Siopadóireacht na Nollag: an tú 'Ultán Ullmhaithe' nó 'Neansaí an Nóiméid Deiridh'?

Michaeline Donnelly

Cúpla seachtain ó shin, chuala mé fógra raidió ag tairiscint margaí maithe don té a fhágann siopadóireacht na Nollag ‘chuig an nóiméad deireanach’. Níor mhaith liom a bheith i mo ‘ghrinch’ anseo, ach ní raibh mí na Nollag fiú bainte amach againn!

Léiríonn taighde go gceannaíonn fórmhór na ndaoine na bronntanais ag deireadh mhí na Samhna (31%) nó sa chúpla seachtain díreach roimh an Nollaig (26%) i gcomparáid le 9% a cheannaíonn rudaí le linn na bliana.

Ar ndóigh, muna bhfuil gach rud ceannaithe ar líne tá gach seans nach mbeidh an dara rogha agat i mbliana ach dul amach sna leathanta agus sna seachtainí díreach roimh an Nollaig. Ach an drochrud amach is amach é an tsiopadóireacht a fhágáil chuig an bhomaite deiridh?

Tá cuimhní maithe agam féin ó laethanta m’óige ar dhul isteach go Baile na hÓmaí Oíche Nollag le mo dhaidí is mo dheartháir, is ag caitheamh an lá ar fad ann, ag dul ó shiopa go siopa ag sú isteach atmaisféar na Nollag. Thaitin sé go mór liom ag an am. Go fóill is maith liom dul isteach ann ar an lá sin, ach n’fheadar anois an mbeinn chomh compórdach céanna ag fágáil gach rud go dtí an lá deireanach!

Cosúil le go leor daoine eile, tá an-iarracht déanta agam i mbliana tacú le gnóthaí áitiúla (seachas níos mó airgid a chur i dtreo phócaí mo dhuine), agus tá go leor machnaimh déanta agam ar na cineálacha bronntanas a fhaighim do dhaoine. Is maith linn ar fad péire deas stócaí, coinnle nó salann folctha a fheiceáil sa stoca maidin Nollag, ach léiríonn na rudaí beaga pearsanta go bhfuil iarracht déanta agat, agus go bhfuil aithne cheart agat ar an duine.

I ré seo na dianghlasála, mothaím go bhfuil sé i bhfad níos fusa sin a dhéanamh ar líne (corruair agus mé i mbun ghlaoch Zoom) ná mar atá san ‘fhíorshaol’. I mo cheantar féin, is siopaí móra sraithe iad tromlach na ngnóthaí, seachas gnóthaí beaga teaghlaigh.

Ach é sin ráite, tá roinnt buntáistí leis an siopadóireacht ag an nóiméad deireanach:

Tá gach seans ann go bhfaighfidh tú margadh maith. Tá scéalta cloiste ag gach duine againn faoin duine randamach sin (fear, de ghnáth) a fuair teilifís úrnua ag lacáiste 90%! Ach bíonn an baol ann i gcónaí go mbeidh an rud speisialta sin a raibh tú ag coinneáil súil air le míonna anuas díolta amach.

Fosta, má cheannaigh tú bronntanas nach bhfuil fóirsteanach, is fearr an seans go nglacfaidh na siopaí ar ais é ná dá mba rud é gur cheannaigh tú i reic an tsamhraidh é!  

Má tá a fhios agat cad é go díreach atá tú ag iarraidh, thig leat dul isteach is amach as na siopaí sin gan mórán stró! Tuigim ó mo thaithí féin nuair a bhíonn brú orm bronntanas a cheannach, ní bhím i bhfad ag déanamh cinntí!

Le cuidiú leat an deis a thapú, is fearr dul isteach le plean; cad é go díreach atá tú ag iarraidh do gach duine, an buiséad atá ar intinn agat, agus bíodh bárúil agat ar uaireanta oscailte na siopaí. Bí réalaíoch fosta! Má tá tú ag súil le PS5, Baby Yoda agus LOL Dolls a fháil ar leathphraghas Oíche Nollag, seans go mbeidh díomá ort!

Cibé rud a dhéanann tú, bí ciallmhar faoi. Cuimhnigh go mbeidh gach bronntanas ag teacht amach as pá mhí na Nollag, agus go mbíonn mí Eanáir iontach fada!


Close
Close