Katie McGreal
Céad míle fáilte romhat go hÉirinn, sin más duine geal thú a bhfuil sé d’acmhainn agat víosa a fháil le gur féidir leat post a fháil nó a bheith ar laethanta saoire anseo agus do chuid airgid a chaitheamh sa tír.
Muna gcomhlíonann tú na critéir sin agus má bhíonn an t-ádh leat, tabharfaidh muid seomra in óstán duit le roinnt le daoine eile agus beidh ort fanacht ansin go dtí go mbeidh cead oibre agat nó cead do bhaile féin a bheith agat. Tógfaidh sin blianta fada agus má tá craiceann dorcha agat, gach seans go mbeidh ort cur isteach ar an gcead sin cúpla uair.
Muna mbíonn an t-ádh leat, b’fhéidir go mbeidh ort a bheith i do chónaí i bpuball (más féidir leat teacht ar phuball) i lár na príomhchathrach, áit a mbeidh daoine thart ort go minic ag rá rudaí ar nós ‘Ireland for the Irish’ nó ‘Refugees not welcome’ nó rudaí eile níos measa fós. Beidh an baol ann i gcónaí go ndéanfar ionsaí ort nó ar do bpuball, is cuma cé acu a bhíonn nó nach mbíonn tú istigh ann.
Ní roghnaíonn éinne a bheith ina theifeach. Tagann siad anseo ag lorg tearmainn mar níl sé de rogha acu fanacht ina dtír féin. Tá an saol chomh holc sin san áit arb as dóibh nach bhfuil an chaoi ghránna a gcaitear leo anseo chomh dona lena ais.
Is mór an náire dúinn é sin, go háirithe i gcomhthéacs na staire fada atá againn leis an imirce. Ó aimsir an Ghorta Mhóir go dtí an lá atá inniu ann, tá muintir na hÉireann ag dul go Sasana, Ceanada, Méiriceá, an Astráil agus go tíortha eile nach iad ag lorg oibre agus is minic a chonaic ár sinsir fógraí ar nós ‘Irish need not apply’, ‘No blacks, no dogs, no Irish’, ‘No Irish’, agus ní gá a rá gur chuir a leithéid isteach go mór orthu. Fiú anois cloiseann muid scéalta ón Astráil nach bhfuil clú maith ar na hÉireannaigh agus nach gcaithtear go maith leo thall ó am go chéile, nach dtaitníonn linn ar ndóigh. Ach seo muid anois ag déanamh an rud chéanna ar dhaoine bochta eile, daoine atá i bhfad níos measa as ná muidne go minic.
Is mór an náire é do na daoine a bhí sna tarracóirí a chuir bac ar na teifigh dul chomh fada leis na óstán in Inis an Chláir. Agus na daoine a chuir i leith na dteifeach céanna go ndéanfaidh siad éigniú agus iad anseo nuair is iomaí fear Éireannach a mbíonn lánchead aige a bheith sa tír tar éis dó éigniú a dhéanamh agus nár cuireadh aon dlí, náire nó pionós air.
Is mór an náire é dúinne atá ag glacadh leis an iompar gránna seo. Cá bhfuil na heagraíochtaí atá ag rá gur iompar de chuid na heite deise é seo? Cé atá ag caint ar cé chomh holc agus chomh huafásach is atá an t-iompar? An bhfuil éinne le seasamh suas i gcoinne na tromaíochta agus an chiníochais?
Deirim gur ciníochas é mar nuair a thosaigh an cogadh sa Úcráin chuir muid fáilte roimh theifigh ón tír sin. Dúradh liomsa ag an am gur sin mar gheall ar cé chomh cóngarach is atá an Ucráin dúinn. Tá sé níos éasca dúinn cruachás na tíre sin a thuiscint toisc go bhfuil faitíos orainn go dtiocfaidh sé anseo. Níl na céadta cogadh eile atá ag tarlú ar fud an domhain chomh scanrúil céanna mar níl muid buartha go dtiocfaidh siad anseo? An sin é? Tá siúl agam nach é sin an chaoi a mbíonn formhór mhuintir na hÉireann ag smaoineamh ach faraor thabharfadh an fháilte fhuar atá á cur roimh na teifigh faoi láthair gur fíor é.