Céard atá le teacht i mBliain an Chapaill?

Katie Saoidhbh McGreal

De réir stoidiaca na Síne, Bliain na Nathrach Nimhe a bhí sa bhliain 2025 agus anois, in 2026 - ag tosú amárach, an 17 Feabhra - beidh ag dul isteach i mBliain an Chapaill.

Bhí 2025 deacair do go leor daoine agus luíonn seo le ciall, de réir stoidiaca na Síne. Más rud é go raibh rud éigin i do shaol nach raibh ag obair le linn Bhliain na Nathrach, tá gach seans ann go bhfuil sé imithe. Domsa go pearsanta, le linn 2025, dhíol mé mo chuid rudaí agus bhog mé ó Éirinn go dtí an Spáinn. Ní hé go raibh aon rud mícheart le hÉirinn ach díreach go raibh sé in am dom rud éigin eile a thriail. Rinne mé Spáinnis ar scoil, bhí Spáinnis réasúnta maith agam ach ní raibh mé líofa, agus más rud é go raibh mé le bogadh go dtí an Spáinn agus mo shaol in Éirinn a fhágáil taobh thiar díom, ba í Bliain na Nathrach Nimhe an bhliain len é a dhéanamh.

Shíl mé gurbh iontach an rud é agus go raibh slán fágtha agam ag gach rud a raibh slán le fágáil agam aige - ansin tharla mí na Samhna.

Le linn na míosa sin fuair mé amach nach raibh beirt a bhí i mo shaol le fanacht ann agus nach mbeinn in ann iad a thabhairt liom go dtí an chéad chéim eile i mo shaol.

Is nuair a bhog mé go dtí an Ghailís a chas mé leis an mbeirt ach ansin, go tobann, bhí na pleananna a rinne muid athraithe agus imithe, agus ní raibh siad i mo shaol a thuilleadh.

Is é a bhí ann ná Bliain an Nathrach Nimhe ag glanadh amach píosa beag dom sula dtosóinn an chéad bhliain eile. Airím go bhfuil na rudaí atá i mo shaol anois go maith dom. Tá siad ag cabhrú liom agus ní féidir liom smaoineamh ar éinne a mbím thart orthu a mbíonn aon fhadhb agam leo.

Faigheann an nathair nimhe réidh leis an gcraiceann atá aige nuair atá sé i ndiaidh fás amach as an tréimhse sin. D’fhás mé féin amach as na caidrimh sin, as an saol álainn a bhí agam in Éirinn, agus anois tá mé oscailte do dhaoine nua, saol nua agus rud éigin eile.

Agus anois tá muid ar tí tús a chur le Bliain an Chapaill Tine. Deir siad gur bliain chumhachtach í an bhliain seo; go mbíonn sé lán le muinín, neamhspleáchas agus gur bliain mhaith atá ann le rudaí móra agus cróga a dhéanamh.

Mar a chonaic muid le linn na bliana seo caite, ní chiallaíonn seo go gcaithfidh tú rudaí móra a dhéanamh tú féin - tá an seans ann go dtiocfaidh cinntí nó do shaol nua chugat. Ach beidh cumhacht an chapaill leat mar sin tá seans ann anois go smaoineoidh tú ar an gcinneadh cróga sin a thógáil!

Cibé rud a tharlóidh i mbliana, bogfaidh sé do shaol ar aghaidh. Is fút féin a bheidh sé a chinneadh cé chomh cróga nó éasca a bheidh an taithí lena linn.

B’fhéidir go gcreideann tú sa stoidiaca, b’fhéidir nach gcreideann. Ní dhéanann sé difear óir tarlaíonn an saol dúinn ar fad agus más féidir linn éisteacht leis na noda beaga atá istigh ionann déanfaidh sin maitheas dúinne, dár muintir agus don tsochaí i gcoitinne. 

Close
Close