Agus Oíche Shamhna linn beidh na púcaí agus na puimcíní ag líonadh na sráideanna anocht lán le sceitimíní agus milseán ach lá den tsaol ní ar son spraoi ná spórt a chuir daoine feisteas orthu ach chun iad féin a chur as aithne agus a shabhailt ó dhroch-thaibhsí.
Labhair muid le Róise Ní Bhaoill faoi chuid de na piseoga a bhaineann leis an oíche thaibhsiúil seo. Bí réidh le bheith scanraithe...!