Lisa Nic an Bhreithimh
Ar an 21 Eanáir 1982, dúnmharaíodh Charles Self i mBaile na Manach. Fear aerach a bhí ann agus, breis is 40 bliain níos déanaí, níor ciontaíodh éinne as an dúnmharú fós.
Ar an 9 Meán Fómhair 1982, an bhliain chéanna, mharaigh scaifte déagóirí fear darbh ainm Declan Flynn i bPáirc Fionnradhairc. Gearradh pianbhreitheanna ar fionraí ar na dúnmharfóirí uile.
Go dtí an 24 Meitheamh 1993, 30 bliain ó shin anois, bhí sé i gcoinne an dlí caidreamh collaíochta a bheith ag daoine aeracha.
Sa bhliain 2017, d’fhoilsigh an eagraíocht TENI tuarascáil dar teideal STAD (Stop Transphobia and Discrimination) a léirigh go ndearnadh 62 choir fuatha ar dhaoine trasinscneacha ar oileán na hÉireann idir 2014-2016. Bhí bagairtí dúnmharaithe, ionsuithe agus ciapadh gnéis i measc na gcoireanna a luadh.
Ar an 11 Aibreán 2022, bliain ó shin, dúnmharaíodh beirt fhear aeracha, Aidan Moffitt agus Michael Snee, i Sligeach.
Ar an 16 Bealtaine 2022, rinneadh ionsaí ar lánúin leispiach ag stad bus i mBaile Átha Cliath, gortaíodh go dona agus cuireadh chuig an oispidéal iad, an lá roimh an Lá Idirnáisiúnta in éadan an Homafóibe, Défhóibe agus Trasfhóibe.
Dé Luain an 15 Bealtaine 2023, níos lú ná dhá mhí ó shin, rinne grúpa déagóirí ionsaí ar dhuine óg aiteach, a fágadh le fiacla briste, comhtholgadh, ballbhrúnna dona go forleathan agus rian bróige ar an éadan. Rinneadh taifead físe den ionsaí agus scaipeadh é ar na meáin shóisialta.
Faoi láthair, ní féidir le beirt aithreacha in aon chlann LADTA+ i bPoblacht na hÉireann a bheith ainmnithe ar theastas breithe a bpáistí, ná go leor máithreacha LADTA+ ach an oiread. Má tharlaíonn aon ní don tuismitheoir atá ainmnithe, má bhíonn siad as baile – níl aon chosaint dlíthiúil ag na páistí seo. Níl na cearta céanna acu le páistí na gclann heitreaghnéasach. Níl comhionannas acu. Níl mórlach na bpáistí seo fiú mar chuid den phobal LADTA+ ach toisc an bhaint atá acu leis, ní thugtar comhionannas dóibh.
Nuair a deirimid ‘Pride is a protest’, nuair a deireann daoine den phobal LADTA+ nach mothaíonn siad sábháilte in Éirinn na laethanta seo, nuair a deirimid nach bhfuil comhionannas againn, go bhfuil fearg orainn – seo iad na cúiseanna leis. Ní léir dúinn go bhfuil an tír sábháilte. Níl sé léirithe inár stair. Tarlaíonn ionsaí i ndiaidh ionsaí eile, lá in aghaidh lae.
Níor leor reifreann amháin do chineál amháin ceart do chineálacha áirithe daoine aiteacha – pósadh do lánúineacha aonghnéis – chun comhionannas agus sábháilteacht iomlán a bhaint amach don phobal aiteach in Éirinn. Céim thábhachtach chun tosaigh a bhí ann, ach tá go leor leor céimeanna fágtha le glacadh sa tír seo.
Tá éagsúlacht féilte Bród ag tarlú fud fad na hÉireann an samhradh seo – Bród na Gaeltachta, Bród Tras agus Idirghnéasach, Bród an Mhuilinn Chearr, Bród Bhéal Feirste, Bród Dhún Garbháin agus Bród Bhaile Átha Cliath anois ar an 24 Meitheamh, i measc an iliomad féilte eile nach iad fud na tíre. Ábhar bróid é sin féin do thír ina raibh sé mídhleathach a bheith aerach 30 bliain ó shin, gan trácht ar eispéiris na ndaoine trasinscneacha agus na ndaoine eile sa phobal nach luaitear chomh minic céanna.
I mbliana céiliúrfaimid Bród, ach beidh go leor dínn sa phobal ag cuimhneamh chomh maith céanna ar na daoine atá ainmnithe thuas, agus ar na daoine nár chualathas trácht orthu, agus tuigimid, ag breathnú dúinn ar an dul siar ar dhlithe agus cearta dár bpobal timpeall na cruinne, nach bhfuil aon ní cinnte ná sábháilte.
Mar phobal is gá dúinn a bheith láidir na laethanta seo, oiread agus is féidir linn. Más féidir linn, má tá sé sábháilte a leithéid a dhéanamh, is maith dúinn labhairt faoinár bpáirtithe, greim láimhe a bhreith ar a lámha agus muid amuigh os comhair an phobail, labhairt faoinár bhféiniúlachtaí oiread agus is féidir é. Tá an tsofheictheacht tábhachtach. Tá ceiliúradh an tsonais aitigh (queer joy) tábhachtach. Tá sé tábhachtach go léirimid go bhfuil, go raibh agus go mbeidh muid anseo go deo – lasmuigh nó laistigh den ‘closet’ mar dhea.
Tá daoine cisinscneacha (daoine nach bhfuil trasinscneach) agus heitreaghnéiseacha ag teastáil níos mó ná riamh – a bheith mar fhíorchomghuallaithe, mar chairde, mar thacaíocht. Tá a nguthanna ag teastáil go géar uainn go glórach nuair a dhéantar ‘díospóireachtaí’ agus ‘plé’ faoinár saolta, faoinár bhféiniúlachtaí. Tá gníomhaíocht ag teastáil ón bpobal ar fad. Ná mothaimís nach féidir linn a bheith mar chuid den chomhrá mura bhfuil eispéireas pearsanta againn d’ábhar. Cuirimis daoine a bhfuil an t-eispéireas acu chun tosaigh, tacaímis leo, ach fós féin, bímis cróga agus mar chuid den chomhrá. Tá iliomad agus éagsúlacht guthanna de dhíth anois.
Is gá dúinn uile a bheith mar chuid den chomhrá – ar son an chineáil sochaí atá uainn in Éirinn, ar son na bpáistí inár dteaghlaigh atá nó nach bhfuil go fóill ar an saol, ar son na gcairde atá nó a bheidh againn amach anseo, ar son na hÉireann agus ar son an chomhionannais.
D'éinne ar mhaith leo tacaíocht i leith a bhféiniúlachta féin, nó féiniúlacht duine muinteartha leo nó cairde leo, nó dóibh siúd ar mhaith leo tacaíocht a thabhairt don phobal, seo cuid de na seirbhísí iontacha timpeall na tíre, agus tá go leor eile ann nach iad:
https://cara-friend.org.uk/contact-us/
https://www.facebook.com/TeachSolaisLGBT/
http://www.dublinlesbianline.ie/
https://www.rainbow-project.org/#
https://www.rainbow-project.org/i-am-asexual/