Sa tóir ar an ghrá

Michaeline Donnelly

Craoladh an clár deireanach den tsraith ‘Married at First Sight’ an mhí seo caite.

Ar eagla gur chaill tú é, bhí bunús iontach simplí leis an chlár: chuir 1500 strainséir isteach ar an turgnamh sóisialta seo agus rinne grúpa saineolaithe cleamhnas idir beirt leannán.

Bhuail an lánúin nua le chéile don chéad uair agus iad san eaglais agus ar tí posadh.

Ach sa lá atá inniu ann, leis an nós atá ag daoine ‘outsourcing’ a dhéanamh ar shaol s’acu, an bhfuil sé in am do dhaoine dul ar ais chuig na seanbhealaí agus iad sa tóir ar an ghrá?

Mar is eol do gach duine, tá muid ar fad níos gnóthaí ná mar a bhí riamh d’ainneoin an dul chun cinn ar fad atá déanta ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de.

Dar le Tim Ferris, údar an leabhair ‘Four Hour Work Week’, tá seachfhoinsiú (outsourcing) ar an bhealach is fearr le dul i ngleic leis seo.

Mar shampla, má tá meáchan le cailleadh agam agus muna mbeinn ag iarraidh mo chuid ama an-luachmhar a chur amú ag iarraidh réim bia agus aclaíochta a chur le chéile dom féin, bheadh sé níos fearr dom dul chuig traenálaí pearsanta, saineolaí cothúcháin nó fiú duine de na ‘lifestyle gurus’ nua (smaoinigh ar Gwyneth Paltrow) le réim a chur le chéile ar mo shon.

Oibríonn sé do gach cineál ruda – thiocfadh liom cúntóir pearsanta a aimsiú le tábla a chur in áirithe dom ag an bhialann is fearr liom anocht, glantóir a fháil le mo theach a ghlanadh, cuntasóir le haire a thabhairt do mo chuid airgid agus thiocfadh liom ‘saineolaí’ a fháil le cleamhnas a dhéanamh ar mo shon.

Dár ndóigh, go stairiúil tá muintir na hÉireann breá cleachtaithe le bealaí éagsúla le cleamhnas a dhéanamh.

Más sa tóir ar an ghrá atá tú thiocfadh leat cuairt a thabhairt ar Willie Daly, an babhdóir deireanach in Éirinn, ar an chomhlacht cleamhnais atá tosaithe ag iníon Willie, nó ar fhéile an chleamhnais i Lios Dúin Bhearna féin.

Tá Willie bródúil go bhfuil an sean-chur chuige in úsáid aige seachas seirbhís neamhphearsanta ríomhaire – dar leis féin gurb é atá de dhíth le cleamhnas maith a dhéanamh ná iomas (intuition), leideanna beaga anseo is ansiúd, spreagadh ar an dhá thaobh, an t-atmaisféar ceart, agus tuiscint iomlán ar an nádúr daonna.

Agus is cosúil go bhfuil an fear féin rathúil go maith, le cleamhnas déanta ar na céadta lánúineacha agus níos mó ná 100 posadh ag eascairt as!

I ré na teicneolaíochta nua, meastar anois gurb fiú £2 billiún é an tionscadal geandála ar líne, agus tá Tinder anois ar an fheidhmchlár cleamhnais is mó ar domhan – ach an bhfuil a leithéid de rud ag déanamh níos mó damáiste dár n-iarrachtaí grá a aimsiú?

Sílim féin go bhfuil an gheis (taboo) a bhíodh bainteach le cleamhnas ar líne go dtí cúpla bliain ó shin beagnach imithe.

Bhí mé amuigh an tseachtain seo caite le scaifte cairde, agus ar feadh cúpla bomaite (níor mhaith linn a bheith frithshóisialta) shuígh muid uilig thart ar chúpla guthán ag svaidhpeáil ar dheis nó ar chlé.

Sin ráite, nuair a luaigh mé le mo mhamaí ar maidin go raibh coinne socraithe agam le duine ó Tinder, is léir gur shíl sí go raibh mé glan ar mire!

I mo thaithí féin, mar bhean shingil, caithfidh mé a rá go bhfuil caidreamh grá/gráin agam le Tinder.

Tá mé i ndiaidh é a íoslódáil agus á scriosadh ar a laghad cúig uaire.

Cosúil le gach duine, tá go leor scéalta uafais cloiste agam, chomh maith leis na scéalta grá a thugann dóchas dom.

Creidim go bhfuil matamaitic taobh thiar den rud iomlán.

Tuigeann daoine go bhfuil sé deacair bualadh le daoine san fhíorshaol inniu agus mar sin, más féidir do roghanna a choinneáil oscailte (le cuntas ar Tinder, Match, POF srl), is amhlaidh is fearr é, agus is mó seans go mbuailfidh tú le duine éigin speisialta.

Cluiche na n-uimhreacha atá ann amach is amach!

Cé gur mhaith liom mo roghanna a choinneáil oscailte, agus go bhfuil m’aigne oscailte faoi threoir a fháil ó ‘shaineolaí’, níl rudaí chomh dona sin go mbeinn ag posadh duine nár cásadh orm riamh… is cinnte go mbeadh mo mhamaí bhocht buartha ansin!

Close
Close