Plean folamh don Tuaisceart ag an rialtas nua atá á lua ó dheas

Eoin Ó Murchú

Tá sé os cionn dhá mhí anois ó bhí olltoghchán ó dheas – agus níl aon rialtas ann go fóill.

Mar sin féin tá an dá sheanpháirtí, Fianna Fáil agus Fine Gael, ag sraonadh leo go spadánta i dtreo rialtais, agus cáipéis curtha le chéile acu in iarracht le páirtithe eile a mhealladh chucu, rud atá riachtanach má tá móramh sásúil le baint amach sa Dáil.

Níl ach 72 shuíochán as 160 ceann ag an dá pháirtí, agus is gá dóibh ochtar TD eile a thabhairt leo chun an beart a dhéanamh. Mar sin tá an cháipéis seo á seoladh go dtí na páirtithe agus neamhspleáigh go léir – seachas Sinn Féin ná an cúigear den eite chlé i bhfad amach.

Rialtas náisiúnta aontaithe, mar dhea, ach amháin go bhfuil an páirtí a fuair an líon is mó vótaí le coinneáil amach. Agus sin é, i ndáiríre, an sprioc a fheictear leis an iarracht seo.

Ní cosúil ámh go bhfuil na mionpháirtithe – an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialacha nó fiú Páirtí an Lucht Oibre – róthógtha leis an mealladh. Dúirt na Glasaigh go bhfuil na moltaí don rialtas iontach doiléir. Dúirt Alan Kelly, ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre, go raibh na moltaí céanna uaillmhianach is gan substaint.

Seans maith, mar sin, go mbeidh ar an dá sheanpháirtí dul i mbun rialtais le tacaíocht roinnt neamhspleách (deichniúr nó níos mó). Agus is ar éigean a bheadh seasmhacht ar bith ag baint lena leithéid de rialtas.

Rialtas lag mar sin nach bhfuil aon aidhm aige ach Sinn Féin a choinneáil as oifig. Sa gcaoi sin tá siad sásta glacadh le ceannlínte pholasaithe Shinn Féin – i dtaobh tithíocht is sláinte ach go háirithe – ach, mar a deir Kelly, níl aon substaint ná sonraí ag baint lena gcuid moltaí.

Deir an dá pháirtí gurb amhlaidh atá ar mhaithe le spás a thabhairt do na mionpháirtithe a gcruth féin a chur ar an gclár rialtais. Ach cé go gceaptar go mbeadh Éamon Ryan, ó na Glasaigh, agus Alan Kelly, ón Lucht Oibre, ar bís le dul isteach, is ar éigean a d'éireoidh leo a gcuid páirtithe a thabhairt leo.

Ní hamháin sin, ar ndóigh, ach tá cur i gcoinne láidir ann taobh istigh de Fhianna Fáil. Má deirtear ón taobh amuigh nach bhfuil aon difear idir Fianna Fáil agus Fine Gael ní mar sin a fheiceann baill na bpáirithe sin é.

Faoin tuath go háirithe, is iad na daoine atá níos saibhre atá bainteach le Fine Gael, agus daoine nach bhfuil chomh saibhir sin ag baint le Fianna Fáil.

Bhí Fianna Fáil in ainm agus ard-fheis a reáchtáil le guth a thabhairt don bhallraíocht faoin scéal, ach mar gheall ar COVID-19 ní féidir sin a dhéanamh. Tá an cheannaireacht ag iarraidh nach mbeadh aon vótáil tríd an bpost ann ach an oiread agus mar sin go bhfágfaí ag an gceannaireacht féin é tuairim na ballraíochta a mheas!

Más rialtas chomh lag sin is chomh mífheidhmiúil sin atá romhainn, is ar éigean a dhéanfadh sé aon rud maidir leis an Tuaisceart seachas cur i gcoinne Shinn Féin gach seans a thiocfadh chuige.

Deirtear sa gcáipéis go n-oibreodh an rialtas nua le gach traidisiún ar an oileán (ach amháin Sinn Féin?). Chuige sin tá aonad le bunú i Roinn an Taoisigh le dul i mbun oibre le comhthuiscint faoi oileán aontaithe a chruthú.

(Nótáil: oileán aontaithe, ní Éire aontaithe).

Is léir mar sin nach mbeidh an rialtas seo – má thagann ann dó – ag tacú le reifreann ar bith faoin teorainn.

Maidir le moltaí dearfacha, ar nós infheistiú san A5 nó fiontair trasteorann eile níl aon chostas ná caiteachas faoi leith luaite – easnamh atá le tabhairt faoi deara sa gcáipéis ar fad nach mór.

Ceannlínte uaillmhianacha atá ann in ionad aon chlár a bhfuil moltaí cinnte ag baint leis. Go deimhin luaigh Alex Kane, iar-oifigeach preasa de chuid Pháirtí na nAontachtaithe, gur “mó de bhúf ná de thafann” atá ann.

Agus an Breatimeacht ar tí teacht isteach go fírinneach tá gá thar mar a bhí riamh roimhe le plean cinnte comhoibrithe idir Tuaisceart agus Deisceart. Ach níl a leithéid le feiceáil sa gcáipéis seo.

Más rialtas lag é, agus sin é an chosúlacht atá ar chúrsaí faoi láthair, is cosúil freisin nach mairfidh sé rófhada.

Is mura bhfuil fáilte le cur roimh chlár an rialtais seo, is cóir a bheith buíoch gurb amhlaidh a bheidh.

Close
Close