Faoi lán seoil: Rás an Spáis

Eoin P. Ó Murchú

Tá rás an spáis faoi lán seol arís.

Cloisim saoithíní beaga timpeall na cruinne ag ligean liúnna áthais. Agus mé ag fás aníos is cuimhin liom mionsamhail cairtchláir de Space Shuttle NASA a thógáil. Bhí beagán den draíocht imithe as an spástaisteal ag an bpointe sin agus bhí pleananna NASA féin ag dul i laghad ó thaobh minicíochta agus nuálaíochta. Tá cúrsaí athraithe le tamall.

Nuair a chuardaigh Elon Musk suíomh NASA in 2001 chun fáil amach cathain a bheifí ag dul go Mars bhí iontas air fáil amach nach raibh sé mar sprioc fiú. D’aithin sé go raibh cúrsaí teicneolaíochta tar éis dul ar gcúl go mór chomh maith. Gan brú mór eacnamaíoch d’fhan an teicneolaíocht mar a raibh sí agus chuaigh ar gcúl go fiú.

Theastaigh ó Musk suim an phobail an spreagadh arís chun go dtacóidís le filleadh ar an spás (agus an caiteachas mór poiblí a theastódh). Tháinig sé ar phlean. Sheolfadh sé roicéad go Mars ar a mbeadh teach beag gloine. Dhéanfaí iarracht plandaí a fhás in ithir Mharsa, bruscar carraige atá ar dhromchla Mhars ar a dtugtar reigilit. Sheolfaí físeáin ar ais chuig an domhan a léireodh nach raibh Mars neamhfháilteach ó thaobh beatha.

Fear maith margaíochta é Musk go cinnte. (Is fiú cuimhneamh gur sheol sé carr de chuid Tesla, comhlacht eile a bhfuil lámh aige ann, amach sa spás ar roicéad Falcon Heavy, mar thástáil agus don chraic.)

Agus plean na bplandaí aige fuair Musk amach nach raibh innill roicéid ar fáil ach sa Rúis. Ar éigean a bhí na Rúisigh sásta plé leis.

Bheartaigh sé a chomhlacht féin a bhunú chun costas na roicéad a laghdú. Síleadh go forleathan go raibh sé craiceáilte ceapadh go bhféadfadh sé comhlacht spáis rathúil a bhunú. Ainneoin deacrachtaí suntasacha tá SpaceX ann i gcónaí agus é ag dul ó neart go neart. Is iad roicéid SpaceX a chuireann trealamh isteach sa spás don stáisiún spáis idirnáisiúnta agus ní fada go mbeidh foireann de chuid NASA ag taisteal orthu.

Tá comhlachtaí éagsúla tar éis iarrachtaí a dhéanamh turais ghearra chuig an spás a chur ar fáil ar bhonn tráchtála.

Mheall Richard Branson lucht clú agus cáil le heitiltí a chur in áirithe ach is beag atá feicthe fós. Tá an duine is saibhre ar domhan, Jeff Bezos, ag iarraidh daoine a thabhairt chuig an ngealach, leis. Tá an Trumpach féin tar éis a ladar a chur sa scéal lena chaint ar an Space Force, rannóg nua d’arm Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá NASA féin ag díriú ar fhilleadh ar an ngealach, ionad a thógáil ann agus tabhairt faoin bpláinéad dearg. Faoi chlár Artemis (deirfiúr Apollo) seolfar bean agus fear chuig an ngealach faoin mbliain 2024. Teastaíonn breis agus $20 billiún uathu lena aghaidh áfach. Beidh le feiceáil an mbeidh glacadh ag pobal SAM leis an gcostas. Tugtar faoi deara go mbeadh dara téarma an Trumpaigh ag teacht chun deiridh in 2024...

Níor chóir a dhearmad ach oiread go bhfuil taikonauts (mar a thugtar ar spás-taistealaithe na Síne) san imirt freisin. Gan trácht ar Chandrayaan-2 na hInde. Má éiríonn leis na hIndiaigh bheidís mar an ceathrú náisiún a mbeadh soitheach leaindeáilte ar an ngealach acu. Tá iarrachtaí áirithe ar bun ag Iosrael agus ag an nGearmáin chomh maith.

In Eanáir na bliana seo thuirling Chang’e 4 na Síne ar an taobh dorcha den ghealach, áit nach raibh aon long cheana. Rud nár thaitin le Trump. Ní hamháin sin ach phéac plandaí a bhí ar bord, rud a fhágann go mb’fhéidir go mbeifear in ann bunáit a thógáil ar an ngealach a chabhródh le turais go Mars. Tá na Sínigh ag súil le 2kg de charraigeacha na gealaí a thabhairt ar ais leo ar eitilt ag deireadh na bliana.

Tá Musk ag rá go dtabharfaidh SpaceX faoi Mhars sa bhliain 2024 agus go dtosófar ar chóilíneacht a thógáil ann in 2025. Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é!

Anois, is féidir go bhfuil a chuid dátaí beagán as alt ach tá seans fós go n-éireoidh leis. Má éiríonn, beidh gaisce déanta aige. Is deacra go mór fada Mars a bhaint amach le comhlacht príobháideach le hais na n-iarrachtaí ollmhóra stáit a theastaigh chun daoine a chur ar an ngealach a chéaduair. Go dtí seo tá eilimintí éagsúla den togra nár baineadh amach de réir an amchláir. Mar sin féin éacht a bheadh ann dá mbeadh moill 10 mbliana orthu.

Idir an dá linn cad a bheidh le feiceáil sa duibhe sin lastuas? Tá líon na satailítí le méadú go mór faoi phlean Starlink atá díreach fógartha ag SpaceX. Tá i gceist acu foireann mhór satailítí a chur in airde a thabharfaidh idirlíon leathanbhanda do gach mac máthair ar domhan. 12,000 satailít san iomlán a bheidh ann. Tá raic áirithe tógtha fúthu cheana mar nach léir cé leis an spás. Seans nach smaoineamh buile ar fad Spásfhórsa an Trumpaigh.

Cad is fiú dul isteach sa spás, a deir go leor. Cur amú airgid é fad atá daoine ag fulaingt ar domhan. Cáineadh cothrom, shamhlófá. Más mian linn go mairfeadh an duine daonna go han-fhadtéarmach, áfach, caithfear tabhairt faoi dhomhain eile. Dá múchfaí inchinní fiosracha uile an duine, ar feadh ár n-eolais, ní bheadh aon bheith eile sa chruinne a bheadh ar a chumas an chruinne timpeall uirthi a scrúdú. Tubaiste dhaonnúil ar scála eile ar fad a bheadh ina leithéid, a chuirfeadh an fhulaingt reatha in áit na leithphingine.

Tá dul chun cinn aisteach ag teacht ar theicneolaíocht an spáis. Tá deis ann anois eolas níos fearr a chur ar an gcruinne agus ionad an duine dhaonna inti a bhuanú. Níl saoithíní na haoise seo taobh le mionsamhlacha cairtchláir a thuilleadh ach beoshruthú lainseálacha SpaceX ar Youtube. Bhuel, cad eile lena mbeifeá ag súil? Dúradh nach bhfeicfí an réabhlóid ar an teilifís...

Close
Close