Michelle Nic Pháidín
Is cosúil go bhfuil pleananna ag rialtas na hAstráile cosc a chur ar dhaoine faoi 16 bliana úsáid a bhaint as na meáin shóisialta sa tír ón bhliain seo chugainn ar aghaidh, agus tá go leor cainte agus cáinte á dhéanamh dá bharr.
Tá sé ráite ag Príomh-aire na hAstráile, Anthony Albanese, go gcuirfear an dlí os comhair na parlaiminte i mbliana agus, má éiríonn leis, go mbeifear á chur i bhfeidhm go luath ina dhiaidh sin.
D’fhágfadh sé sin go mbeadh an Astráil ina ceannródaí ó thaobh dlíthe meán sóisialta de agus is cinnte go gcuirfeadh tíortha eile suim sa scéal. Ni inniu ná inné a léirigh tuismitheoirí a n-imní i dtaca le húsáid na meán sóisialta, go háirithe ar na fóin chliste.
Beidh na mór-ardáin curtha clúdaithe faoin chosc seo: Instagram, X, Facebook agus Tiktok san áireamh.
Tá sé luaite ag Albanese go bhfuil tuismitheoirí iontach buartha fá shábháilteacht a bpáistí ar líne agus dúirt sé go mbeadh dualgas orthu seo atá i mbun na n-ardán a léiriú go bhfuil an iarracht is mó ar bun acu gan ligean do pháistí faoi aois úsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí.
Tá dhá thaobh ar gach aon scéal ach sílim féin gur rud maith atá ann ar bhunús amháin, agus is é sin nach bhfuil am ag tuismitheoirí monatóireacht cheart a dhéanamh ar gach aon rud a mbíonn páistí ag amharc air. Caithfear a bheith airdeallach réadúil agus sláinte ár bpáistí a chur i dtús áite i gcónaí.
Dúirt Dany Elachí ón eagras Heads Up Alliance le CNBC san Astráil go bhfuil lúcháir air go bhfuiltear ag tabhairt aird ar an mhéid atá siadsan a rá le tamall. Dar leis gur tuismitheoirí is mó a thuigeann an damáiste atá na meáin shóisialta a dhéanamh do pháistí agus gurb é seo an chéad uair le 15 bliana anuas a bhfuil aitheantas ceart faighte ag an fheachtas.
Dúirt Antigone Davis, urlabhraí ar son Meta, an comhlacht a bhfuil Facebook agus Instagram faoin stiúir, go mbeadh meas acu ar cibé srianta ba mhian leis an rialtas a chur i bhfeidhm. Ina ainneoin sin, dúirt sí gurbh fhiú amharc ar mhodhanna eile le sábháilteacht páistí a chaomhnú agus a chinntiú.
Anuas air sin, léirigh lucht acadúil go mbeadh srianta dá leithéid rófhairsing le bheith éifeachtach.
Dúirt Jackie Hallan ón ghrúpa Reachout gur mó úsáid a bhaineann an t-aos óg as na meáin shóisialta le tacaíocht a fháil maidir lena meabhairshláinte. Dar léi go ndéanfadh cosc páistí a ghríosadh le rudaí a choinneáil faoi cheilt óna dtuismitheoirí agus óna gcaomhnóirí.
Táthar ag rá chomh maith go ndéanfadh cosc dá chineál páistí na hAstráile a choinneáil siar ó dhul chun cinn na teicneolaíochta agus is dócha go bhfuil cnámh den fhírinne sa mhéid sin.
Tá daoine óga i bhfad chun tosaigh ar chuid mhaith tusimitheoirí ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de agus níor mhaith le go leor tuismitheoirí go dtitfeadh a bpáiste ar gcúl i scileanna atá tábhachtach do shaol an lae inniu.
Measaim go bhfuil neart a d’fhéadfadh a bheith déantá i dtír ar bith a dtiocfadh an dlí seo i bhfeidhm ann: ranganna teicneolaíochta a chur ar fáil do páistí in áit shábháilte a bhfuil monatóireacht ar siúl ann.
Nuair a bhí muidne óg ní raibh cead againn Dallas nó Dynasty a choimhéad go raibh muid sna déaga. Monatóireacht de chineál inteacht a bhí ann i dtaca le gné amháin den teicneolaíocht agus ní dhearna na srianta sin dochar ar bith dúinn.
Ar an dóigh chéanna, cuireadh bac orainn a bheith ag léamh leabhair nach raibh fóirsteanach dár n-aoisghrúpa.
Ba chóir go mbeadh na mór-réalta ar nós Taylor Swift ábalta a n-ardáin shábháilte féin a chur ar fáil do pháistí agus nach mbeadh páistí ag fuilstint de bharr srianta a bheadh curtha i gcrích ar mhaithe leo féin.
Ag deireadh na dála is iad ár bpáistí ár dtodhchaí agus caithfear gach rud a dhéanamh lena chinntiú go mbeadh saol sona soineanta acu.