Níl ach trí rogha os comhair na hÚcráine

Ciarán Ó Pronntaigh

Bheadh sé doiligh gan comhbhá a bheith agat le muintir chróga na hÚcráine agus iad ag seasamh in éadan arm mór na Rúise. Náisiún beag ag treabhadh a iomaire féin beag beann ar chumhacht mhór. Ar an drochuair, ní stopann pictiúir de pháistí scanraithe cogadh ar bith agus ní stopfaidh siad é sa chás seo.

Go cinnte, bhí cuma ghránna ar an dóigh ar bhagair Putin an Úcráin agus an t-ionsaí a tháinig ina dhiaidh. Ach má sheasaimid siar giota beag, tá ceist ann faoi ról NATO. Chomh fada siar le 2008, thug NATO cuireadh don Úcráin agus don tSeoirsia a bheith ina mbaill den eagraíocht, dhá thír atá ar theorainn na Rúise. Cheana féin, tugadh ballraíocht don Eastóin, don Liotuáin agus don Laitvia, trí thír a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, rud a tharla nuair a bhí an Rúis níos laige ná mar atá inniu.

Cad é, mar sin, an tábhacht a bhaineann le NATO agus cad é an difear a dhéanann sé má tá an Úcráin mar bhall nó nach bhfuil? Cosúil leis na Stáit Aontaithe, amharcann an Rúis uirthi féin ní mar thír ach mar shárchumhacht, impireacht, más maith leat. Amharcann na sárchumhachtaí orthu féin mar an t-aon údarás ina gcuid féin den domhan. I gcás na Stát Aontaithe, tá rud a dtugtar Dúnghaois Monroe air. Is fógra é sin don chuid eile den domhan gurb é Meiriceá an limistéir atá faoi riail na Stát Aontaithe agus nach mbeidh cead ag sárchumhacht eile bogadh isteach.

Ba mhaith le Putin an rud céanna a bheith aige don Rúis, agus maíonn sé go bhfuil NATO de shíor ag bogadh soir. Má bhíonn an Úcráin in NATO, beidh arm an iarthair béal dorais ag Putin agus cead ag NATO cibé fórsaí nó diúracáin is mian leo a lonnú ann. Bhagair na Stáit Aontaithe an tríú cogadh domhanda le linn Ghéarchéim Diúracán Chúba in 1962. Níl sé deas ach tá Putin ag feidhmiú ar an dóigh chéanna san Úcráin.

Cad é an socrú a bheas ann sa deireadh, mar sin? An fiú do Putin tír 45 mhilliún duine a choinneáil faoi smacht go deo? Sin a dhéanamh agus leibhéal ard smachtbhannaí ina choinne? Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil ag éirí le harm na Rúise chomh geal agus a síleadh agus is cosúil go bhfuil crógacht na nÚcránach ag cur bac lena chuid pleananna. Níl aon dabht ná gur féidir leis na Rúisigh an tír a scriosadh ach cad é an praghas a bheadh le híoc acu?

Agus sin san áireamh, is ábhar dóchais é go bhfuil cainteanna beartaithe idir an Rúis agus an Úcráin. B’fhéidir nach dtiocfaidh rud ar bith astu ach, lá éigin amach anseo, beidh ar an dá thaobh stádas straitéiseach na hÚcráine a phlé. Mar a sheasann rudaí anois, níl ach trí rogha ann: tír de chuid an iarthair a dhéanamh di nó satailít de chuid na Rúise nó an stát a roinnt le stát Úcránach agus stát Rúiseach ann, bunaithe ar an dá mhórphobal sa tír.

An bhfuil bealach eile ann a choinneodh an Úcráin mar stát iomlán daonlathach? Dá ndéanfadh socrú oifigiúil idirnáisiúnta go mbeadh sí ina stát neodrach, gan bheith faoi réimeas NATO ná na Rúise, ní bheadh de leithscéal ansin ag an Rúis ionsaí a dhéanamh arís. Ach bheadh geallúint oifigiúil ó NATO de dhíth le go n-oibreodh an rogha sin ach níl aon chinnteacht ann go rachaidh siad síos an bealach sin agus an brú ag fás ar Putin agus a chuid olagarcaí. Idir an dá linn tá gnáthphobal na hÚcráine ag fulaingt.

Close
Close