Ciarán Ó Pronntaigh
‘Polaiteoirí neamhéifeachtacha’ is cúis leis na falscaithe scáfara atá ag alpadh Los Angeles le seachtain. Ní duine é Donald Trump a úsáideann focal amháin más féidir leis fiche a fháil isteach, ach léirigh an ráiteas gonta seo cuid mhaith faoina bhfuil i ndán do na Stáit Aontaithe agus don Domhan amach anseo.
Ní chreideann Trump, ar ndóigh, gurb é seo an dara babhta sa Teach Bán aige. Lean sé leis ina Theach Bán féin i Mar-a-Lago, ag bailiú nirt, ag bualadh le ceannairí idirnáisiúnta agus ag déanamh margaí leis na toicithe móra amhail is gurbh eisean an tUachtarán le ceithre bliana anuas. Agus níor stad sé den tsíorchogaíocht ar a chuid naimhde sa Pháirtí Dhaonlathach agus taobh istigh den pháirtí ar ghlac sé seilbh air chomh maith.
Seans go sílfí go mbeadh spiorad níos flaithiúla aige anois agus é i ndiaidh rás na hUachtaránachta a bhaint agus go mbeadh lámh an chairdis á síneadh amach aige. Ní hea – an freagra a bhí ag Trump ar an tubaiste nádúrtha is measa sa tír ná na Daonlathaithe a ionsaí. Ceann de na gearáin ba mhó a bhí ann nach raibh go leor uisce sna hiodraint dóiteáin. Go cinnte, bhí líomhaintí á ndéanamh go raibh ciorruithe móra i mbuiséad na Rannóige Dóiteáin agus go raibh míbhainistiú uisce ann ach níl ach méid áirithe is féidir a dhéanamh in éadan olldóiteáin. In ionad cuidiú, is fearr leis an Uachtarán nua uisce a tharraingt ar a mhuileann féin.
Baineann cuid de neart na bhfalscaithe in Los Angeles le hathrú aeráide agus, cé go bhfuil an carr ina rí in LA, tá polasaithe sách forásach ag California maidir le téamh domhanda. Tá an Gobharnóir, Gavin Newsom, agus an stát, i dtús cadhnaíochta ina gcuid iarrachtaí fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn agus le haschuir dé-ocsaíde carbóin a mhaolú. Tá gráin ag Trump ar na polasaithe seo agus gheall sé dá chuid cairde ola go ndéanfar olldruileáil ar a chéad lá in oifig.
Ar an drochuair, tá an cogadh seo idir lucht na héiceolaíochta agus lucht na hola á throid anois ar shráideanna Los Angeles. Ní gá go mbeadh cuid ar bith de na líomhaintí a dhéanann Trump in éadan lucht riartha na cathrach fíor, níl uaidh ach go ndéantar iad a mhaslú agus beag a dhéanamh de na polasaithe forásacha s’acu. Agus níl sé leis féin sa troid seo nó tá cara nua aige, Elon Musk, a phumpálann amach bolscaireacht ar a shon ar bhonn laethúil. Ionsaithe pearsanta gan bhunús cuid mhaith de na postálacha a dhéantar ar a ardán X ach is cuma, a fhad is go leantar de chlár polaitiúil an fhuatha.
Dé Domhnaigh, chuir an Gobharnóir cuireadh roimh Trump teacht chuig an chathair le seasamh gualainn le gualainn leis na daoine. Cé go raibh Méara LA, Karen Bass, ag déanamh mór is fiú den seans go mbeadh ionchur dearfach ón rialtas nua, thug a glór le fios ag preasócáid an lá céanna nach raibh sí ag tnúth le freagra luath. Beidh le feiceáil an dtiocfaidh an tUachtarán nua chuig an chathair in am an ghátair, nó an bhfanfaidh sé seachtain nó dhó eile, má thagann sé ar chor ar bith.
Tá na rudaí seo tábhachtach nó tugann siad barúil mhaith dúinn ar an chineál cur chuige a bheas ag an rialtas nua. Níl sna ráitis ghránna is déanaí maidir le Panama, an Ghraonlainn agus fiú Ceanada ach léiriú eile ar an dhóigh mhaslach a mbeidh sé ag plé le cúrsaí idirnáisiúnta chomh maith. Tá cogadh trádála geallta aige, rud a chuirfidh isteach ar gheilleagar an Domhain. I gcásanna mar sin, is é an duine cothrom a bheas thíos leis i gcónaí, ní na hurraitheoirí móra.
Más maith linn léaró beag sóláis a bhaint as an scéal is ea nach ndéanann Trump mórán iarrachta a bhunmhianta a cheilt. Mar a deir an seanfhocal, is maith an aire an fhógairt.