Ciarán Ó Pronntaigh
Ar amharc tú ar sheó taraifí Trump Dé Céadaoin? Seó a bhí ann go cinnte, le frapaí agus corrscéal grinn nach raibh, i ndáiríre, chomh greannmhar sin. Dá n-íocfá isteach dó, seans maith go mbeifeá ag éalú ag an chéad sos. Ach faraor géar, níl aon éalú ó ord nua Trump, agus ní raibh sos ann ach oiread.
Gach focal binn dár tháinig óna bhéal, chosnódh sé na billiúin dollar ar thíortha ar fud an domhain, gach scéal thairis, scrios sé saol na milliún duine sa seó uafáis seo. Bhí aisteoireacht ann chomh maith – Trump agus na Stáit Aontaithe mar an t-íospartach bocht. Chaoin sé an éagóir a bhí á déanamh ar na Stáit thar na blianta, na billiúin dollar a bhí á sciobadh uathu i lár an lae ghil. Agus, ar eagla nár thuig muid na figiúirí a bhí á spalpadh aige, bhí léaráid mhór ina ghlac le gach rud a mhíniú.
Úsáidim an focal ‘míniú’ sa chiall is leithne nó ba léir nach raibh bunús ar bith leis na figiúirí. Ba thearc an líon eacnamaithe a bhí sásta an beart seo a chosaint murab ionann agus an beart féin a thuigbheáil. Taraif de 20% ar an Aontas Eorpach agus 10% ar an Ríocht Aontaithe. Agus taraifí suas go 50% ar thíortha eile an domhain. Bhí an oiread sin díograise ar Trump agus na frith-státseirbhísigh a oibríonn dó gur chuir siad taraifí ar áiteanna nach raibh fiú daoine ina gcónaí iontu. Ar an drochuair, buailfidh an beartas nua seo Éire go trom, go háirithe má bhítear chomh dian ar thionscal na cógaisíochta agus a bhí ar thionscal na monaraíochta carranna an tseachtain seo a chuaigh thart.
Cúlú eacnamaíochta an toradh ba choitianta a thuar tráchtairí agus níorbh fhada go dtí go raibh an freagra airgid ó na stocmhargaí ar fud an domhain. Isteach is amach ar thitim de 5% trí chéile mar aon le cailliúintí dar luach na trilliúin sna Stáit féin. Bhí na taraifí an-dian ar chomhlachtaí mar Apple a dhéanann a chuid gaireas i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Beidh le feiceáil anois an é sin an deireadh leis an titim nó an mbeidh tubaiste dhomhanda cheart ann, an ‘Trumpchúlú’ mar atáthar a thabhairt air.
Thiocfadh linn iarracht a dhéanamh teacht ar réasúnaíocht don ionsaí seo ar chóras tráchtála an domhain ach an fiú é? Go bunúsach is bulaíocht ar an mhórchóir atá ar siúl ag Trump. Ar bhealach, thiocfadh leat argóint a dhéanamh gurb é seo an seans deiridh a bheas ag na Stáit buntáiste a bhreith as an stádas príomhúil atá acu i ngeilleagar an domhain. Diaidh ar ndiaidh, tá an stádas sin á chreimeadh agus tá an tSín agus tíortha eile BRICS - an Bhrasaíl, an Rúis, an India agus an Afraic Theas - ag teacht le chéile níos dlúithe agus beidh siad ina ndúshlán láidir do cheannas Washington. An é seo buille deiridh an dollair ag iarraidh an taoide a thiontú?
An rud a stopann bulaí sa chlós scoile i gcónaí ná seasamh suas dó. Ar an drochuair, ní d’acmhainn ag gach tír an méid sin a dhéanamh agus taraifí dá gcuid féin a chur ar tháirgí Meiriceánacha. Cé gur chuir Trump taraifí arda ar chuid de chairde na Stát Aontaithe, 32% ar an Téaváin, mar shampla, bhí de chiall aige taraifí éagsúla a chur ar thíortha éagsúla. Scar agus bris mar bheartas eacnamaíochta. Na tíortha atá ag bun liosta na dtaraifí, feicfidh siad gurbh fhéidir go mbeadh buntáiste acu i gcomparáid le tíortha atá ag barr an liosta.
Dúirt Donald Trump go raibh tuilleadh agus 50 tír i dteagmháil leis le hidirbheartaíocht a dhéanamh cheana. Ní fios cé chomh fíor is atá sin ach léiríonn sé gur mian le Trump leanúint ar aghaidh leis an scrios. Agus leanfaidh sé leis go dtí go bhfeiceann sciar maith dá lucht leanúna go bhfuiltear ag teacht i dtír orthu agus go mbeidh siad thíos leis an chur chuige seo.
Tosaíonn gníomh a dó den dráma seo inniu le hoscailt na stocmhargaí…