Moltaí le deacrachtaí codlata a shárú

Katie McGreal

Bhíodh codladh olc agam. Dá mbeadh oíche codalta mhaith amháin agam in aghaidh na seachtaine, seachtain mhaith a bhíodh ann. Tháinig feabhas ollmhór ar rudaí i ndiaidh cúrsa 10 lá ciúnais a rinne mé seacht nó ocht mbliana ó shin ach d’imigh sé in olcas arís i mí na Samhna 2020. Cailleadh m’uncail agus mo chara taobh istigh de chúpla lá i bhfómhar na bliana sin. Cúpla seachtain ina dhiaidh, ní raibh mé in ann codladh. Dearfainn go ndeachaigh trí nó ceithre seachtaine thart agus ní bhfuair mé níos mó ná uair nó dhó chodalta in aon oíche amháin.

Nuair a bhí rudaí go holc, mhol duine éigin Panadol Night dom - dúirt sí go gcabhródh siad ach tógadh mé leis an tuiscint nár cheart duit drugaí a thógáil le cabhrú le do chodladh mar seans go n-éireoidh tú gafa leo. Ach i ndiaidh míosa nó níos mó bhí mé réidh le haon rud a thriail. An lá dár gcionn bhí iontas an domhain orm agus ní raibh cantal orm den chéad uair le os cionn míosa. Piollaí draíochta a bhí iontu. Caithfidh gur sin a bhí ann.

Le linn an ama seo, smaoineamh amháin a bhí agam go minic ná ós rud é gur múinteoir aireachais atá ionam ní ceart go mbeadh fadhbanna codalta agam. Ba cheart go mbeinn in ann m’intinn a shuaimhniú agus a chiúnú mar a bhím ag múineadh do dhaoine eile go minic. D’fhoghlaim mé ó shin gurb é an rud a mhúintear atá le foghlaim agat féin go minic.

Mí na Samhna na bliana seo caite, d’imigh mo codladh in olcas arís. Chuaigh mé idir Panadol Night, piollaí ón dochtúir nach ndearna mórán agus easpa codlata ar feadh cúpla seachtain - ansin bheartaigh mé go raibh orm bealach níos sláintiúla a aimsiú leis an bhfadhb a réiteach. Ní raibh mé ag iarraidh a bheith ag brath ar dhrugaí le rud nádúrtha a dhéanamh.

Chuaigh mé ar ais go dtí an rud atá ar eolas agam: aireachas. Ní bhíonn an fón ar siúl agam le linn na hoíche agus ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh ach d’aimsigh mé seanfhón le taifeadtaí aireachais air agus chuir mé sin in aice leis an leaba. Nuair a dhúisigh mé le linn na hoíche, d’éist mé le dhá sheisiún ghearra aireachais agus, don chuid is mó, thit mé i mo chodladh arís. Ach ansin, bhí mé ag dúiseacht trí nó ceithre huaire san oíche agus bhí mé ag éirí bréan de na píosaí aireachais céanna arís is arís eile. Ansin, thosaigh mé ag éisteacht le ceol bog agus chabhraigh sin. Chomh maith leis sin, múchaim na scáileáin ar fad uair an chloig sula dtéim a luí anois agus rinne sin difear ollmhór!

Sílim go mbeidh mé ag dul i ngleic le deacrachtaí codalta ar feadh i bhfad eile ach tá go leor foghlamtha agam le hos cionn bliana anois agus tá neart rudaí difriúla le triail nuair a éiríonn sé go holc arís.

Seo thíos cúpla rud éagsúil a dhéanaim féin, seans go gcabhróidh siad leatsa chomh maith:

- Ná breathnaigh ar scáileán ar feadh uaire an chloig sula dtéann tú a chodladh. Léigh leabhar, déan píosa aireachais, bí ag cleachtadh uirlís cheoil, déan beagán ealaíne. Déan aon rud nach spreagfadh d’intinn an iomarca.

- Téigh a luí ag an am céanna gach oíche mar ansin éiríonn do chorp cleachta leis agus tuigeann sé gur am luí atá ann

- Ní fhéadfainn an liosta seo a scríobh gan cleachtadh aireachais a luaigh! Cabhraíonn an t-aireachas leat aithne níos fearr a chur ort féin agus má dhéanann tú go rialta é éireoidh d’intinn cleachta le bheith ciúin in amanna

- Múch d’fhón le linn na hoíche agus mura féidir leat é a mhúchadh cuir ar mhód eitleáin é le nach mbeidh tú ag breathnú air má dhúiseann tú le linn na hoíche.

- Tá solas gorm ar d’fhon, ríomhaire agus táibléad agus cuireann an solas seo d’inchinn ag smaoineamh go bhfuil sé ina lá, is cuma cén t-am den lá nó den oíche atá ann. Tá aipeanna ann a bhaineann seo den scáileán agus is féidir é a shocrú le go n-imeoidh an solas ag am ar leith nó an t-am ar fad. Bluelight Filter for Eye Care, Twilight, Bluelight Fliter – Night Mode agus Night Owl is ainm do chuid acu.

- Fan sa leaba fiú muna féidir leat codladh. Má dhéanann tú sin déanfaidh sé maitheas duit mar tá do chorp fisiciúil ag fáil sosa, fiú muna bhfuil d’inchinn.  

- Coinnigh siúl ar an méid caiféine a ólann tú. Ísligh é nó ól tae agus caifé gan chaiféin i ndiaidh a ceathair nó cibé am a fheileann duitse.

- Más gá duit piollaí codalta a fháil le cabhrú leat, déan é. Níl aon rud cearr le cabhair a fháil nuair is gá

Close
Close