Scórtaí agus daonlathas na bhfeisteas

Kathryn Ní Mhaoláin

Nach orainn atá an t-ádh go bhfuil na cluichí Gaelacha againn?

Léiriú cultúir is ea iad, spóirt atá go hiomlán uathúil dár dtír féin. Nach muid atá beannaithe, le linn laethanta geala an Earraigh agus thús an tSamhraidh, go bhfuil peil Uladh againn, iománaíocht na Mumhan, gan trácht fiú ar an cracker de chluiche ceannais Laighean idir an Mhí agus Lú. Atmaisféar spleodrach, bródúil, Gaelach.

Ach an deireadh seachtaine seo caite, bhí cluiche mór amháin ar iarraidh ón chlár. Craobh na Mumhan sa chamógaíocht idir Corcaigh agus Port Láirge, a cuireadh ar athlá mar thoradh ar chonspóid na scórtaí.

Tógadh an cinneadh seo i ndiaidh d’imreoirí ón dá chontae a chur in iúl nach n-imreodh siad an cluiche i scórtaí, go mbeadh siad ag teacht amach le bríste gairid agus nach n-athródh siad. D’fhreagair coiste camógaíochta na Mumhan le ráiteas ag rá go mbeadh ar oifigigh an chluiche na rialacha oifigiúla a leanúint, agus nach mbeadh cead ag imreoirí bríste gairide a chaitheamh. Bhí siad i sáinn; ní bheadh cluiche ann cibé. Agus 16 uair roimh thús an chluiche, cuireadh ar athlá go hoifigiúil é.

Ní éileamh fánach a bhí anseo ó imreoirí na bhfoirne. D’eisigh an GPA (Cumann Imreoirí Gael) taighde le gairid ina dtugtar le fios go bhfuil 83% d’imreoirí contae ar son bríste gairid a chaitheamh, nó ar son an rogha a bheith acu idir scórtaí agus bríste gairid. Chuir foirne camógaíochta Bhaile Átha Cliath agus Chill Chainnigh tús leis an agóid go luath ina dhiaidh sin. Tháinig an dá phainéal amach i mbríste gairid, agus dúirt an réiteoir leo nach mbeadh cluiche ann muna n-athródh siad. D’athraigh siad, d’imir siad. Ach las siad an splanc.

Is ag Comhdháil an Chumainn Camógaíochta i mí Aibreáin 2024 a ghlac ionadaithe contae ar fud na tíre vóta in éadan rún go bhfaighfear réidh le scórtaí go hiomlán, agus in éadan rún go mbeadh rogha ag imreoirí idir scórta agus bríste gairid. Is é sin le rá gur vótáil tromlach na n-ionadaithe sa tír, breis agus bliain ó shin, ar son na scórtaí.

Is próiseas daonlathach a bhíonn ann riail ar bith a athrú, go háirithe in eagraíocht chomh stairiúil agus chomh mór leis an Chumann Camógaíochta. Smaoinigh gur cuireadh an FRC (An Coiste um Athbhreithniú Peile) ar bun i mí Feabhra 2024, le rialacha a phlé nár cuireadh i bhfeidhm go dtí tús 2025. De ghnáth, ní bheadh vóta eile ceadaithe ar an ábhar seo arís sa Chumann Camógaíochta go dtí 2027. Athrú i bhfad níos lú atá i gceist le riail na scórtaí, dar ndóigh, ach is gá leanúint leis an phróiseas agus guth gach contae a chur san áireamh.

Tá go leor daoine feargach faoin ábhar seo. Agus ón mhéid atá feicthe agamsa ar líne, is i dtreo réiteoirí atá cuid mhaith den fhearg sin (nó i dtreo CLG, seachas an Chumann Camógaíochta – ach sin ábhar eile!). Réiteoirí a bhfuil sé de dhualgas orthu rialacha nár scríobh siadsan, nár vótáil siadsan orthu, a chur i bhfeidhm. Réiteoirí nach bhfaigheann ach £40 in aghaidh an chluiche, airgead a chlúdaíonn taisteal agus bia amháin roinnt mhaith den am.

Tá géarchéim réiteoirí ann in achan chód de na cluichí Gaelacha mar atá sé. D’eisigh an Cumann Camógaíochta taighde sa bhliain 2021 inar tugadh le fios go ndearnadh drochíde ar 80% de réiteoirí na camógaíochta ar fud na tíre. Ó cuireadh tús leis an agóid seo, dúirt Uachtarán an Chumainn Camógaíochta, Brian Molloy (an chéad fhear leis an ról sin a ghlacadh), go raibh drochíde déanta ar na réiteoirí a bhí i mbun na gcluichí seo, agus tuairiscíodh teachtaireachtaí drochíde chuig foireann agus chuig oibreoirí deonacha Camógaíochta leis an Gharda Síochána.

Tá láncheart ag na himreoirí agóid a dhéanamh, tacaímis leo. Ní bheadh cluichí ann gan iad. Ach ní bheadh cluichí ann gan réiteoirí ach oiread. Ní féidir leo rialacha a athrú, ach is féidir leis na hionadaithe contae na rialacha a athrú ag an Chomhdháil Speisialta eisceachtúil a d’fhógair an Cumann Camógaíochta le dul i ngleic leis an cheist seo, a bhéas ann Déardaoin seo.

Tá traidisiún agus stair i gcroílár an Chumainn Camógaíochta. Tugadh stádas Oidhreachta UNESCO don chamógaíocht agus don iománaíocht sa bhliain 2018. Agus cinnte, tá imreoirí ann ar fearr leo an scórta.

Ag cluiche ceannais Uladh an deireadh seachtaine seo caite, tháinig imreoirí mo chontae féin, Doire, amach ar an pháirc agus bríste gairid ar leathchuid den fhoireann, agus scórtaí ar an leath eile. Ní feisteas iomlán nua atá a lorg ag na himreoirí, ach ceart na rogha. Agus an dóigh leis an cheart sin a bhaint amach ná tríd an daonlathas. Tá pobal na camógaíochta ag brath ar na hionadaithe a dhéanfas vóta Déardaoin.

Agus má théann siad in éadan thoil na n-imreoirí, cá bhfios cá bhfágfar an spórt.

Close
Close