Katie Saoidhbh McGreal
Ní minic go mbíonn a fhios againn céard atá ag dul ar aghaidh i saolta daoine eile, fiú na daoine a bhfuilimid an-mhór leo. Ní féidir linn tuiscint a bheith againn ar céard atá siad ag smaoineamh nó conas atá siad ag mothú.
Tá saol inmheánach againn ar fad agus ní minic a deir muid na rudaí ar fad atáimid ag smaoineamh. Go minic bíonn muid ag ligint orainn féin go bhfuil muid ceart go leor. Deir muid ‘go breá’ nuair a chuirtear an ceist ‘caidé mar atá tú?’ orainn. Ní bhíonn muid ag iarraidh ár dtrioblóidí a chur ar dhaoine eile - is beannú atá sa cheist an chuid is mó den am seachas fíorfhiosrúchán faoin gcaoi a bhfuilimid.
Anuas air sin, is minic nach mbíonn muid ag éisteacht lena chéile mar is ceart agus muid i mbun comhrá. Bíonn muid díreach ag fanacht ar an duine stopadh de bheith ag caint le gur féidir linn ár smaointe féin a chur in iúl.
Mar is eol dúinn, tá an saol deacair. Go háirithe faoi láthair. Tá an domhan trí thine agus táimid ag breathnú ar na rudaí uafásacha ar fad atá ag tarlú ar ár bhfóin an t–am ar fad agus is beag smacht atá againn ar na rudaí seo.
Táimid ag foghlaim agus ag feiceáil na drochrudaí atá daoine ag déanamh do dhaoine eile lá i ndiaidh lae 24 uair an chloig.
Agus ansin sa bhaile, tá praghsanna ag ardú ach níl an pá ag ardú, tá fadhb na tithíochta ag dul in olcas, tarlaíonn rudaí deacra in saolta pearsanta daoine.
Táimid ag dul i ngleic le go leor faoi láthair agus mar sin tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh a bheith cineálta lena chéile.
Lig do dhaoine dul romhat sa scuaine sa siopa nuair nach bhfuil ach rud amháin acu, coinnigh an doras oscailte don duine taobh thiar duit, tabhair miongháire don strainséir sin ar an sráid. Níl na rudaí beaga seo deacair ach déanfaidh siad saol duine eile níos fearr, agus seo an t-am le tabhairt fúthu.
Is sa Spáinn atá mé le tamall agus difear amháin atá mé i ndiaidh a aithint i gcomparáid le hÉirinn ná nach mbíonn daoine ag rá ‘haileo’ le daoine eile ar an tsráid anseo. Ní bhíonn siad ag beannú dá chéile ar an tslí chéanna agus iad amuigh, ach tá mé an-sásta a thuairisc go bhfuil mise go fóill á dhéanamh cá bith. Is breá liom miongháire a dhéanamh le daoine anseo agus an t-iontas agus an sásamh a fheiceáil ar a n-aghaidh.
Agus an t-olc ar fad atá sa domhan faoi láthair, teastaíonn cineáltas níos mó anois ná riamh. Mar sin de déan na rudaí beaga, déan meangadh le daoine eile, níl a fhios agat an difear a d’fhéadfadh sé a dhéanamh.