Louise Smith
É a athrú nó gan é a athrú, sin í an cheist mhór do mhná ár linne atá ar tí pósadh.
Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht é an sloinne agus, dá bharr sin, éiríonn sé níos deacra é a athrú de réir mar a théimid in aois.
Ar ndóigh tá nós saibhir sa Ghaeltacht a úsáideann na hainmneacha baiste chun an nasc teaghlaigh a chaomhnú ach lasmuigh den Ghaeltacht is é an sloinne an comhartha clainne is coitianta.
Sula bpósann bean léiríonn a sloinne an nasc teaghlaigh atá aici, an ceangal idir í féin agus a muintir, agus tuigim féin go maith cad chuige a gcoinníonn cuid mhór ban a sloinnte féin sna laethanta seo.
Cé nach n-athraítear an caidreamh idir an bhean agus a clann an oiread sin i ndiaidh di pósadh, cailltear an tsiombail láidir a bhí aici le blianta.
“Is mise Louise McCreesh,” a d’inis mé do dhaoine ó bhí mé ábalta labhairt.
Anois, agus mé 38, tá sé an-aisteach domh ag rá gur mise Louise Smith.
Mothaím go bhfuil mé ag inse bréige nó ag déanamh calaoise agus mé ag síniú le m’ainm úr.
Ar ndóigh ní rud úr é seo do mhná.
Sean-nós atá ann a léiríonn go bhfuil bean i ndiaidh pósadh, gur ball í anois de chlann a fir chéile.
Chuala mé fear ag rá le déanaí nár cheistigh sé an nós seo go dtí go raibh a iníon féin le pósadh agus nár thaitin sé leis go mbeadh sí “ag bogadh” ó chlann s’acu go clann eile.
Ar ndóigh, ní bhímid ag bogadh i ndáiríre agus mothaím chomh ‘Creesheach’ inniu agus a mhothaigh mé trí mo shaol ar fad.
Ach rinne mé cinneadh sular phós mé m’fhearsa.
Rinne mé mo mhachnamh air agus bheartaigh mé gur mhaith liom an sloinne céanna a bheith ar an bheirt againn.
Má bhíonn páistí againn nó muna mbíonn, ba mhaith linn beirt ár bhfoireann bheag féin a bheith againn agus an sloinne céanna orainn beirt.
De bharr nach raibh seisean sásta m’ainmse a thógáil – samhail a leithéid! – bhí orm m’ainm a athrú.
Tchítear go leor ban ag coinneáil a sloinne féin i ndiaidh dóibh pósadh agus tuigim cad chuige go huile is go hiomlán.
Tá aithne agam ar go leor ban nár athraigh ar chúis phraiticiúil mar gheall ar dhea-cháil phroifisiúnta chomh maith le mná ar mhaith leo an comhartha clainne a choinneáil lena muintir féin.
Tchítear fosta na sloinnte dúbáilte ag éirí níos coitianta in Éirinn le tamaill.
Bíonn siad snasta go maith le sloinnte Sasanacha – i gcás Baron Cohen, nó Bonham Carter mar shampla.
Ach cad faoi “de Barra de Buitléir” nó “Mac Cartain Ó Cobhthaigh”?
I mo chás féin, ní bheinn ábalta “Is mise Louise McCreesh Smith” a rá gan gháire agus cé go raibh an fhéidearthacht ann an dá shloinne a nascú le chéile go ‘Smicreesh’, d’aontaigh muid gurbh fhearr dúinn ainm amháin a roghnú!
Diomaite den trioblóid uilig a bhaineann le sloinne a athrú go hoifigiúil – na cártaí bainc, an pás, an ceadúnas tiomána agus leis an iliomad liostaí seoltaí ar líne – tarlaíonn athrú níos doimhne, níos pearsanta i ndiaidh do bhean a hainm a athrú.
San áit inar tógadh mé in Ard Mhacha Theas úsáidtear frása beag sa Bhéarla “she’d be [sloinne] to her own name”, rud a léiríonn nach ndéanann an pobal dearmad ar an nasc idir bean agus a clann féin go deo.
Ní dóigh liom go ndéanann mórán ban dearmad ar an cheangal clainne ach an oiread agus tá mé cinnte go gcoinneoidh mé an chuid Creesheach beo ionam féin i gcónaí.