Tá an córas lochtach maidir le hionsaithe ar mhná

Katie McGreal

“Gach lá bíonn scéal ar an nuacht faoi bhean éigin a ndearna fear ionsaí uirthi.”

Is ráiteas é sin ó chara liom faoi Thír na mBascach.

Ní fheiceann muid mórán de na scéalta sin ar an nuacht anseo.

An ea nach dtarlaíonn a leithéid de rud anseo?

An dtarlaíonn sé níos minice i dTír na mBascach?

Ar ndóigh, ní sin atá ann ar chor ar bith.

An rud atá ag tarlú i dTír na mBascach ná go bhfuil mná ansin ag dul go dtí na póilíní agus ag tuairisciú na n-ionsaithe a dhéantar orthu.

Nuair a dhéanann siad sin bíonn nóta sa chóras gur tharla an t-ionsaí sin.

De réir mar a leanann cuid de na hionsaithe ar aghaidh go dtí na cúirteanna déantar tuairisciú orthu sa nuacht.  

D’inis cara dom faoi ionsaí ar leith a tharla di agus an smaoineamh a rith liomsa ná “Ní rud olc é sin. An raibh an ceart agat é a thuairisciú?”

Cinnte gur cheart di é a thuairisciú – níor mhothaigh sí compordach faoin ionsaí agus is leor sin.

Tógadh muid i ndomhan a deir le mná “B’fhéidir go ndearna tú rud éigin len é a mhealladh, b’fhéidir go raibh sé tuillte agat, b’fhéidir gur shiúil tú abhaile leat féin san oíche nó go raibh sciorta gearr ort.”

An fhadhb leis an smaointeoireacht seo ná go gcreideann muidne mar mhná go bhfuil an locht orainn féin, go bhfuil seans ann go ndearna muid rud éigin a mheall an drochiompar seo chugainn.

Is bealach iontach é seo le cumhacht a bhaint ó mhná – muid a chur ag smaoineamh gur muidne an fhadhb agus da réir sin ní bhacfaimid le hargóint ina éadan sin, ní bheidh an mhuinín againn a bheith ag argóint, agus sin an rud atá i ndiaidh tarlú.

Tá eagla ar mhná labhairt amach faoi ‘ghnáthrudaí’ a tharlaíonn dúinn a bheadh mídleathach dá ndéanfaí ar fhear iad mar tá eagla orainn go ndeartar linn go bhfuil an locht orainn féin ach, a mhná uaisle, níl.

Ní dhearna tú aon rud leis an drochiompar sin a mhealladh chugat – is cuma liom céard a tharla, is cuma liom céard a bhí á glacadh agat agus is cuma liom faoi na héadaí a bhí ort – níl an locht ort!

Tá córas lochtach againn sa tsochaí seo.

Má théann mná go dtí na póilíní le scéal faoi ionsaí gnéis nó ionsaí foréigneach ó fhear, cuirfidh siad ceisteanna ort faoi do chuid éadaí agus faoi d’iompar.

Cuirfidh na ceisteanna seo ag smaoineamh thú – an bhfuil an locht orm?

Níor cheart dul chuig na póilíní leat féin.

Glac cara leat, cara a chreideann tú go hiomlán.

Cuirfidh na húdaráis bru ort le fáil amach an bhfuil an fhírinne á hinsint agat.

Tosóidh tú do do cheistiú féin, mar sin glac cara leat a sheasfaidh ar do shon agus déarfaidh gur tharla na rudaí seo duit, fiú nuair nach gcreideann tú féin é.

Faraor, ní mór dúinn seo a dhéanamh mar gheall ar an gcóras atá againn – creidim go láidir go gcaithfimid an córas sin a athrú.

Caithfidh mná na hÉireann tús a chur le tuairisciú a dhéanamh faoi gach ionsaí a tharlaíonn dúinn.

Faoi láthair, féadfaidh na húdaráis a rá linn nach dtarlaíonn mórán ionsaithe ar mhná in Éirinn ach tá a fhios againn nach bhfuil sin fíor.

Níl aon rud ann chun an córas seo a athrú dúinn – tá an córas mar atá ag obair do na daoine atá i gceannas; fir don chuid is mó.

Má táimid ag iarraidh athruithe a fheiceáil sa chóras caithfimid seasamh suas agus troid.

Caithfimid ár nglór a úsáid le léiriú do na húdaráis go bhfuil na fadhbanna seo coitianta anseo in Éirinn.

Tá imeacht á eagrú ag Meitheal na mBan Bhéal Feirste ag Oireachtas na Samhna Dé hAoine 2 Samhain ag 6.30in sa Seomra Torc in Óstán an Gleneagle leis an gceist seo a phlé.

Táimid ag iarraidh tuairimí an phobail – mná, fir agus aon duine idir eatarthu a fháil ar an gceist seo.

Conas is féidir linn tacú le mná na hÉireann agus muid ag dul i ngleic le hionsaithe lá i ndiaidh lae, go ciúin don chuid is mó?

Close
Close