liom, ach má fhaightear amach go bhfuil drochfhéith ionat, sin an doras.  

Ag deireadh na dála, is fiú cuidiú le daoine a bhfuil cuidiú de dhíth orthu ach gan tú féin nó do chlann nó do theaghlach a chur i mbaol. Tuigim go bhfuil go leor drochdhaoine as an tír seo chomh maith atá ciontach as na cóireanna céanna agus churfinn ó dhoras iad chomh maith dá mbeadh deis agam. Mar sin tá mo dhearcadh neamhclaonta agus ar mhaithe le sláinte agus le meabhairshláinte gach aon duine.

Ceist chasta í an cheist seo ach amharcaim air mar seo: cuirim fáilte roimh dhaoine éagsúla, cineálta isteach i mo theach agus i mo thír. Cuideoidh mé a mhéid agus a thig liom le daoine atá ag fulaingt agus a bhfuil tearmann de dhíth orthu. Bás páiste amháin, sa bás de bharraíocht.

Close
Close