Poipíní agus bláthanna eile

Dónall Mac Giolla Chóill

Ní chaithim agus níor chaith mé ariamh poipín.

Ní bhaineann sé leis an traidisiún inar tógadh mé.

Ní chaithim lile na Cásca, agus níor chaith ariamh, gidh go mbaineann an bláithín sin leis an traidisiúin inar tógadh mé - ba ghnáth le m’uncal Leslie Williams ceann a chaitheamh, agus iad a dhíol.

Sea, bhí ainm breá Gaelach air nach raibh? Agus an t-aon duine, mar a déarfadh sé féin go minic, de chlann m’athar mhóir John Williams, a rugadh in Éirinn, agus an chéad chainteoir dúchais den chlann sin - scéal fada a bhfuil lámh nach beag ag Adolf Hitler ann, ach tá mé ag sábháil an scéil sin do lá eile.

Ní chaithim Fáinne Óir ach an oiread.

Ba ghnáth liom, fada ó shoin, go dtí gur dhúirt bean de bhunadh na hIodáile liom i mBéarla, “O! That’s really republican, isn’t it?”

Níor chaith mé ceann ó shoin.

Ní chaithim poipín, ach is cuma faoi sin, ní chruthóidh sin aon cheannlínte nach bhfuil scríofa agam féin, mar nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint liomsa.

Ní imreoir sacair mé, agus ní iomaitheoir chun Uachtaránacht na hÉireann mé.

Níl tábhacht le mo thuairim, taobh amuigh den triúr a léifidh an colún seo, ní bheidh tionchar agam ar aigne an tsaoil mhóir.

Is fada an lá ó tachtadh duine ar bith agus iad ag ithe a gcuid ceallóga ar maidin, mar gheall ar aon rud a scríobh mé.

Céad bliain ó shoin, cothrom an ama seo, tháinig deireadh leis an Chéad Cogadh Domhanda, nó an Cogadh Mór mar a tugadh air ag an am, mar nach raibh a fhios ag duine ar bith go mbeadh an dara ceann ann taobh istigh de ghlún.

Tháinig deireadh leis an chogadh a chuirfeadh deireadh le gach cogadh.

An Bréag Mhór.

Is de dheasca an Chéad Chogaidh beagnach gach cogadh a tháinig ó shoin.

Is mar gheall ar philléir a scaoileadh an 28 Meitheamh 1914 i Sairéavó, a bhfuil na milliúin milliúin duine anois i gcré na cille, agusa na billiúin nár ghlac anáil ariamh.

De dheasca bhás Franz Ferdinand, cuireadh tús leis an chéad chogadh, agus d’eascair gach cogadh a bheag ná a mhór as an cheann sin.

Ón Mheánoirthear go dtí na Balcáin, thig ceangal a tharraingt leis an ghníomh sin ag Gavrilo Princip.

Ag an deireadh seachtaine, rinneadh comóradh ar 100 bliain ó dheireadh an chogaidh úd: ba chóir chomh maith comóradh a dhéanamh ar tús gach cogaidh eile.

Tá daoine ag fáil bháis sa lá atá inniu ann de thoradh na n-eachtraí sin.

Tá an domhan seo in easpa foirfeachta, agus bhí ariamh ón lá a tharraing na cumhachtaí osnádúrtha le chéile na píosaí salachair ó chuile chearn den ollchruinne le chéile, gur cruthaíodh an píosa salachair seo ar a bhfuil muid inár suí inniu.

Bhí cogadh i gcónaí ann.

Tá sé sa nadúr againn.

Tá aithne agam ar dhaoine a mharaigh daoine.

Tá aithne agam ar dhaoine a mharaigh ainmithe.

Ná labhair liom faoi na daoine a bhfuil aithne agam orthu a mharaigh/a mharaíonn plándaí ar bhonn laethúil, níl sé de phlean agam tabhairt faoi veigeáin san alt seo, agus tabhairfidh muid sos beag do mhuintir Bhun an Leaca chomh maith.

Tá an bás ina chuid chomh mór sin den saol, agus an Domhnach 11 Samhain i mbliana, rinne maith agus móruaisle an domhain seo ceiliúradh ar an bhás.

Féile chomórtha, go hoifigiúil a bhí ann, ach is ceiliúradh a bhí ann i ndáiríre.

Gach aon uair a mbíonn muid ag comóradh an bháis, bíonn muid ag ceiliúradh, is é sin ag ceiliúradh go bhfuil muidne féin go fóill beo.

Seans gur leor é mar chúis.

Close
Close