Rud fiúntach de thoradh ar aistear deacair

Katie Saoidhbh McGreal

Dhá bhliain go leath ó shin, bhí orm deireadh a chur leis an gcaidreamh a bhí agam le mo

mháthair. Bhí mé tar éis 33 bliana a chaitheamh ag iarraidh aird mo mháthair a fháil, grá a

fháil uaithi. Chuir mé go leor fuinnimh isteach sa chaidreamh ag iarraidh uirthi mé a fheiceáil,

ag iarraidh go bhfeicfeadh sí go bhfuil fiúntas ionam agus sna smaointe atá agam, agus níor

oibrigh sé. Ní raibh cónaí orm i mBaile Átha Cliath ó bhí mé 22 ach bhí mé ag dul ann gach

dara deireadh seachtaine. Muna mbeinn ann chomh minic sin, bheadh dearmad déanta acu

orm.

Dhá bhliain go leith ó shin, sheol sí teachtaireacht chugam ag insint dom go raibh mo

dheirfiúracha agus í féin ag dul go Béal Feirste don deireadh seachtaine fada, dá mbeadh

suim agam a bheith in éineacht leo. Bhí cónaí orm i mBéal Feirste ar feadh seacht mbliana

ach, faoin am seo, is i nGaillimh a bhí mé ag cur fúm. Nuair a bhí mé i mBéal Feirste, bhíodh

siad ag dul go Gaillimh don deireadh seachtaine fada.

“Níl mé saor,” a sheol mé ar ais, “Nach mór an trua é nach ndeachaigh éinne agaibh go Béal

Feirste don deireadh seachtaine fada nuair a bhí cónaí ormsa ann.”

Bhí a fhios agam go gcuirfeadh sí rud éigin ar ais a chuirfeadh olc orm. Chuir mé an

teachtaireacht chéanna go deirfiúr liom agus dúirt sí go raibh sí i mBéal Feirste go minic

nuair a bhí cónaí orm ann. Bhí sí ann don Satharn cúpla uair ach níor fhan sí thar oíche

riamh, cé nár luaigh mé sin léi. Bhí an troid imithe asam. Ní raibh mé in ann troid le daoine

nach raibh ag iarraidh mé a thuiscint a thuilleadh.

Os cionn 12 uair an chloig níos déanaí, tháinig mo mháthair ar ais chugam. Léigh mé an

teachtaireacht agus dúirt mé liom féin “níl máthair agam a thuilleadh”.

Bhí sí i ndiaidh liosta a chur le chéile de rudaí a bhí déanta aici féin - d’fhreastáil sí ar go leor

coinnithe dochtúra thar na blianta, rinne sí an-iarracht mé a fheiceáil - agus liosta de rudaí a

bhí déanta agamsa - d’fhreastáil mé ar a dinnéar lae breithe cúig bliana roimhe sin go

drogallach, cé go raibh mé i mBaile Átha Cliath ar aon nós (is ag an Oireachtas a bhí mé)

agus níor chas mé le mo dheirfiúr nuair a bhí sí i mBéal Feirste (ní raibh mé ag labhairt le

mo dheirfiúr ag an am).

Níor labhair mé le mo mháthair ó shin. Dúirt mé léi go raibh spás uaim uaithi mar gheall ar

an teachtaireacht sin ach rinne sí neamhaird ar an iarratas. Sheol sí go leor teachtaireachtaí

chugam, fuair mé roinnt ríomhphost agus tháinig m’athair go dtí an t-arasán sa Spidéal le

labhairt liom. Níor lig mé isteach é.

Bhí beirt nó triúr cara liom a raibh mé in ann labhairt leo faoin athrú súntasach seo i mo

shaol ag an am sin. Taobh amuigh de na daoine sin, mhothaigh mé go hiomlán liom féin

agus bhí náire an domhain orm. Bhí eagla orm go mbeadh daoine ag rá liom: céard a rinne

tusa le go mbeadh do mhuintir mar sin leat? Sin an cineál ruda a bhíodh mo mhuintir ag rá

liomsa.

Shuigh an náire seo go trom orm. Taobh amuigh den chúpla cara sin, choinnigh mé gach

rud istigh. Níor labhair mé le héinne faoin méid a bhí tar éis titim amach. Níor tháinig aon

duine de mo chuid deirfiúracha i dteagmháil liom. Bhí mé fágtha liom féin. Bhraith mé go

raibh siad tar éis dearmad a dhéanamh orm.

Ach, dhá bhliain ina dhiaidh sin, bheartaigh mé go raibh scéal le hinsint agam. Faoin am

seo, thuig mé nach liom féin a bhí mé maidir le drochchaidreamh a bheith agam le mo

mhúintir. Thuig mé go raibh daoine eile ann nach raibh i dteagmháil lena muintir ach, taobh

amuigh de na ciorcail áirithe sin, ní fhaca mé mórán daoine ag caint faoi.

Is scríbhneoir mé agus bhí a fhios agam go raibh scéal suimiúil tábhachtach le hinsint agam.

Shuigh mé síos ag an ríomhaire agus tháinig na scéalta amach. Scéalta faoi m’óige, scéalta

faoi mo dheirfiúracha, faoin chlann atá againn i Maigh Eo ar chuir m’athair brú orainn a

bheith mór leo cé nár chaith siad go deas linn. Scríobh mé agus scríobh mé agus scríobh

mé agus chuir mé na scéalta sin amach i bhfoirm leabhair i lár mhí Dheireadh Fómhair.

‘You Were Never the Problem: Stories to confirm it is not your fault’ is ainm den chnuasach

gearrscéalta. Pléann sé le bulaíocht sa bhaile, mí-úsáid agus uaigneas. Creidim go láidir gur

fiú na scéalta seo a insint agus a phlé mar ní hamháin gur tharla na rudaí seo domsa,

tarlaíonn siad do go leor daoine eile. Muna labhraíonn muid fúthu fanfaidh an náire orainn,

agus níl linne an náire sin. Ní dhearna muidne aon rud mícheart.

Tá an leabhar ar fáil le ceannach ar Amazon nó uaim féin trí ríomhphost a sheoladh go

[email protected] .

Close
Close