Líontar dúinn an crúiscín agus bíodh sé leathlán

Michelle Nic Pháidín

Is cosúil go bhfuil gluaiseacht úr faoi sheol ina bhfuil daoine ag iarraidh a bheith níos ciallmhaire faoin dóigh a gcaitheann siad le halcól. 'Sober Curious' a thugann siad air.

Is rud maith atá ann, is rud sláintiúil atá ann, ach is dóigh liomsa gur seafóid é 'gluaiseacht' a thabhairt ar an chur chuige seo.

Is ar na meáin shóisialta a fuair mé amach faoin nós nua ar dtús: bíonn daoine ag ól ach in ionad deoch an dorais a bheith acu ag deireadh na hoíche bíonn pionta uisce acu, sin nó téann siad chuig cóisir agus ní ólann siad ar chor ar bith - rudaí den saghas sin. Tá beáir ann nach ndíolann ach deochanna atá saor ó alcól agus tá ráchairt mhór orthu, deirtear. Is cinnte gur maith na rudaí seo uilig ach go foill beag níl mé cinnte faoi chuid de phlé faoi.

Deir saneolaithe go bhfuil tairbhe le baint as gan a bheith ag ól agus atá an ceart glan acu - ní féidir an méid sin a shéanadh. Is mór agus is milis na buntáistí a bháineann le gan a bheith ag ól agus tuigtear sin.

Sin ráite, afách, ní bhím 'sober curious' mar ní bhím ag ól go laethiúil agus ní gá dom a bheith fiosrach faoi. Níl mise ar mhaithe le daoine a bheith ag ól: a bheith ag titim amach le daoine, ag cailleadh jabanna agus gach rud olc a d’fhéadfadh dul leis an alcól. Ach is é an dearcadh atá agam air seo nó go raibh an ghluaiseacht seo ann ó thús ama agus ní coincheap úr ar bith é.

Is cinnte go mbeadh muintir bhaile Chána, i ndiaidh lá na bainse inár iompaigh Íosa Críost uisce go fíona, ar aon intinn faoi dhearcadh níos sláintiúila a bheith ag daoine i dtaca leis an ól, ach níor bhaist siad gluaiseacht air. 

Is cinnte gur iomaí duine a d’éirigh i ndiaidh oíche ólacháin agus cearmansaíochta agus a gheall nach ndéanfadh siad a leithéid go deo na ndeor ach, arís eile, níor bhaist siad gluaiseacht air.

Is í an fhírinne a bhaineann le bheith ag ól nó go dtéann tú thar fóir uaireanta agus sin a bhfuil ann dó. Fiú más duine den ghluaiseacht thú, tá seans ollmhór ann go dtiocfaidh an lá agus go rachaidh tú thar fóir - sin cnámh Dé na fírinne do go leor againn, ar an drochuair.

Dar ndóigh, is fiú a rá go bhfuil fiúntas ag baint leis an nós seo agus go dtugann sé ar dhaoine a bheith níos comhfhiosaí faoin mhéid a chaitheann siad siar. Duine ar bith againn atá ag ól, is ball den ghluaiseacht muid ar bhealach.

Is mór a léigh mé chomh maith fá dhaoine a stop de bheith ag ól go hiomlán ar na mallaibh agus tréaslaím leo. Tá daoine eile ann a stopann le linn na míosa seo - Eanáir Tirim - agus guím gach rath agus bláth orthu. Nó is cinnte go mbíonn baol i dtolamh leis an deoch - in amanna téann deoch an dorais ó dhoras amháin go doras eile agus, i gcás daoine áirithe, ní thagann stop go deo leis an cheol agus an chóisir, nó sin a rud a shíleann siad ar feadh tamaill. I gcuid mhór cásanna is mó an luach atá ag na daoine seo ar an ól nó orthu féin fiú.

Mar sin, cé go bhfuil sé ráite agam nach rud úr é gluaiseacht seo an 'Sober Curious', is fiú a bheith níos comhfhiosaí faoin ól agus gach a théann leis: uaireannta is fearr an crúiscín a bheith leathlán againn seachas lán go barr.

Close
Close