Spéir Ghorm


le Ciarán Ó Pronntaigh

Cé a thuigeann an rud a bhíonn ag dul thart ar intinn duine eile? Sin an smaoineamh a rith liom nuair a chuala mé an scéal go raibh an Taoiseach, Leo Varadkar, le héirí as. Seans go bhfuil mé ag léiriú m’aoise anseo ach d’amharc mé ar Leo mar dhuine de na gunnaí nua sa pháirtí, daoine a tháinig i gcomharbacht ar Enda Kenny in 2017. Leo agus an bheirt Simon, Coveney agus an Taoiseach nua, Harris. Tá Varadkar óg go fóill agus tháinig a imeacht aniar aduaidh orainn.

Is annamh a bhíonn deis ag polaiteoirí imeacht ó shaol na polaitíochta ar a gcaoithiúlacht féin. Mheas muid, ag an tús, gur éirigh le Nicola Sturgeon é a dhéanamh in Albain, ach níorbh fhada gur tháinig an drochphoiblíocht amach faoi airgead an SNP. An amhlaidh go bhfuil scéal le teacht amach faoi Leo go fóill? Is cinnte nár mhaolaigh sé na ráflaí leis an ráiteas a bhí aige an tseachtain seo caite, ag tabhairt le fios gurbh fhéidir go dtiocfadh rud éigin amach ach nach gá aird ar bith a thabhairt air. Hmm.

Seachas Sturgeon, b’fhéidir gurbh é Brian Cowen an eiseamláir is fearr sa chás seo. D’éalaigh Cowen in 2011, go díreach sular thit an tóin as a pháirtí le linn ceann de na géarchéimeanna is measa dá raibh ann i stair an stáit. Ar inis instinn pholaitiúil Leo dó gur mithid imeacht sula dtarlódh a leithéid dá pháirtí féin? Má fhágtar olltoghchán 24/25 i lámha Simon Harris, ní bheidh smál ar bith ar Leo agus beidh seans aige post seascair a fháil ar bhord corparáideach éigin. Ach má amharcaimid go géar ar an stair, is follas go raibh seisean ag an roth stiúrtha nuair a tháinig meath nach beag ar vóta Fine Gael. Is siomptóm den mheath sin é gur ghá comhrialtas a dhéanamh in 2020 idir dhá pháirtí an Chogaidh Chathartha.

Agus fágadh a rian ar an pháirtí. Ní hé Leo an t-aon duine a chuala feadóg an réiteora. Go dtí sin, d’fhógair chóir a bheith aon trian de na TDanna reatha nach mbeadh siad ag iarraidh teacht ar ais agus níor tháinig deireadh leis an rabharta le himeacht Leo ach oiread. Tuigeann siad chomh maith is a thuigeann an lucht vótála nár tháinig deireadh leis na fadhbanna tithíochta ná sláinte atá ag dó na geirbe ag an tír ar fad agus ní cosúil go bhfeicfidh muid faoiseamh ar bith roimh an olltoghchán ach oiread.

Thug reifreann na míosa seo deis do dhaoine a míshástacht a chur in iúl gan mórán dochair a dhéanamh, agus beidh deis eile acu i mí an Mheithimh leis na toghcháin áitiúla agus na an toghchán Eorpach. An gcuirfidh corónú Simon Harris stop leis an mheath sin? An bhfuil gach duine sa pháirtí ar bord? Cén seasamh a bheidh ag Simon Coveney agus Helen McEntee sa réimeas nua? Tá an clog ag ticeáil . . .

Cé go léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil creimeadh beag ar vóta Sinn Féin, níl an vóta sin ag dul chuig Fine Gael ná do cheachtar de na páirtithe rialtais eile. Ar an drochuair, tá na daoine atá glórach ar cheist na hinimirce ag éirí níos glóraí gach lá agus cuid acu ní bhacann siad mórán leis an chlaonadh chiníoch a cheilt. Ní le leas na mórpháirtithe é an claonadh seo a fhad is nach ndéanann ceann ar bith acu iarracht teacht i dtír air.

Agus Simon Harris ag seiceáil uillinneacha an cheamara in oifig an Taoisigh dá chéad fhíseán TikTok eile, ní dóigh liom go mbeidh fonn mór air imeacht go róluath. Má tá seans ar bith aige leas a bhaint as an ‘athshocrú’ a d’fhógair sé in Áth Luain Dé Domhnaigh, beidh am de dhíth air. Ach an mbeidh an rogha aige? Ná déantar dearmad go bhfuil Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas ann chomh maith. Ní raibh sé sa script go mbeadh Simon Harris ina Thaoiseach agus tá stair mhíshásúil ag Fianna Fáil leis an duine chéanna. Cé a bheadh amuigh orthu dá socródh siad lá éigin imeacht ón chomhrialtas agus olltoghchán a ghairm? Thit an spéir ghorm anuas Dé Céadaoin. Déanfaidh Simon Harris a dhícheall ach beidh an saol polaitiúil i bhfad níos corraí i mbliana.

Close
Close