Kathryn Ní Mhaoláin
Cearta teanga, cearta daonna. Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste. Conspóid an chrogaill. Ollscoil na Banríona. Cé againn nár chuala an argóint gur “sárú” ar chearta Béarlóirí é comharthaí dátheangacha a chrochadh?
Tá mórchuid na nGael ar aon intinn faoi throid na comharthaíochta dátheangaí. Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le tús áite a bheith tugtha don teanga agus don dream atá faoi chois, agus tá muid ar aon intinn nach rud é sin a bhaineann ó chomharthaí aonteangacha Béarla nó ó lucht léitheoireachta na gcomharthaí siúd. Agus muid sa tóir ar chearta daonna, ní cóir go sáródh sin cearta daoine eile. Tá na Gaeil sa tóir, arís eile, ar chomhionannas agus ar aitheantas.
Cad is comhionannas ann?
Cúpla lá ó shin, chuaigh criú ban i spáslong ar feadh bomaite dhéag “ar son an fheimineachais”. Bhí Katy Perry ina measc, ceoltóir a d’oibrigh le léiritheoir ceoil anuraidh a raibh cúiseamh éignithe curtha ina leith. Idir an dá linn, anseo in Éirinn, tá baill de phobal CLG den bharúil gur chóir go mbeadh Rory Gallagher ar ais i mbun bainistíocht ar fhoireann Dhoire i ndiaidh dá iarbhean chéile cúiseamh foréigin teaghlaigh a chur ina leith. Agus tá uachtarán tofa sna Stáit Aontaithe ina éigneoir ciontaithe, agus é ag tabhairt tacaíocht d’éigneoir ciontaithe eile atá sa tóir ar uachtaránacht na hÉireann. Tá mná na cruinne, arís eile, ag caint ar an ghéarghá leis an fheimineachas.
Cad is feimineachas ann?
Tá sraith nua theilifíse Harry Potter fógartha, ina mbeidh aisteoirí iomlán éagsúil uathu siúd a bhí sa tsraith scannán a tosaíodh sa bhliain 2001. An comhtharlú é nach mbeidh na príomhaisteoirí anois aitheanta mar phríomhcharachtair na sraithe iomráití seo, ina dhiaidh dóibh labhairt amach in éadan an trasfhóibe a léirigh JK Rowling in 2020?
Dar le Rowling, is ionann a bheith i d’fheimineach agus diúltú gurb ann don trasinscneacht. Dar le Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe ina rialú a tugadh Dé Céadaoin seo caite, is ionann an sainmhíniú dleathach ar “bean” agus an “gnéas bitheolaíoch”. Dar leo go hoifigiúil anois, is rud “dénártha” é coincheap an inscne. Tá sé sáinnithe sa dlí nach mná iad mná trasinscne.
Is buille trom é seo don phobal tras agus don phobal LADT+ i gcoiteann. Ní féidir a shéanadh gur pobal iad atá faoi leithcheal, faoi ionsaí, faoi éagóir, le blianta fada. Ciallaíonn an rialú seo go mbeidh mná trasinscne díbeartha ó “spásanna na mban”. Ní bheidh cead acu suí ar bhoird phoiblí in áiteanna atá curtha ar leataobh do mhná. Ach anuas air sin, tá fasach contúirteach á bhunú leis an rialú seo, a d’fhéadfadh bac a chur orthu dul chuig carthanachtaí na mban, seomraí feistis, leithris, brúnna do dhaoine gan dídean, seirbhísí leighis agus neart eile.
Taobh amuigh den Chúirt Uachtarach i Londain Dé Céadaoin, bhí ceiliúradh á dhéanamh ag For Women Scotland agus a lucht tacaíochta. Mná a throid in éadan chearta na mban trasinscneach. Seaimpéin ina lámha acu. Damhsa. Gairdeas. Scairteadh. Chuir sé i gcuimhne dom na hagóidí atá ar siúl faoi láthair i Mórstaisiún Lárnach Bhéal Feirste in éadan comharthaíocht dhátheangach. Tá na léirsitheoirí seo ag scairteadh nach bhfuil gá leis na comharthaí “Gaeilge”, agus go gcuirfeadh siad dream an Bhéarla faoi chois.
An gcuireann sé isteach ar chearta na mBéarlóirí má bhíonn comharthaí dátheangacha ann? Agus an gcuireann sé isteach ar mo chearta mar bhean má bhíonn cearta ag mná trasinscne fosta?
Nó an féidir linn comhionannas a bhaint amach gan bheith ag baint óna chéile?
Is mná iad mná trasinsnce. Agus ní saoirse go saoirse na mban ar fad.