Oireachtas na Samhna: domhan eile a ardaíonn an croí

Concubhar Ó Liatháin

Domhan eile is ea Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na Gaeilge, agus nuair a ghabhann tú ann tá sé amhail is go bhfuil an domhan lasmuigh imithe as radharc ar fad.

Domhan lándaite na Gaeilge is ea an tOireachtas le hais domhan dubh agus bán an ghnáthshaoil Béarla.

Agus é ag glacadh lena bhuaicghradam cumarsáide, thug Martan Ó Ciardha, iar-eagraí spóirt le RTÉ Ráidió na Gaeltachta, le fios go mbeadh an fhéile a fhreastalaíonn na mílte air ag titim amach i gCill Airne i ngan fhios do na meáin agus don saol atá lárnaithe i mBaile Átha Cliath.

Domhan eile, mar a dúirt mé.  Domhan taithneamhach, fáilteach agus féilteach, gan amhras, ach tá an deighilt le sonrú agus is beag an baol go gcuirfear ar neamhní gan mhoill í.

Domhan é atá nach mór rúnda chomh fada agus a bhaineann sé leis an mórphobal, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach i gCill Airne freisin. Ag taisteal an bhóthair dhuit agus ag gabháil thar ionad an Oireachtais, Óstán an Gleneagle agus, a leathbhádóir, Óstán an Brehon, is ar éigean a thabharfá faoi deara gur láthair mhórfhéile náisiúnta a bhí ann.

Ar an gcéad oíche a d’fhreastalaíos, Oíche Chéadaoin, ba é an mothú ba mhó a bhí le tabhairt faoi deara i measc a raibh ann ná áthas agus sonas a bheith ar ais i dteannta a chéile arís agus gan clúidín aghaidh le feiscint in áit ar bith, ná trácht ar Zúm fiú.

An chéad oíche sin, b’oíche na nGradam Cumarsáide a bhí ann agus bhailigh idir réaltaí agus réaltóga na meán Gaeilge i seomra Mangerton an Gleneagle chun a fháil amach cé ar a roinnfí na lóchrainn lonracha a bhronntar ar na buaiteoirí. 

Páidí Ó Líonáird, an té a chuireadh i láthair 7 Lá, carraig aonair chúrsaí reatha TG4, ach atá anois ina bhainisteoir cumarsáide le hOifig an Choimisinéara Teanga, a bhí ina fhear a’ tí don oíche. É féin a bhí ag magadh gurb amhlaidh ná raibh Dáithí Ó Sé ar fáil ach bhí an Múscraíoch sásta an t-easnamh a chur i gcuimhne don slua ó am go ham chun oíche fhada a ghiorrú.

Nach mór trí uair an chloig a ghlac sé na lóchrainn a bhronnadh agus, de bharr gur thug na buaiteoirí go léir oráid inar ghabh siad buíochas le gaolta agus eile, mhothaigh sé i bhfad ní b’fhaide arís. I gcomparáid leis, ba ghasta mar a ghabh an trí bliana idir an t-amhrán a chan Máire Ní Choilim agus í ag ceiliúradh a bua i gCorn Uí Riada in 2019 ag an Oireachtas deireannach agus an ocáid seo.

Bhí gradam ann do An Cailín Ciúin, catagóir iomaíoch i mbliana thar mar a bhí sé i mblianta eile agus de bharr feabhas scéim Fís Éireann gach seans go mbeidh an iomaíocht níos géire arís san am atá le teacht. Labhair an stiurthóir Colm Bairéad agus an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi le paisean ón ardán faoin eispéireas. Bheadh sé go deas, mar a dúirt Páidí, iad a chloisint ag labhairt as Gaeilge ag Gradaim na Oscars an tEarrach seo chugainn i gCathair na nAingeal.

Ag deireadh na n-óráidí agus na mbronntaí, tháinig na méaróga bia amach agus ba léir go raibh goile ar an slua agus iad tar éis a bheith ag suí go hocrach agus go tartmhar le geall leis trí uair an chloig. Bheadh go leor den smailceanna le blaiseadh againn sna laethannta romhainn agus leabhair le seoladh, scannáin le léiriú den chéad uair agus clabhsúr a chur ar sheimineáir is cúirteanna filíochta.

Lá na nÓg is ea an Déardaoin go traidisiúnta agus bhí raidhse iomaitheoirí sna comórtais éagsúla dos na healaíona traidisiúnta - agallaimh beirte is lúibiní, sceitseanna agus scéalaíocht agus go leor bonn le bronnadh.

Comórtais iad seo ina mbíonn iomaitheoirí ó na ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta chun tosaigh iontu agus fuaireas leid ó cheann des na comórtais sin, Lúibíní do Dhaoine Óga, an tábhacht leis an Oireachtas agus an deathionchar is féidir a bheith aige. Beirt chailíní óga ó mo cheantar dúchais a fuair an tríú háit sa chomórtas, Aoibhínn Ní Dhonnchú agus Caoimhe Ní Mhaolchiaráin. Bhog a dtuismitheoirí gan Ghaeilge go dtí an ceantar dhá bhliain déag ó shin nó mar sin agus d’fhreastail a bpáistí ar an scoil áitiúil. 

Is cinnte gur comhartha dóchais é sin go bhfuil athbheochan de shórt i ndán don Ghaeltacht.

Leid bheag b’fhéidir ach nuair atá daoine gann ar dhóchas beirimid greim ar rudaí mar é agus is cinnte gur féidir tógaint air. 

Leid eile, b’fhéidir, go bhfuil téarnamh san aer agus lóchrann an Oireachtais á thabhairt ar aghaidh go dtí an gcéad ghlúin eile an oiread daoine óga a bhí páirteach sna príomhchomórtais sean-nóis. Colúnaithe leis an iris chomhaimseartha, NÓS, iad buaiteoirí Chomórtas na mBan, Sláine Ní Chathaláin, agus Comórtas na bhFear, Domhnall Ó Braonáin, daoine óga sna 20í agus go leor eile sna sála orthu. Ní hionann an scéal sin agus an íomhá a cheanglaímid leis an sean-nós.

Duine mise den dream a éisteann leis na comórtais sean-nóis ar an raidió. Ní chaithinn mórán ama ag éisteacht leo agus mé níos óige agus ní smaoineoinn riamh ar bheith páirteach sna comórtais sin.  Ba bheag duine de m’aoisghrúpa a bheadh páirteach ina leithéid. Tá claochló ar an scéal sin anois.

Is féidir go mbéarfadh daoine teachtaireacht diúltach ón ráiteas ag tús an ailt seo, gur domhan ann féin é Oireachtas na Samhna. Agus tá gnéithe agus iarmhairtí diúltacha ag baint leis.

Thug Julian de Spáinn léargas ar na hiarmhairtí sin agus é ag tabhairt eolas faoi phlean gnímh Chonradh na Gaeilge idir 2024 agus 2028 ag Seimineár an Oireachtais maidin Dé Sathairn. 

Tá go leor bainte amach sna pleananna gnímh go dtí seo - ardú mór tagtha ar mhaoiniú do leithéidí TG4 agus Údarás na Gaeltachta - ach ba léir freisin go bhfuil go leor fós le baint amach.

Sa tréimhse 2003-2022, is ar éigean a tháinig ardú ar mhaoiniú don nGaeltacht is don nGaeilge mar chéatadán de chaiteachas an Stáit. Sampla de seo an laghdú fírinneach a tháinig ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge sa tréimhse sin - is fiú €7m sa bhliain níos lú anois an €16.3m a fhaigheann an institiúid teanga trasteorann seachas an €17.2m a fuair sé in 2003. Sa tréimhse chéanna d’ardaigh maoiniú na Comhairle Ealaíon ó €44m in aghaidh na bliana in 2003 go dtí €130m in 2022.

Le linn thréimhse an phlean is déanaí a bhí ag Conradh na Gaeilge d’ardaigh maoiniú an Stáit don Ghaeilge ó 0.115% go dtí 0.119%, ardú beag ach suntasach. An sprioc uaillmhianach atá ag an gConradh, dúirt Julian, go mbeadh 0.5% á fháil ag an nGaeilge, sin €268m sa bhreis.

Nuair atá ag caint ar an mbearna idir domhan na Gaeilge agus an domhan mór a chur ar ceal, uaireannta is é an t-airgead an droichead.

Bhain an méid a bhí le rá ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an seimineár agus a raibh le rá ag Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, an codladh ó shúile lucht freastail an tseimineáir. Dar leis an Uasal Esslemont, a labhair go láidir faoin tslí ar nocht an Stát a leagan aonteangach ar an dtír le linn na paindéime. Mhínigh sé gur labhair Taoiseach na linne, Leo Varadkar, i mBéarla amháin leis an bpobal ag an tráth sin agus bhíodh a chuid óráidí breac le filíocht ó leithéidí Seamus Heaney. Ní hionann an scéal, dúirt an tUasal Esslemont, agus an cur chuige a bhí ag Mark Drakeford, Céad-Aire Cymru, agus é ag labhairt leis na meáin sa tír sin. Bhíodh seisean ag labhairt ar na meáin i mBreatnais agus i mBéarla gach lá.

Dá mba é sin an t-aon fhianaise ar an léargas atá ag an Stát nach ann don Ghaeilge, léargas a thiomáineann an Roinn Airgidis, bheadh díomá orainn ach thuigfimis (saghas). Ach níl ann ach mar a nocht an Stát an fuacht a chothaíonn sé don teanga tráth géarchéime, an uair a nochtann aon stát a fhíormhothúcháin.

Bhí go leor sna cainteanna éagsúla a thug ugach dom, agus nach leor an t-alt seo chun cur síos orthu ar fad. Ba é an salann a bhí ag teastáil chun blas a chur ar an bhféile, féile atá croíúil caradach cultúrtha. 

Sin cuid den dúshlán. Is féile mhór againn an tOireachtas, baineann gach éinne a fhreastalaíonn air rud éigin dó nó di féin abhaile leo. 

Is féile nach bhfuil ‘ar an radar’ ag an mórchuid den bpobal agus is boichte iad dá bharr sin. Ag an tráth seo tá macallaí an tsean-nóis imithe in éag i gCill Airne agus tá dorchlaí an Gleneagle lán le slua éigin eile agus táimid sa bhaile agus ag comhaireamh na laethannta go mbeimíd ar ais le chéile arís. Ar ais sa domhan dubh agus bán atáimid go ceann bliana eile.

Close
Close