Páirtithe ar thóir na vótaí, arís

Ciarán Dunbar

Seo chugainn toghchán eile Tionóil, níos lú ná bliain ó bhí an ceann deireanach ann.

Tá sé róluath na torthaí a thuar go beacht ag an phointe seo mar go bhfuil cúrsaí polaitíochta ag athrú ó lá go lá agus tá barraíocht gnéithe neamhchinnte ann.

Bhí Sinn Féin faoi chois ag an DUP le blianta beaga anuas.

Mar gheall ar líon a gcuid teachtaí, agus de bhrí go raibh an DUP ag cosaint an status quo seachas ag iarraidh athrú ar bith - bhí an lámh in uachtar acu go nádúrtha.

Chonaic Sinn Féin deis chun briseadh amach ón timpeallú sin nuair a tháinig an scannal faoin scéim fuinnimh inathnuaite (RHI) chun tosaigh agus ghlac siad leis, ní nach ionadh.

Tá gliondar ar lucht tacaíochta an pháirtí mar gheall air sin, bhí a sáith acu den DUP agus, b'fhéidir, d'institiúidí Stormont féin, in ainneoin gur foinse thábhachtach airgid agus fostaíochta iad do Shinn Féin, mar a bhí do gach páirtí eile.

Ar an cheist is mó faoi láthair is é cé a bheas i mbun fórsaí Stormont Shinn Féin anois agus fathach mór an pháirtí in Ultaibh, Martin McGuinness, éirithe as mar gheall ar thinneas.

Is í an tAire Sláinte Michelle O'Neill, bean 40 bliain d'aois as Cluain Eo i dTír Eoghain, rogha na coitiantachta.

Conor Murphy, iar-chime de chuid an IRA an dara duine is mó a luaitear leis an ról.

Cabhraíonn cúlra s'aige san 'Arm' i nGluaiseacht na Poblachta ach bheadh sé ina thargaid ag eilimintí frith-phoblachtacha sna meáin ón chéad lá.

Is é an tAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir an tríú duine a luaitear.

Thuar mé le tamall go raibh Máirtín ag dul chun tosaigh i Sinn Féin ach tuigtear dom anois nach spéis leis an ról.

Ní soiléir tionchar scannal na scéime fuinnimh inathnuaite go fóill agus cá mhéad dochar a dhéanfaidh sé don DUP sna seachtainí amach romhainn.

Bhí siad go daingean ar an cheist go dtí seo ach le seachtain anuas tháinig athrú ar chur chuige an pháirtí maidir leis an dóigh shotalach ar phléigh siad leis an chonspóid.

D'éirigh comhairleoir speisialta polaitiúil (SPAD) amháin as, duine eile acu ag seasamh siar ó aon dualgas bainte le RHI agus Ball Tionóil ag admháil go raibh baint ag baill dá theaghlach leis an scéim, cé go ndeir sé féin nárbh fhios dó sin.

Leanfaidh an scannal seo ar aghaidh le linn an fheachtais agus thiocfadh dó go dtitfidh vóta an DUP mar gheall air.

Ag an am céanna, más féidir leis an pháirtí teachtaireacht s'acu a chur amach – is é sin go bhfuil siadsan, agus dá bharr an t-aontas agus Tuaisceart Éireann faoi léigear ag Poblachtaithe – go spreagfaidh sé sin an pobal aontachtach teacht amach ina sluaite agus vótáil dóibh, beag beann ar scannal an RHI.

Sin a chreideann idir thráchtairí agus an pobal ag an phointe seo agus nach mbeidh athrú suntasach ann ó thaobh leagan amach an Tionóil – má shuíonn sé arís ar chor ar bith.

Tá cúrsaí Gaeilge lárnach san fheachtas seo ar dhóigh nach raibh riamh roimhe, a bhuí le hamaideacht an DUP agus a gcinneadh suarach deireadh a chur le scéim sparánachtaí Líofa, agus fonn ar Shinn Féin béim a chur ar ghnéithe áirithe eile seachas an RHI amháin.

Rud a thugann deis gan amhras do ghníomhairí teanga.

Tá Gaeilgeoirí ag cur brú ar Shinn Féin “ábhar líne dhearg” a dhéanamh as Acht Gaeilge – is é sin le rá go ndiúltóidh siad dul i mbun rialtais arís leis an DUP gan Acht Gaeilge de chineál éigin.

Ní dócha go n-aontóidh Sinn Féin leis sin mar ní dóigh le duine ar bith go ngéillfidh an DUP ar an cheist choíche.

54.2% an ráta vótála sa toghchán deireanach.

Glacann liobrálaithe leis gurb ionann an 45% nach mbacann le vótáil agus vótóirí “neamh-sheicteacha” atá uile go léir ar son ballraíochta den Ríocht Aontaithe, liobrálachas sóisialta agus féiniúlacht Thuaisceart Éireann.

Thiocfadh dó go bhfuil fírinne éigin ansin ach caithfear glacadh leis nach bhfuil ann ach comhairle in aice lena dtoil féin é ag cuid mhór de na daoine a mhaíonn a leithéid.

Mar sin féin, beidh na páirtithe ag díriú ar an dream seo.

An féidir leis an SDLP roinnt dá vóta mar a bhíodh a mhealladh ar shiúl ón tinteán ar feadh leathuaire chun vótáil?

An féidir le Alliance daoine nua a mhealladh chucu féin, daoine ó chúlra náisiúnach mar shampla?

An féidir le Sinn Féin easaontóirí agus poblachtaithe a chaill dóchas iontu a mhealladh ar ais an uair seo?

Thit vóta an SDLP sa toghchán deireanach agus tá tacaíocht an pháirtí ag ídiú le blianta fada anois.

Cinneadh maith a bhí ann dul isteach sa fhreasúra ach seans nach raibh an t-am acu go leor tionchair a imirt agus dul i bhfeidhm ar an phobal.

Tá líon na suíochán ag titim ó sé cinn i ngach toghcheantar go cúig cinn.

Tá 18 toghcheantar ar fad ann.

Bhain an SDLP 12 suíochán an uair dheireanach ach tháinig siad san áit dheireanach ceithre huaire.

Tá gach ceann de na suíocháin sin i mbaol láithreach gan trácht ar shuíocháin eile.

Tá an SDLP ag ionsaí Sinn Féin go fíochmhar sna meáin mar is i gcomórtas le Sinn Féin amháin atá siad a bheag nó a mhór agus tá ciall leis an taictic sin.

Ach cheana, tá baol ann nach dtaitneoidh sé sin leis an phobal náisiúnach i gcoitinne, go háirithe agus an-trua ag an phobal sin do Martin McGuinness agus é go dona tinn.

Tá Sinn Féin ag mothú trodach.

Is léir, cé go bhfuil ard-mheas acu go léir ar Martin McGuinness, go bhfuil siad ag baint sult as beagán saoirse a bheith acu agus gur mór an faoiseamh dóibh briseadh amach ón fheidhmeannas.

Is suimiúil gur shéimhigh seasamh an Alliance, faoi cheannaireacht Naomi Long, i leith na Gaeilge, i mBéal Feirste ar a laghad.

Is fíor áfach go bhfuil baill áirithe sa pháirtí chomh docht daingean i gcoinne na Gaeilge is a bhí riamh.

Caithfear seo a fheiceáil mar chuid d'iarracht daoine as cúlraí náisiúnacha a mhealladh chucu.

Measaim go ndéanfaidh Alliance go maith sa toghchán seo ach ní ann don pháirtí i mórchuid den Tuaisceart, go háirithe i gceantair náisiúnacha.

Go dtí go mbeidh, agus go dtí go ndéanfaidh an páirtí sin síocháin leis an chultúr Gaelach/Éireannach ina gcroí istigh – is i mBéal Feirste amháin a fhanfas siad dáiríre.

Tá seans ann don UUP an uair seo agus an DUP faoi bhrú ach, leis an fhírinne a dhéanamh, ní léir cén áit gur féidir leo níos mó suíochán a bhaint amach cé go gcaithfear a rá go bhfuil Mike Nesibitt measartha éifeachtach.

Go teoiriciúil, thiocfadh le Pobal Roimh Bhrabús dhá shuíochán a ghlacadh in Iarthar Bhéal Feirste ach bheadh meaisín toghchánaíochta láidir de dhíth chun sin a bhaint amach - ní léir go bhfuil sé sin acu ar an talamh go fóill.

Bhí ag éirí go maith le hEamonn McCann sa Tionól agus bhain sé go leor poiblíochta amach.

Mar sin féin, tá clú agus cáil air i nDoire le 50 bliain anuas agus ba é an toghchán deireanach an chéad uair ar bhain sé suíochán – ní dóigh liom gur féidir leis a bheith cinnte go mbeidh sé ar ais arís in Stormont, cé gur shantaigh sé féin an toghchán seo.

Tá go leor cor le teacht fós.

Ó scríobhadh an t-alt seo, ceapadh Michelle ÓNéill mar 'ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart'.

Close
Close