Le forbairt mar dhaoine caithfimid imeacht ón gcrios compoird

Katie McGreal 

Deirtear gur ceart dúinn dul amach as an gcrios compoird anois is arís. Deirtear go ndéanann sé maitheas dúinn. Is bealach maith é le forbairt agus fás a dhéanamh.

De ghnáth má thugaim faoi deara go bhfuil eagla orm roimh rud éigin tá a fhios agam go bhfuil mé le himeacht as mo chrios compoird má dhéanaim é agus, den chuid is mó, bím ag iarraidh é a dhéanamh níos mó nuair a thuigim gur eagla atá orm.

Ach ansin, tagann sé go dtí an lá nó an t-am go bhfuil orm an rud a dhéanamh agus bím crosta liom féin as ucht glacadh leis an dúshlán. Maireann seo go dtí go mbíonn an rud féin déanta agus ansin bím bródúil asam féin. Tarlaíonn an rud céanna gach uair... aithním na comharthaí anois.

Bhí mé ag déanamh seisiún machnaimh nuair a bheartaigh mé go raibh mé ag iarraidh an machnamh a mhúineadh do pháistí.

De réir mar a smaoinigh mé air thuig mé gur seo an rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ach nuair a bhí orm labhairt le daoine faoi tháinig eagla orm. Ansin agus mé ag tiomáint chun na ranganna bhí an eagla cheánna sin orm. Bhí mé ag iarraidh é a dhéanamh ach bhí mé imithe go hiomlán ón gcrios compoird, agus bhí mé iontach míchompordach.

Creidim go hiomlán gur seo an bealach is fearr le fás agus forbairt mar dhuine.

Tuigim anois, agus mé ag smaoineamh siar, go raibh mé lánábalta dó ón tús ach fós féin, bhí sé deacair mar sin féin. Nuair a thosaigh mé mar mhúinteoir Relax Kids bhí orm cúpla rang cleachtais a dhéanamh. D’oibrigh mé le clubanna óige i mBéal Feirste agus uaireanta d’éirigh go maith leis na ranganna agus uaireanta eile ní dheachaigh siad go rómhaith ach, de réir mar a d’ardaigh an méid ranganna a bhí déanta agam, d’éirigh mé níos cleachta leo agus d’fhás an muinín a bhí agam asam féin.

An samhradh seo, bhog mé go Gaillimh agus tá mé ag iarraidh ranganna suaimhnis, aireachais agus Relax Kids a mhúineadh ansin freisin.

Tá cúpla rud socraithe agam cheana féin i nGaeilge go príomha. Tá ranganna déanta agam i nGaeilge cheana ach le déanaí tá mé ag múineadh níos mó i mBéarla. Nuair a smaoiním ar na ranganna seo, bím neirbhíseach nach dtuigfidh na daltaí na cleachtais i gceart i nGaeilge nó nach mbeidh mé in ann mé féin a mhíniú mar is ceart.

Caithfidh mé cur i gcuimhne dom féin go ndearna mé seo cheana agus go bhfuil a fhios agam céard atá le déanamh agus go mbeidh sé i gceart. Fós féin, níl mé ag iarraidh barraíocht smaointeoireachta a dhéanamh faoi. Tá a fhios agam go mothóidh mé níos fearr ina dhiaidh agus go ndéanann sé maitheas dom.

Tá a fhios agam go dtagann leadrán orm má bhím róchleachta le rud. Má tá rud éigin ‘ró éasca’ dom agus go bhfuil a fhios agam gur maith liom dúshláin ach gurbh fhearr liom iad nuair tá siad bainte amach agam, ní bhím róthógtha leo nuair atá mé ag fanacht leis an dúshlán a dhéanamh.

Bím ag glacadh análacha móra fada isteach agus amach cúpla uair le mé féin a shuaimhniú agus ansin bím i gceart. Beidh sé i gceart... nach mbeidh?

Beidh mé ag insint na craice ar fad ar mo bhlag nua ar www.solasrelaxation.com má tá tú ag iarraidh fáil amach conas a éiríonn liom!

Close
Close