Ní neart go cur le chéile

Ann-Marie McDermott

Sa bhliain 1889 bhunaigh Mirza Ghulam Ahmad an tseict chreidimh Ahmadiyya Muslim Community san India.

Cleachtann an grúpa Ioslamach seo an nós go bhfuil siad i mbun athbheochan shíochánta ar an Ioslam.

Faoi láthair tá 35, 000 ball sa Ríocht Aontaithe agus ar an Satharn chas an grúpa seo lena cheile den chéad uair ó tharla an t-ionsaí sceimhlitheoractha i Westminster.

Chomh luath agus a bhí an ócáid seo fógartha, rinne mé teagmháil le mo chara, Farooq.

Oibríonn sé ar son an ghrúpa seo i Londain - bíonn air bheith dearfach agus i mbun na hoibre seo gan eisceacht, agus is amhlaidh a bhí sé.

Dúirt sé liom go raibh Moslamaigh i Londain díomách faoin mhéid a tharlú mar, ar ndóigh, níl baint ar bith ag an gcuid is mo acu lena leithéid.

Nuair a labhair an Méara Sadiq Khan amach i ndiaidh an ionsaithe, thug sé le fios nach raibh an íomhá ceart ná cruinn faoi Mhoslamaigh atá ina gcónaí sa chathair.

Shiúil mé isteach trí dhoirse móra Mhosc Baitul Futh i Morden i dtuaisceart Londan.

Is é seo an Mosc is mó in Iathar na hEorpa.

Tráthnóna álainn geal a bhí ann agus bhí an áit dubh le daoine; ní hamhain ón phobal Moslamach.

D’fhreastail beirt MP, Paul Scully agus Siobhan McDonagh, ar an ócáid, daoine atá tar éis an-obair a dhéanamh sa pharlaimint ar son an phobail i Sasana.

Ba ócáid an-tábhachtach é seo mar bhí ceannaire an ghrúpa AMC ann chun treoir agus compord a tabhairt don lucht leanúna.

Hazrat Mizra Masroor Ahmed an t-ainm atá air. Dar le Farooq go bhfuil sé ar nós ‘an Phápa’ don phobal Ioslamach.

“We must stand up against all forms of oppression and hatred and use all our efforts to try and foster peace in the world,” a duirt sé. “No matter what terrorists may claim, under no circumstances are indiscriminate acts or killings ever justified.”

Tar éis an ráitis seo, phléasc an Mosc amach le buladh bos agus comóradh.

Bhí sé iontach daoine as gach cúlra a fheiceáil ag teacht le chéile chun tacaíocht a thabhairt dá gcomharsana.

Mhol Theresa May an chomhdháil, ag rá, “a reminder of your community’s commitment to promoting peace.”

Táim i mo chónaí i Londain, cathair a roinnim le 8.6 milliún duine eile; agus as an ocht milliún sin cleachtann 12.4% acu Ioslam.

I ndiaidh an vóta faoi Bhreatimeacht, d’ardaigh ionsaithe ar dhaoine Moslamacha le 326%.

Tharla na hionsaithe seo thar threimse dhá mhí.

Níor fhreagair an pobal Moslamach le foréigean ná gníomh sceimhlitheoireachta.

Lean said ar aghaidh lena saol go sámh agus d’fhág siad na hionsaitheoirí ag na póilíní.

Tar éis seo, d’aithin neart daoine i Londain nach mbíonn a dhóthain deanta ar son na Moslamach.

D’aithin daoine go raibh neart acu ag fulaingt go huafásach mar gheall ar ISIS agus an íomha atá cruthaithe acu.

Tá meon daoine ag athrú mar thoradh. Níl siad ag iarraidh an gnáth-Mhoslamach a bheith curtha ar an imeall.

Tugann ócáidí ar nós an Peace Symposium dóchas dom go bhfuil dearcadh an duine á athrú.

Tá daoine i Londain ag iarraidh seasamh in aghaidh sceimhlitheoireachta le cheile mar tá a fhios againn go bhfuilimid níos láidre le cheile ná óna chéile.

Close
Close