Oidhreacht shaibhir Olivia Newton John

Seán Ó Dubhchon 

Ní raibh a leithéid d’amhránaí ann roimh Olivia Newton John, sár-réalta atá anois imithe ar shlí na fírinne. Ba cheannródaí í, i bhfad roimh Madonna, Britney Spears, Taylor Swift agus go leor ceoltóirí eile a bhain barr na gcairteacha amach ina diaidh. Tá an domhan faoi bhrat bróin agus í imithe uainn.

Tá aithne ag na milliúin daoine ar Olivia Newton John de bharr a cuid ceoil. Dhíol sí breis agus céad milliúin ceirnín, ó d’eisigh sí a céad singil ‘If Not For You’ sa bhliain 1971. Bhain sí cáil dhomhanda amach mar aisteoir chomh maith, go háirithe dá ról mar Sandy sa scannán ‘Grease’, ceann de na scannáin is rathúla riamh. Le tríocha bliain anuas, moladh go hard na spéire í dá cuid oibre ar son carthanachtaí ailse. Fuair Olivia amach go raibh ailse chíche uirthi den chéad uair in 1992. Tá cath mór troidte aici in éadan na hailse trí huaire ó shin, agus ar an drochuair, is í an ailse a thug a bás sa deireadh.

D'úsáid Olivia a hardán go héifeachtach agus í i mbun feachtasaíochta le haird a tharraingt ar an ailse. Chuir sí brú ar eagraíochtaí níos mó a dhéanamh maidir le taighde ar an ailse agus thiomsaigh sí na milliúin dollar le hionad a thógáil in Melbourne, le tacú leo siúd a bhí diagnóisithe le hailse chíche. Chuidigh a scéal agus a haistear le daoine eile a bhí ag fulaingt, agus thug sí misneach agus uchtach iontach dóibh.

Rugadh Olivia Newton John i Sasana sa bhliain 1948, ach bhog a clann go dtí an Astráil nuair a bhí sí cúig bliana d’aois. Bhí suim aici i gcónaí i ngnó na siamsaíochta, agus ní fada go raibh sí le feiceáil go minic ag canadh ar chláir theilifíse na hAstráile. Ba í a máthair a thug an spreagadh di filleadh ar Shasana le clú agus cáil a bhaint amach. Sin a rinne sí, agus ní raibh stop léi ó shin.

Ba shár-réalta dhomhanda í Olivia Newton John, agus bhí gean ar leith againne in Éirinn uirthi i gcónaí. Bhain sí barr na gcairteacha amach anseo cúig huaire, leis na hamhráin ‘Sam’, ‘You’re The One That I Want’, ‘Summer Nights’, ‘Hopelessly Devoted To You’ agus ‘Xanadu’. Ní dhéanfaimid dearmad ar na héachtaí a rinne sí i ‘Grease’, ‘Xanadu’ agus go leor scannáin eile. Ach, bhí áit ar leith ina croí ag Olivia d’Éirinn chomh maith, rud a léirigh sí nuair a tháinig sí anseo ar laethanta saoire sa bhliain 1996.

Thug sí cuairt ar iarthuaisceart Dhún na nGall don tsraith theilifíse ‘Holiday’, a craoladh ar BBC 1. Bhí a hiníon Chloe in éineacht léi agus d’fhan siad thart ar cheantar Dhún Fionnachaidh. Bhí a croí istigh in ainmhithe agus sa mharcaíocht capall, agus fuair sí go leor deiseanna dul ag marcaíocht agus í i dTír Chonaill. Chuir sí suim mhór i gcúrsaí cultúrtha agus staire, ag foghlaim níos mó faoin cheol traidisiúnta agus faoin tionchar a bhí ag an Ghorta Mór ar Dhún Fionnachaidh. Is léir gur thaitin áilleacht agus fiántas an chontae go mór léi, agus chuaigh sí go mór i gcion ar mhuintir na háite. Thaistil sí thart ar an iarthuaisceart le linn a cuid ama sa chontae, agus tá a lán daoine ag smaoineamh siar ar an am a chaith sí sa cheantar. Is iomaí dea-chuimhne atá ag daoine de Olivia Newton John. Ba chuma más in Hollywood nó i dTír Chonaill a bhí sí, is léir nach raibh an-éirí in airde inti riamh.  

Ní féidir smaoineamh ar cheol na seachtóidí agus na n-ochtóidí gan smaoineamh ar Olivia Newton John, agus tá na glúnta a tháinig ó shin i ndiaidh aithne a chur ar a saothar ceoil agus aisteoireacht iontach. Níl amhras ach go mbeidh daoine ag breathnú ar an scannán ‘Grease’ sna seachtainí amach romhainn, le gean, cumha agus brón, agus iad ag smaoineamh faoin lorg iontach atá fágtha ina diaidh ag Olivia.

Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.

Close
Close