Máirt na hInide agus An Carghas – Rudaí tábhachtacha atá iontu go fóill in Éirinn?

Máirt na hInide agus An Carghas – Rudaí tábhachtacha atá iontu go fóill in Éirinn?

Le Seán Ó Farraigh

Tugtar Máirt na hInide nó Lá na bPancóg ar an lá roimh Chéadaoin an Luaithrigh, an lá deireanach den ghnáthbhia roimh throscadh an Charghais. Ba ghnách le daoine faoistin a dhéanamh agus a gcuid peacaí a admháil ionas go mbeadh siad in inmhe an Carghas a thoiseacht saor ó dhrochghníomh ar bith a rinne siad roimh ré.

Bíodh sin mar atá, lá ceiliúrtha ab ea é chomh maith le lá aithreachais. Ba ghnách le daoine ceiliúradh deireanach a dhéanamh roimh chruatan an Charghais le béilí móra agus le cluichí. Ar ndóigh, bhí orthu uachtar, im agus uibheacha a úsáid roimh thús an Charghais de bhrí nach raibh cead acu iad a ithe le linn na tréimhse naofa sin. Mar sin de, dhéanadh siad pancóga ó tharla go raibh sé fóirsteanach ó na comhábhair siúd.

Cé go síltear gur traidisiún críostaí é, ní heol dúinn go cinnte i ndáiríre toisc go maítear go dtearn na Slavaigh an rud ceannann céanna fadó ach ar chúis dhifriúil. Shíl siad go raibh comhrac ann idir Jarilo, Rí na torthúlachta, agus spioraid an gheimhridh nuair a d’athraigh na séasúir. Chreid siad gurbh éigean daofa cuidiú le Jarilo sa dóigh is go dtiocfadh an t-earrach agus sin an fáth ar ith siad pancóga. Ba shiombailí iad den ghrian agus dar leo go bhfaigheadh siad cumhacht agus teas na gréine uathu.      

Beag beann ar a bhunús, cuireann an nós bliantúil seo gliondar ar chroí mhuintir na hÉireann go fóill, bídís óg nó aosta fiú, ós rud é go bhfuil gné teaghlaigh i gceist. Nach deas an rud é le feiceáil go mbíonn daoine ag obair go dlúth le chéile chun an bia a dhéanamh toisc go maireann muid i ndomhan atá dírithe ar an duine aonair a bheag nó a mhór na laethanta seo.  

Ó thaobh an charghais de, cé go bhfuil an séasúr cráifeach seo ag teannadh linn gan mhoill, caithfear ceist a chur ar mhuintir an oileáin seo – cad é an ról atá ag creideamh in Éirinn san aonú haois is fiche? An é bunchloch na sochaí ar na saolta seo cosúil le tráth dá raibh? Ní dóigh liom é d’fhormhór Éireannach anois.

Tá mé ag déanamh gur mór idir inné agus inniu maidir leis an ghné seo. Tá a fhios ag bacach an bhóthair go raibh Éire ar cheann de na tíortha ba dhiaganta ar domhan lá den saol. Is paiteanta go raibh an Eaglais Chaitliceach an-chumhachtach agus gur choinnigh siad an pobal ar slabhra. Bhí eagla an domhain ar Éireannaigh roimh an Eaglais agus ba bheag duine a rachadh ina héadan óir dá ndéanfadh sé sin, bheadh sé ina éan corr.  

Ina ainneoin sin, ní hionann an comhthéacs sin agus an ceann atá ann anois ar chor ar bith. Is beag urraim atá ag daoine don eaglais le roinnt blianta anuas de dheasca an mhí-úsáid gnéis ar leanaí. Ní fhreastalaíonn mórán daoine ar Aifreann i mo bhaile dúchais féin (príomhchathair eaglasta na hÉireann) a thuilleadh, go háirithe daoine óga. Déarfainn go bhfuil sé ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana i ndáiríre ach is furasta a thuigbheáil cén fáth nach bhfuil muinín ag daoine as an Eaglais Chaitliceach.

Is cosúil go dtugann teaghlaigh béalghrá do chleachtadh an chaitliceachais trí ócáidí ar leith fós cuir i gcás; Baisteadh, Céad Chomaoineach, Cóineartú. Mar sin féin, is dócha gurb í an cheist chuí ná cá fhad eile a mhairfeas an t-iompar seo?  

Cad é atá i ndán don oileán seo maidir leis an Charghas agus leis an chreideamh amach anseo i gcoitinne, níl a fhios agam beo. Ag Dia féin atá a fhios! An t-aon rud atá a fhios agam ná go mbainfidh mé sult as mo chuid pancóg tráthnóna Máirt!




Close
Close