Sean McComb: an dornálaíocht ag cuidiú leis an mheabhairshláinte

Ag tús na tréimhse dianghlasála thosaigh an dornálaí profisiúnta, Sean McComb, ag cur físeáin traenála ar an idirlíon. Bhí sé mar aidhm aige ar dtús cuidiú le daoine fanacht aclaí trí fhíseáin laethúla dornálaíochta a chur ar na meáin shóisialta. Thug sé faoi deara go raibh daoine ag baint an-tairbhe astu agus choinnigh sé leo.

Is ambasadóir é McComb d'eagraíocht feasachta i leith féinmharú i mBéal Feirste. Is léir go bhfuil an gníomhaí iontach paiseanta faoin obair atá á déanamh aige sa phobal, go háirithe le linn phaindéim COVID-19.

Tá físeáin dornálaíochta McComb ar fáil anseo:

Instagram: @seanmccomb

Twitter: @sugarseantl

Facebook: Sean McComb

Close
Close