Litreacha rómánsúla, an tomhaltachas agus Lá Fhéile Vailintín

Becky Nic Ainmhire

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé go mór i bhfách le hidé na litreacha rómánsúla. Iad a scríobh agus a fháil ó na daoine is mó tábhacht i do shaol; iad a choinneáil i bhfolach i mbosca thíos faoi do leaba; athléamh agus athléamh eile a dhéanamh orthu; agus saothar fisiceach a bheith agat den ghrá sin go deo.   

Leoga, is le litir a thosaigh traidisiún Lá Fhéile Vailintín sa chéad dul síos sa bhliain 270, de réir mar a théann an scéal is mó clú. Litir, agus bású! Litir a scríobh Naomh Vailintín chuig iníon a gharda príosúin sular cuireadh chun báis é, litir a bhí sínithe leis na focail sin a chluineann muid go fóill na millte blianta ar aghaidh: ’Ó do Vailintín’.  

Ón túsphointe saghas gruama seo, tá na scríbhneoirí a tháinig tamall maith ina dhiaidh sa 14ú haois, ar nós Chaucer agus ansin Shakespeare, aitheanta go mór as cur leis an chuma rómánsúil atá ar Lá Fhéile Vailintín sa lá atá inniu ann.  

Ach tá forbairt i ndiaidh teacht ar an fhéile arís san aois chomhaimseartha seo, mar a thagann ar achan fhéile agus saoire atá againn, is é sin an treocht dhosheachanta a ghluaiseann ó rud éadrom spraíúil go deis margaíochta.  

Is féidir le tagairt don lá seo braoiníní beaga allais a spreagadh ar éadan an ghnáthdhuine. Smaoineamh ar choinne speisialta a eagrú i mbialann ghalánta agus bronntanas cuí a cheannach agus an Nollaig díreach curtha dínn, thig leis sin a bheith strusmhar gan dabht. 

Is dócha faoin am seo go bhfaca tú comhlachtaí, siopaí agus tionchairí ar líne ag brú táirge ort do ‘do Vailintín’ i mbliana. Le bheith ionraic, bíonn an brú millteanach seo orainn le táirgí a cheannach ina fheiniméan gan stad agus cé go n-imríonn an cultúr ábharaíoch drochthionchar ar achan duine, is féidir a rá go ndéanann go leor comhlachtaí ionsaí ar leith ar mhná. Tá an méid sin táirgí bruite ar mhná ón earnáil cosmaidí agus an earnáil faisin, táirgí nach bhfuil a dhíth orainn, agus is rud é sin a chruthaíonn bun-teachtaireachtaí dochracha faoin chuma idéalach ba chóir a bheith ort.  

Chomh maith leis sin, bíonn ar mhná a bheith ag déileáil le rudaí cosúil leis ‘an cháin bhándearg’ nó an dóigh a mbíonn praghas níos airde ar neart táirgí atá dírithe ar mhná i gcomparáid leis na cinn atá dírithe ar fhir. Sampla amháin coitianta de seo ná rásúir do mhná, a dhéanann an rud céanna le cinn na bhfear, ach seans go mbeidh dath bándearg air. Ar an drochuair, nuair a thugtar an éagothroime seo faoi deara feictear achan aon áit é! 

Tá sé tábhachtach a aithint go mbíonn an gnéasachas i bhfolach thart orainn sa bhealach seo go minic, ach is é rud a bhfuil mé ag iarraidh aird a tharraingt air ná gur gníomh ceannairceach é diúltú don tomhaltachas a bhrúitear ar mhná agus diúltú don tomhaltachas thar fóir ar Lá Fhéile Vailintín.

Níl sé furasta gan ghéilleadh don bhrú a bhíonn orainn na céadta punt a chaitheamh ar an lá seo, ach tá bealaí ann le do ghrá a thaispeáint do na daoine thart ort gan airgead a chaitheamh. Agus tá an litir rómánsúil ar an bhealach is fearr i mo bharúil!

Anois, ní rachaidh mé ar aghaidh le tuilleadh moltaí a thabhairt duit maidir le cad é a thiocfadh leat a thabhairt do do ghrá geal ar Lá Fhéile Vailintín atá saor in aisce nó réasúnta... is tú féin is fearr a dhéanfaidh sé sin. Ach séanadh beag sula n-imím: más rud é go bhfuil tú ag teacht leis an chur chuige seo agus ag diúltú do na gnáthnósanna ábharaíocha ar Lá Fhéile Vailintín i mbliana, déan cinnte go ndéanann tú seo a phlé agus a aontú le do pháirtí ar dtús!  

Close
Close