Na meáin ar líne: neamhbhuan agus neamhiontaofa le hais na seanré

Dónall Mac Giolla Chóill

Tá cara liom, tugaimid Micí Sheáin Mac a’ Daba air, ar mhaithe leis an alt seo.

Anois is saineolaí é MJ (mar a thugaim féin air,) saineolaí ar gach ábhar ar chlár an domhain, abair rud ar bith faoi rud ar bith agus beidh eolas aige faoi nó tuairim láidir aige ar an ábhar céanna.

Déanann sé cuid mhaith taighde ar bhonn laethúil le go mbeidh freagra aige ar bharr a ghoib, agus mar sin de bíonn sé diongbháilte ina thuairim.

Le cothrom na Féinne a thabhairt dó, caitheann sé uaireanta an chloig i mbun taighde.

Ar na foinsí is údarásaí a luann sé, tá foilseacháin phiarmheasúnaithe idirnáisiúnta, ina measc TikTok, Facebook, YouTube agus Instagram, WhatsApp agus Twitch.

Lena cheart a thabhairt dó, tháinig MJ fríd an phaindéim gan bheith vacsaínithe, mar gur dúradh leis go húdarásach go raibh na vaicsíní truaillithe, agus go bhfuil mise anois faoi thionchar Bill Gates.

Le linn na dianghlasála chuirfeadh sé scéalta chugam go rialta ag deimhniú go raibh na hotharlanna folamh, agus i gcás amháin gur mainicíní síopa a bhí i bpictiúr amháin.

Nuair a mhaígh mise go mb’fhéidir nárbh amhlaidh sin, agus go mb’fhéidir gur Resusci Annie nó babóg athbheochana cardascamhógaí a bhí ann, shéan sé sin mar bhréag amach is amach.

Tháinig amhras orm faoi mo thuairim, thaispeáin sé an pictiúr dom, b’fhéidir go raibh an ceart aige.

Maidir leis an chogadh san Úcráin, tá sé den tuairim gur ag an Rúis atá an lámh in uachtar ón chéad lá ariamh, diomaite den mhéid atá le feiceáil sna mórmheáin.

Trí nó ceithre uair sa lá cuireann sé físeáin chugam ar an fón, cuid acu nach dtiocfadh liom cur síos a dhéanamh orthu anseo, nó mar is eol dúinn uilig, tá an t-eagarthóir thar a bheith mothálach, agus bheadh mo leathdosaen uibheacha don mhí seo i mbaol dá bharr.

Thall is abhus, anois agus arís bíonn an ceart aige, agus go bhfóire Dia ormsa má dhéanaim ula mhagaidh de, agus lá arna mhárach an scéal a bheith fíor: tharla sin an tseachtain seo agus tá mé ag éisteacht leis go fóill.

B’fhearr leis Trump, agus creideann sé go bhfuil néaltrú ar Biden.

Ní raibh barúil láidir aige faoin Bhreatimeacht, ní chaitheann sé vóta, ach a luaithe is a chuir mise mo mhíshástacht faoin Bhreatimeacht céanna in iúl, thiontaigh sé ar na sála agus mhaígh sé go gcaitheadh sé vóta ar a shon.

Ní thugann MJ aird dá laghad ar an nuacht phríomhshrutha, ní bhíonn faill aige, bíonn sé róghnóthach ag toghadh na scéalta ó na meáin shóisialta mar a bheadh feirmeoir de chuid Bhun an Leaca ag toghadh prátaí ina gcuibhreann, dá mba rud é go raibh cuibhrinn ar an bhaile céanna, nó feirmeoirí, nó prátaí go fiú.

Ar aon nós, fiú dá mbeadh an t-am aige, níl sna meáin phríomhshrutha ach bréagnuacht.

Dar le MJ go bhfuil gach iriseoir chomh bréagach leis an diabhal.

“Ahem!” arsa mé féin.

“Ach chan tusa,” arsa eisean, nuair a chuimhnigh sé an tslí bheatha a bhí agam lá den tsaol. “Ar scor ar bith,” leanann sé ar aghaidh, ag an phointe seo tá mo thóin ag teannadh ag fanacht leis an phéarla is úire eolais uaidh, “ar scor ar bith, ní fíor-iriseoireacht a bhí ar bun agat cibé ar bith, sure cé a léifeadh do chuidse?”

Cara mo chléibh gan dabht.

Mar sheaniriseoir ón chéad seo caite, tá grá agus gean agam ar na meáin chlóite, agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil mé ar mo shuaimhneas sna laethanta leictreonacha seo.

Is cuimhin liom alt a scríobh agus a chur i gcló ar Lá siar in 2008, ag tabhairt amach faoin rud measartha úr seo ar a tugadh ‘blag’ agus rinne mé cur síos measartha beacht, dar liom, ar an chineál duine a bheadh i mbun blagadóireachta, ar nós; daoine uaigneacha, i seomraí dorcha, ag scríobh ina gcuid fobhrístí, an seort duine dá siúlfá isteach i dteach tábhairne agus iad a fheiceáil thíos ag coirnéal an bheáir, dhéanfá athmhachnamh ar mhéid agus práinn an tarta sin a mheas tú a bheith ort.

Bhí an oiread sin tionchair ag an alt airithe sin, go bhfuair mé scairt lá arna mhárach san oifig ó chomhfhreagraí teicneolaíochta an pháipéir ag fiafraí díom ar chuir sé olc orm ar na mallaibh, agus an raibh mé ag iarraidh go leanfadh sé ag soláthar a cholúin sheachtainiúil.

Bhí an fear bocht briste.

Cheansaigh mé é, ag cur in iúl dó gur ionsaí faoi cheilt a bhí ann ar dhuine aonarach eile - gan ainm - agus gur bhreá liom a chuid colún, agus gurbh fhéirín agus buaicphointe an lae oibre gach seachtain an chling bheag sin ar mo ríomhaire a thug le fios dom go raibh an ceann is déanaí leaindeáilte i mo ríomhphost.

Ar athsmaoineamh, b’fhéidir go bhfuil an ceart ag MJ faoi iriseoirí na mbréag.

Ar aon chuma, tá mé den tuairim go fóill nár chóir dhul i muinín gach rud a léann tú ar líne, nach bhfuil rud ar bith níos fearr ná na meáin thraidisiúnta.

Sin uilig ráite agam agus an leathdhosaen uibheacha saothraithe agam, maram go bhfuil sé go maith agam deireadh a chur leis seo agus péire brístí a chuardach.

Close
Close