Pleanáil teanga na Briotáinise

Seaghan Mac an tSionnaigh

Bhí suirbhé áirithe faoin bpleanáil teanga ina ábhar comónta cainte agus seal á chaitheamh i gceantar na Gaeltachta Láir i dTír Chonaill agam an mhí seo caite. D'fheicinn fógraí ar thaobh an bhóthair a d'fhéach le rannpháirtíocht an phobail a mhealladh agus dealraíonn sé anois ó thuairisc a foilsíodh ar shuíomh idirlín RTÉ ar an 20 Lúnasa ná gur 730 duine a chuir a dtuairim ar fáil don chéim seo den phleanáil teanga sa réigiún. Cleas cliste sochtheangeolaíoch is ea a leithéid – is é an teip a bheidh i ndán d'aon phlean teanga nach dtugann le tuiscint do phobal na mionteangan gur leo agus gur ar mhaithe leo iad na bearta a dtabharfar fúthu amach anseo.

Tá sé suimiúil le tabhairt fé ndear go bhfuil cur chuige mar é á chleachtadh ag pleanálaithe teanga na Briotáinise i láthair na huaire chomh maith. Sa bhFrainc gan dabht a labhraítear an Bhriotáinis, teanga a bhfuil gaol gairid go leor aici leis an mBreatnais agus leis an gCoirnis. Teangacha Ceilteacha Briotaineacha iad na trí theanga sin – teangacha Ceilteacha Gaelacha iad an Ghaeilge, an Ghàidhlig agus an Mhanainnis.

Dála na dteangacha Ceilteacha eile, tá a dóthain den chos ar bolg agus den bhiogóideacht feicthe ag an mBriotáinis, agus an teanga ag meath léithi de dheasca na drochíde a tugadh di in imeacht na gcéadta.

Impireacht chumhachtach ab ea an Fhrainc sa naoú haois déag tráth inarbh í an Fhrançais an teanga ba mhó tionchar ar domhan, d'fhéadfaí a rá. Drochmheas ceart a bhíodh ag na himpiriúlaithe Francacha ar aon cheann de theangacha eile na tíre, agus iarrachtaí coinsiasacha éagsúla á ndéanamh acu ar iad a dhíbirt dá réir sin.

"Soyez propres, parlez francais" nó "bígí glan, labhraígí Français" an fháilte a chuirtí roimh chainteoirí óga Briotáinise, Bascaise, Ocsatáinise srl a théadh ar scoileanna náisiúnta. "Il est defendu de parler breton et de cracher a terre" (= "níl cead Briotáinis a labhairt ná seile a chaitheamh ar an talamh") ceann de na manaí ciníocha a dhírigh isteach ar an mBriotáinis go sonrach:

Is é an bád bán a bhí i ndán do shaoránaigh Fhrancacha ó éagsúlacht cúlraí teangan, agus ar theacht i dtír dóibh, is í an Fhrançais a bheadh mar lingua franca sa Nua-Fhrainc nó i gCeanada Francach mar a thugtar anois air. Seanscéal é seo a thuigeann muintir na hÉireann go dianmhaith.

Is é an Ofis Publik ar Brezhoneg (Oifig Phoiblí na Briotáinise) atá freagrach as cur chun cinn na Briotáinise sa lá atá inniubh ann, agus ba é stiúrthóir na heagraíochta úd a chuir tús le sraith cruinnithe poiblí a reáchtáladh ar fud na Briotáine d'fhonn tuairim an phobail ar cheist na teanga a fhiosrú. In Karhaez na Briotáine a tharla an chéad eagrán sa tsraith i mí Eanáir, agus an méid seo á rá ag stiúrthóir an Ofis Publik ar Brezhoneg Fulup Jakez:

"Beidh mé ag taisteal ar fud na Briotáine le linn don taighde seo a bheith á chur i gcrích agam. Is é an sprioc a bhaineann leis an taighde ná tuairim a fháil ar staid reatha na Briotáinise sula dtabharfar faoi thograí a bhaineann leis an bpleanáil teanga."

Meastar go bhfuil beagán os cionn 200,000 cainteoir Briotáinise ann, figiúr arb ionann é agus 5% de dhaonra iomlán na Briotáine. Tá dúichí áirithe de chuid na Briotáine inar cainteoirí Briotáinise suas le 25% den daonra – Meán-Iarthar na Briotáine ina eiseamláir de cheantair "Ghaeltachta" láidre na Briotáine. Ar a shon sin agus uile, ní théann ach deich faoin gcéad de dhaltaí scoile ar scoil lán-Bhriotáinise sa dúthaigh áirithe sin, agus tá seachadadh na Briotáinise i gceantair mar seo faoi bhagairt dá réir sin. Cuirim i gcás gur seachtó bliain an aois mheánach i measc lucht labhartha na Briotáinise ar fad.

Ar an láimh eile de, tá áiteanna eile mar Vannes ann nach maireann de chainteoirí dúchais Briotáinise iontu ach 1% de dhaonra na háite, ach a thuairiscíonn fás as cuimse a bheith ag teacht ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna diwan. Is gearr anois go n-osclófar an dara hardscoil diwan d'fhonn freastal ar an éileamh in Vannes, baile nach bhfuil chomh mór le Port Láirge ó thaobh daonra, agus gan i bPort Láirge ach an t-aon Ghaelcholáiste amháin.

Ur yezh hepken n'eo ket a-walc'h mana spreagúil na scoileanna diwan – "ní leor aon teanga amháin go deo". Guífeam gach rath orthu!


Close
Close