Sú na Gaeltachta

Fearghal Mag Uiginn

Ag sú na gréine agus ag sú na peile a bheas muintir na nGaeltachtaí arís eile inniu ar na Méilte, Tír Chonaill.  

Ó bhí an Aoine ann baineadh sú as tobar an dúchais le ceol, comhrá agus siamsaíocht istigh san ollphobal is amuigh. Ceol a thógfadh an croí – Polka 4, Clann Mhic Ruairí, Mairéad Ní Mhaonaigh, Cathal Ó Cuireáin agus Blunderbrau!  

Thug Cumann Naomh Muire, Íochtar na Rosann, sú a chroí dá raibh ann ag Comórtas Peile na Gaeltachta le trí lá anuas agus ardmholadh amach is amach tuillte ag an chlub as an fhéile a eagrú go snasta slachtmhar.  

Dá fheabhas an chuideachta, meastar gur ar an pheil amháin a bheas an aird ar fad inniu agus buaicphointí an chomórtais amach romhainn ar na Méilte. Ceithre chluiche ceannais náisiúnta in ucht na Gaeltachta.

Ar a deich a chlog ar maidin a imreofar cluiche ceannais sóisear na mban idir An Clochán Liath agus Mícheál Breathnach agus is ar an mheánlae a thabharfaidh An Tearmann agus Maigh Cuilinn aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais sinsir.

Cluichí ceannais na bhfear a bheas ann tráthnóna agus is ar a dó a chlog a rachfas Cill Chomáin agus Gaoth Dobhair in adharca a chéile. Ansin, ar a ceathair a chlog, beidh an cluiche mór ceannais sinsir ann idir Bhulf Tón agus Naomh Conall. Tráchtaireacht ar achan chluiche acu idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4.

10.00 - Sóisear na mBan: An Clochán Liath v Mícheál Breatnach

12.00 - Sinsear na mBan: An Tearmann v Maigh Cuilinn

14.00 - Sóisear na bhFear: Cill Chomáin v Gaoth Dobhair

16.00 - Sinsear na bhFear: Bhulf Tón v Naomh Conall

Féasta peile agus iomaíochta a mheall clubanna as na ceithre hairde. An ghaoth aniar aneas aduaidh (mar a cheol Polca 4 inné le cuidiú ó Néilí!) agus anoir a sheol ann iad - Lios Póil, an Rinn, na Gaeil Óga, Gaeil Fhánada, Cárna Caiseal, Béal na Mhuirthead, Cill tSéadhna, Clann na nGael, Béal Átha Ghaorthaidh, An Ghaeltacht, Naomh Anna, Cill na Martra.

Agus dorn san aer do na Gaeil as Béal Feirste – Laochra Loch Lao. Bhí dáimh mhór ag na Gaeil a chuaigh rompu leis an taobh seo tíre, na méilte agus Rann na Feirste. Baineadh sú as tobar na Gaeilge ar chasán na Gaeilge a d’fhág casán siar ag Laochra Loch Lao le cur chun páirce ag Comórtas Peile na Gaeltachta arís.

“Nuair a thigeadh teas an tsamhraidh, is na laetha fada breá... is níorbh fhada liom an lá.”

Ceol áitiúil a chualathas arís inné agus a tháinig isteach fíor fá chomórtas na bliana seo, gach rud mar a d’iarrfadh do bhéal é a bheith. Ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach ar an ullmhúchán a rinne Cumann Naomh Muire do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023.  

Ní raibh Naomh Muire féin ach scread asail ó chluiche ceannais a bhaint amach; cumann nár saolaíodh go dtí 1980 cé gur cuireadh fréamhacha sa cheantar roimhe sin agus foireann ag Rann na Feirste.  

Inniu tá tarraingt ag daoine as an Mhullach Dubh, Ceann Caslach, Loch an Iúir, Anagaire agus as an Chéideadh ar an chlub, chomh maith leis an láthair ina bhfuil an t-aicsean ar fad, an Mullach Dearg. Trí chéad oibrí deonach a chuir snas ar chúrsaí, trí pháirc peile in úsáid, aon fhoireann is fiche páirteach agus níos mó ná ceithre mhíle cuairteoir.

Ach is annamh a bhíonn deireadh gach eolais ag lucht eagraithe! Tháinig cluichí móra idirchontae salach ar chúrsaí, rud nach bhfuil neamhchoitianta. Is trua nach dtiocfadh leis an pheileadóir ildánach agus píobaire, Éamon Óg Ó Donnchadha, imirt le Clann na nGael sa chomórtas sóisir ar an Satharn. I pPáirc an Chrócaigh a bhí sé le foireann iomána na Mí, áit ar aimsigh sé trí chúilín sa bhua ar Dhoire le Corn Uí Rinn a thógáil. Le dhá chúilín a bhuail Lios Póil Clann na nGael!

Bhí Dún na nGall gnóthach inné i mBealach Féich agus triúr ó Naomh Conall ar an pháirc ag pointe amháin sa chluiche craoibhe in éadan Doire – Ciarán Mac Thomáis, Odhrán Ó Dochartaigh agus Seaic Mac Ceallbhuí. Beidh cogar mogar ar siúl anois fá na Méilte cé acu a ligfear do na himreoirí contae páirt a ghlacadh sa chluiche ceannais sinsir inniu in éadan Bhulf Tón nó nach ligfear? Beidh le feiceáil ar a ceathair a chlog inniu.

Is tábhachtaí ná riamh Comórtas Peile na Gaeltachta, deoch íocshláinte í sú na Gaeltachta ag Gaeil agus ardú meanman – cuisle, anam is croí Chumann Lúthchleas Gael ag preabadh go beo beathaíoch ar na Méilte.

“A mhéilte Cheann Dubhrann, sibh ‘thógadh domh cian, tráthnóna sa tsamhradh nuair a luíos an ghrian.”

Close
Close