Léaró dóchais sa tollán

Ciarán Ó Pronntaigh

Thosaigh an tseachtain seo caite go dearfach leis an chruinniú idir Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine, James Cleverly, agus Leas-Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Maroš Šefčovič. Chóir a bheith go raibh siad ag tabhairt barróga dá chéile nuair a d’fhógair siad gur tháinig siad ar chomhréiteach ar cheann de na ceisteanna b’achrannaí sa Phrótacal. Go dtí seo, bhí drogall ar Rialtas na Breataine bunachair sonraí faoi ghluaiseacht earraí a chur ar fáil don Aontas Eorpach. Sin an bhunchloch a fhágfas go mbeidh sé níos fusa na codanna eile de chomhaontú a chur le chéile.

Ach cad chuige a bhfuil athrú chomh tobann sin ar chúrsaí? Nach raibh na Tóraithe ar a seacht ndícheall ag iarraidh an Prótacal a bhaint dá chéile le bille a bhí ag dul tríd Westminster? Nach raibh de mhana acu roinnt bheag de mhíonna ó shin go seasfadh siad an fód i gcoinne ‘impireacht’ na hEorpa?

Bhuel, is mór mar a d’athraigh polaitíocht na Breataine in 2022. Níl an fhéinmhuinín chéanna ag lucht an Bhreatimeachta na laethanta seo. Léirigh ré thubaisteach Liz Truss nach leor bearta áiféiseacha gan tuiscint ar na figiúirí. Agus tá gach figiúr ag cur in iúl don rialtas thall nach raibh aon bhonn leis na gealltanais fhánacha a tugadh faoin Bhreatimeacht. I mbeagán focal, ní fiú do Rishi Sunak a chreidiúint a chur ar an líne trí chogadh trádála a thosú leis an AE ar mhaithe leis an DUP. Níl an díograis sa pháirtí agus, bí cinnte, níl aon fhonn ar an lucht vótála fadhb eile a chaitheamh isteach sa reicneáil agus géarchéim mhaireachtála ag géarú orthu.

Le linn an deiridh seachtaine, bhí tuairiscí ag teacht amach go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i rith an ama. Bhí caint ann go gcuirfeadh Rialtas na Breataine an bille faoin Phrótacal ar fionraí le muinín sa phróiseas leis an AE a léiriú agus is cosúil go mbeidh ráiteas eile níos moille inniu ó Šefčovič agus Cleverly. Níorbh fhiú dóibh dóchas daoine a ardú dá mbeadh drochscéala le tabhairt, shílfí. Is é an chuma atá ar chúrsaí anois go bhfuil comhthuiscint eatarthu ar cén cineál comhaontaithe a bheas ann. Níl de dhíth anois ach na mionsonraí a oibriú amach. Tá go leor le comhaontú eatarthu go fóill, ar ndóigh – an dóigh a n-oibreodh na custaim, na rialúcháin ar bhia, CBL agus fiú rialacha ar chabhair ón rialtas – ach tá an meon ceart ag an dá thaobh anois leis na fadhbanna a fhuascailt. Tugtar ‘an tollán’ ar an chuid sin den mhargaíocht – is gnách nach scaoiltear mórán eolais go dtí go mbeidh cuid mhaith den idirbheartaíocht déanta.

Tá próiseas eile ar siúl ó thuaidh, go bunúsach cén dóigh a dtiocfadh leis an dá rialtas an DUP a mhealladh ar ais chuig Stormont agus an Feidhmeannas a chur ag obair arís. Is maith leo ‘cóiréagrafaíocht’ a thabhairt air seo – bhéarfadh siad rud éigin do dhream amháin agus rud eile do dhream eile sa dóigh nach gcuirfí olc ar dhream ar bith. Seans gurb oiriúnaí meafar de phlátaí a chur a chasadh ar bharr bata a úsáid. Agus chuala muid plimp cuid de na plátaí sin ag titim an tseachtain seo a chuaigh thart nuair nár oibrigh rudaí amach i gceart.

Ceann de na plátaí a thit an cuireadh a tugadh do cheannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, ach gan don cheannaire náisiúnta, Mary Lou McDonald. Dá dtiocfadh liom a bheith ciniciúil bomaite, ba chleas maith é le haird a dhíriú ar shiúl ón drochscéala a bhí le tabhairt don DUP. Agus ní dhearna sé lá dochair do Shinn Féin, ach oiread, go ndaingníonn sé an íomhá gur páirtí uile-Éireann é. Níl mórán le plé leis na páirtithe eile atá sásta an Feidhmeannas a thabhairt ar ais, cibé.

Níl dabht ar bith ar domhan nach bhfaighidh an DUP a mian deireadh iomlán a chur leis an Phrótacal. Is é an cheist a bheas ann cén dóigh a dtiocfadh linn an dubh a chur ina gheal dóibh sa dóigh go dtiocfadh leo leasuithe suntasacha sa chur i bhfeidhm a dhíol mar ‘an bonn a bhaint den Phrótacal’. Sin an áit a mbeidh na scileanna margaíochta de dhíth ach níl sé soiléir go fóill an bhfuil an aibíocht sa DUP na chéad chéimeanna sin a ghlacadh.

Close
Close