Polarú na polaitíochta agus a thionchar

Seaghan Mac an tSionnaigh

Tá an saol ina chadás. Tá mo sháith agam féin de pholarú na polaitíochta, caithfead a rá, agus mar atá an feiniméan san ag cur isteach ar chaidrimh idirphearsanta. Is ea, tá taithí ag mórán gach uile dhuine againn go léir ar ábhar an ailt seo, déarfainn, .i., an chuma a dtiteann an tóin as an gcairdeas de dheasca cumarsáid idirlín. Easontas idir beirt i dtaobh a dtuairimí maidir le tuairim an tríú duine eile i taca le tuairim eile arís. Ní lia duine ná tuairim a deirtear, ach an ionann é sin agus a rá gur chóir go mba ann don rud a mbíonn lucht na heite deise ag tabhairt ‘an tsaoirse cainte’ air? 

Is léir ná creideann an eite dheas féin i gceart sa tsaoirse cainte thuasluaite, pé acu olc ná maith leat féin é mar choincheap. Gnéithe den eite dheas ó laistigh de mo theaghlach féin, cuirim i gcás, bíonn siad go seasta ag scaipeadh shoiscéal na saoirse cainte, ach iad ag tabhairt fogha go fíochmhar sna DManna ansan fúmsa agus an tacaíocht a léirím le feachtasaíocht ar son cearta daoine ina cnámh spairne acu liom. Is ea, a dhuine, ní mó ná sásta a bhí a lán Éireann daoine go léireofaí aon dlúthpháirtíocht le daoine gorma sa tírín beag bídeach s’againne le déanaí. An dream céanna is túisce a d’éileodh cead cainte do chách; is iad is túisce a rachadh ag cáineadh an chealchultúir, mar a déarfá.

Tréaslaím le beirt bhan ar dhá thaobh den aigéan arbh iad a gcuid ráitisí cumhachtach a tharraing aird na meán sóisialta orthu féin le coicís anuas. Ba í an teachtaireacht a chraobhscaoil Mary Devlin ó New Jersey ar TikTok ná nach fíor-Ghael-Mheiriceánach in aon chor an té nach dtuigfeadh cás na mbundúchasach ná nach dtacódh le feachtas #BLM. An chéad rud eile, bhí an scéal á phlé ar RTÉ. Ba mhór an scanradh nach mar gheall ar an bhfuathchaint a dhéanann leithéidí an Trumpaire, Bhoris Mhic Eoin ná an Dochartaigh Bhinbigh a taibhsíodh d’éisteoirí Liveline teagmháil a dhéanamh leis an gclár, ach chun a míshástacht le ráiteas Mary a chur in iúl go paiseanta. Ní fimíneacht go dtí é! 

Ar Facebook, chuaigh Maria Sara Hershkowitz céim níos faide agus Naitsígh á dtabhairt go neamhbhalbh aici ar dhíograiseoirí ióga a sheas gan náire taobh le fíor-Naitsígh i rith léirsiú i mBeirlín i gcoinne shrianta Covid-19 a cheanglaíonn ar dhaoine masc a chaitheamh go poiblí sa Ghearmáin. Is fiú go mór sracfhéachaint a thabhairt ar an díospóireacht theasaí a d’éirigh idir lucht tráchtaireachta na postála a d’fhoilsigh Maria an tseachtain seo a d’imigh tharainn. Daoine áirithe ag áiteamh ná fuil fadhb dá laghad le rannpháirtíocht a léiriú le Naitsígh a fhad is go mbeadh cúis mhaith acu lena leithéid, cuid díobh a bheadh chomh gníomhach céanna ó thaobh a bheith ag cur i gcoinne rannpháirtíocht a dhéanamh le #BLM; i mbriathar, chuirfeadh sé lagmhisneach ort.  

Ba ola ar mo chroí-se a bhí sa nuacht a d’fhoghlaimíos ó m’fhotha nuachta Twitter taca an lae seo ceithre mhí ó shin gur caitheadh dealbh Edward Colston isteach i gCuan Bhriostó, agus beidh mé ag faire le fonn amach do mar a thiocfaidh éabhlóid ar choincheap an chiona chnuasaithigh sna hidirchainteanna tá súil agam a bhainfear amach mar thoradh ar an bhfeachtas #BLM.

Ach ní féidir gach aon duine a shásamh. Má tá olc curtha ar mo mhuintir féin agam de bharr mo thuairimí cléacha, tá buíonta ó laistigh de mo lucht aitheantais ansan, ní miste liom a rá, agus do chuadar chun na dúmhála agus an fheoil fhuar á gearradh acu de dheasca na himní a léiríos-sa mar chuid de chomhrá WhatsApp i dtaobh shábháilteacht phearsanta na ndreamanna a raibh a gcearta á n-éileamh againn – an mbeadh aisfhreagra foréigeanach, arsa mise, ina thoradh gránna ar dhealbha na ndaormháistrí a tharraingt anuas nó ar stádas institiúideach don chion cnuasaitheach a bhaint amach? 

Gach seans go mbeadh, ach ní hionann m’imní sa mhéid sin agus bonn a bheith á bhaint agam d’aon ghnó de chur chuige na ngníomhaithe. Is é dogma na heite clé áfach atá ag cur srian ar an ngluaiseacht chéanna im thuairimse – an leabhar neamhcheart á léamh agat nó an téarma míchuí ar bharra do ghiob agat, agus tá deireadh leat chomh fada agus a bhaineann sé leothusan.

Go n-éirí go geal leis an radacachas, a deirim, ach ná deintear drochbhuachaill den measarthacht idir an dá linn. Agus ní ceart leanúint de chomhrá ina gcaitear maslaí nó bagairtí id threo, ach fainic ach an oiread nach “both macallaí” a chruthaíonn tú dhuit féin. Bímis ag caint lena chéile, agus b’fhéidir go ndéanfaimíst an beart.

Close
Close