Idir Trump agus éadrom: Súil siar ar 2018

Dónall Mac Giolla Chóill 

Tá sé thart faoin am sin den bhliain arís nuair a iarrann duine soineanta inteacht orm súil siar a chaitheamh ar an dá mhí dhéag atá caite againn ar an tsaol seo.

Deirimse go ndéanfaidh mé amhlaidh, mar go bhfuil saint airgid orm, mar go gcuidíonn airgead leis an duine a chothú agus a bheathú.

Ní admhaím go bhfuil an dá mhí dhéag deiridh caite agam ag déanamh tréaniarracht dearmad a dhéanamh de gach rud a tharla.

Tá cúpla lá caite agam ag iarraidh na mórimeachtaí a sheas amach dom a thabhairt chun cuimhne.

Níor tharla mórán sa saol polaitiúil, agus ní haon bhréag sin: tá muid chomh heolach inniú agus a bhí muid mí Nollag 2017 faoin Bhreatimeacht, ach go bhfuil beagán eolais againn go mbeidh sé chomh dona do gach a mbaineann sé leo.

I gceann 40 bliain, beidh cuid léitheoirí an tsuímh seo (an triúr acu) ag inse dá gcuid garpháistí, madaí no cibé rud beo atá thart orthu faoin ré an Bhreatimeachta, an ré órga sin.

Ní chreidfidh na garpháistí, madaí srl. go raibh a leithéid de ré ann, agus ar an drochuair tuigfidh siad agus, ar an drochuair, creidfidh siad ansin cad chuige an chúis leis an ré dhearóile seo a mbeidh siad ag maireachtáil ann.

Caithfidh mé a admháil go bhfuil meas beag ag fás ionam ar Theresa May.

Ach amháin go bhfuil praiseach á déanamh aici agus gach a mbaineann léi ar an oileán thall, agus ar a laghad 10 de leathdhaoine (cúigear mar sin?), d’fhéadfadh an meas a bheith agam uirthi is a thiocfadh a bheith ag fear ar Mhín an Chladaigh -ná luaigh muintir Bhun an Leaca anseo, tá dlíodóirí aimsithe acu.

Ach tá sí righin, nó rabhar sa réasún mar a déarfadh mo mháthair.

Tá sí ag seasamh an fhóid, amháil agus nach raibh ach fód amháin fágtha sa tír, agus chaill sí beagnach an oiread céanna baill rialtais le bliain anuas agus a chailleann Donald Trump i seachtain.

Níl a fhios ag duine ar bith amach romhainn cén tionchar a bheas ag Brexit ar an tírín bheag seo againne, is cuma cén t-ainm a thabhairfidh tú air.

Tá bagairt ann go mbeidh £7 le híoc le dul ó Oirthuaisceart Uladh, na Sé Chontae, Tuaisceart na hÉireann, Tuaisceart Éireann, Ar Wee Pravince srl. go Tír Chonaill.

Tá Leo Varadkar agus Simon Covney i ndiaidh bliain a chaitheamh agus mothú acu nach raibh ariamh go dtí seo - is é sin go bhfuil cumhacht de chinéal inteacht acu, agus tá siad ag baint lánúsáid as, agus de réir cosúlachtaí níl caidreamh ró-mhaith idir Leo agus Theresa, bhuel sin ar a laghad atá i gcoitinn ag Theresa leis an chuid eile den chine daonna.

Anuraidh, chomh maith, vótáil muintir na Sé Chontae is Fiche le réitigh a fháil den Ochtú Leasú de Bhunreacht na hÉireann.

Tá dhá bhealach le hamharc air seo. An chéad bhealach ná go bhfúil na 26 Chontae i ndiaidh, giota ar ghiota, theacht níos cóngaraí don abaíocht, nó, ar an dara bealach, go bhfuil tromlach de mhuintir an Daorstáit i bhfách le dúnmharú roimh bhreith.

Agus seo ceist nach bhfuil mé chun cíoradh anseo mar sin an t-aon dóigh ar féidir liom cairdeas a choinneáil. Tá daoine ann atá glan in éadan na tuairime atá agam féin, agus ar an cheist seo, fanfaidh mé i mo thost.

Bhí ráflaí ann níos luaithe i mbliana go mbeadh reifreann eile ann le réitigh a fháil d’Airteagal 41- 2 1°. Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.

Sea, creid é nó ná creid, tá a leithéid i gcló sa lá atá inniu ann.

Cuireadh crainn chun bás lena leithéid a fhoilsiú, agus muid ag cur tús le 2019, tá a leithéid i ndlí na 26 Chontae.

Ach cuireadh an reifreann sin siar go dtí an bhliain seo - níl muid, de réir cosúlachtaí, réidh go fóill le seo a athrú.

Le bliain anuas, mar an gcéanna leis an bhliain anuraidh, agus le gach bliain ó stad cuid againn ag luascadh ó chrann go crann, fuair daoine bás.

Is beag seans ariamh go mbeadh daoine buartha agus ag amharc siar go fonnmhar ar shaol duine ar nós George H.W. Bush, agus ag rá gur duine breá a bhí ann, ach amháin trí chomparáid a dhéanamh leis an duine a shuíonn ina chathaoir sa lá atá inniu ann.

Chóir a bheith go mbeadh cumha ort i ndiaidh H.W. nó duine ar bith a chuaigh roimhe nó a tháinig ina dhiaidh, ach ab é go bhfuil Donald agat.

Agus caidé a thig a rá faoi Donald?

Ar an drochuair tá líon m’fhocal scroichte agam, agus fágfaidh muid aige sin é.

Bliain úr agus Breatimeacht faoi shéan agus faoi mhaise daoibhse triúr a léann seo.

Close
Close