Mórshiúl Oíche Shamhna i nDoire curtha ar ceal

Fud fad an domhain tá clú agus cáil ar Oíche Shamhna i gCathair Dhoire agus na himeachtaí draíochtúla a bhíonn ar siúl gach bliain. I mbliana áfach ní féidir le muintir na cathrach an ócáid a cheiliúradh mar is gnáth agus labhair Meon Eile le roinnt acu faoi.

De ghnáth tuirlingíonn na sluaite ó gach coirneáil den domhan ar Chathair Dhoire chun ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Shamhna agus ar na seantraidisiúin a bhaineann leis an fhéile phágánach, Samhain.

Bíonn suas le 30,000 duine ag freastal ar phríomhimeacht na féile ar Oíche Shamhna - an mórshiúl - nuair a shiúleann arrachtaí agus taibhsí fríd an chathair. Ní hamháin go gcruthaíonn an fhéile atmaisféar iontach sa chathair ach cuireann sé go mór leis an gheilleagar áitiúil chomh maith. 

Cé nach mbeidh ollcheiliúradh ar siúl i mbliana, tá foirgnimh ar fud na cathrach maisithe don ócáid agus tá imeachtaí fíorúla eagraithe ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Is féidir tuilleadh eolais faoi na himeachtaí a aimsiú anseo.

Labhair Meon Eile le Daire Ní Chanáin agus le Conchúr Mac Diarmada as Cathair Dhoire faoi thábhacht na féile.

Close
Close