Katie Saoidhbh McGreal
Léigh mé an leabhar ‘Feel the fear and do it anyway’ le Susan Jeffers blianta ó shin agus ó shin i leith, sin an chaoi a mbím i mo shaol. Is cuimhin liom an chéad uair a mhúin mé rang aireachais agus díreach roimhe bhí mé ag smaoineamh ‘cén fáth an bhfuil mé á dhéanamh seo dom féin?’.
Ach creidim go fóill gur sin an bealach is fearr le fás mar dhuine: an rud a chuireann eagla ort a dhéanamh. Má chuireann sé eagla ort, is dócha nach ndearna tú cheana é agus más ag iarraidh forbairt mar dhuine atá tú, caithfear rudaí nua a dhéanamh agus a thriail.
Go minic, ní dhéanann daoine fásta aon rud nua. Fanann muid leis an saol atá againn mar sin an rud ‘is ceart’ dúinn a dhéanamh, nó seo an rud atá ar eolas againn agus tá sé rómhall le rud eile le déanamh.
Tá frása ann a deir go stopann muid ag spraoi nuair atáimid fásta suas, ach i ndáiríre, stopann muid ag fás nuair a stopann muid ag spraoi. Is é an spraoi agus súgradh an bealach is sultmhaire agus is fearr le foghlaim, ach bíonn faitíos ar dhaoine fásta rudaí nua a thriail ar eagla nach féidir leo iad a dhéanamh i gceart. Má táimid le fás mar dhaoine, caithfimid athrú agus ciallaíonn athrú ná rudaí nua a dhéanamh, a thriail.
Tháinig Tuismitheoirí na Gaeltachta chugam le smaoineamh álainn le haghaidh dialann aireachais do pháistí agus chreid mé go hiomlán ann. I ndiaidh cúpla mí ag obair le chéile, rinne Tuismitheoirí an cinneadh go raibh an-iomarca ar siúl acu agus nach raibh sé d'acmhainn acu é a chríochnú. Bhí an t-ábhar ar fad scríofa agam agus shíl mé gur mhór an trua a bhí ann é a chur amú. Chuaigh mé go cúpla foilsitheoir leis (i ndiaidh cead a fháil ó Thuismitheoirí) agus an moladh is mó a fuair mé lena leithéid d'ábhar ná maoiniú a fháil agus é a fhoilsiú as mo stuaim féin.
Chuir an smaoineamh seo eagla an domhain orm. Ní raibh eolas ar bith agam ar fhoilsitheoireacht nó dearadh nó páipéar nó díolachán leabhar. Ach, nuair a thuig mé gur eagla a bhí orm, bhí a fhios agam go raibh orm tabhairt faoi agus anois tá Mo Leabhairín Beag Féin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Muna bhfuil a fhios agat conas rud éigin a dhéanamh, faigheann tú duine atá in ann é a dhéanamh. Ní gá tosú le togra mór mar sin, áfach, is leor freastal ar rang damhsa don chéad uair, nó tosú ar spórt nua a imirt.
Nuair a dhéanann muid rudaí nua cruthaíonn muid cosáin nua inár n-inchinn, rud a chabhraíonn linn agus muid ag dul in aois. An chéad uair a dhéanfaidh tú aon rud nua, beidh tú go holc aige, glac leis sin agus lean ort. An rud is tábhachtaí ná go mbaineann tú sult as agus cuirfidh sé iontas ort an méid taitnimh a bhainfidh tú as rudaí nár smaoinigh tú orthu cheana. Chuaigh mé go dtí mo chéad rang damhsa swing an tseachtain seo caite agus bhí sé thar cionn! Agus tá cúpla cara nua déanta agam freisin!
Triail rudaí nua agus cé go mbeidh eagla ort ag an tús, ní bheidh aiféala ort gur thriail tú é.



