Ciarán Ó Pronntaigh
Níl aon dabht ach gur dhuine comhbhách í Pat Hume. Léirigh sí sin lena teaghlach agus, ar ndóigh, lena fear céile, John. Thug sí cúram mór dó nuair a bhí cúram de dhíth i laethanta deiridh a shaoil. Léirigh sé a comhbhá chomh maith ina caidreamh le daoine eile sa phobal, ón duine a d’iarr cuidiú san oifig toghlaigh go dtí an polaiteoir a casadh uirthi.
Labhair mé le roinnt daoine i nDoire faoina gcuimhní cinn ar Pat - ní dlúthchairde ach daoine a bhí ann lena linn - le tuiscint a fháil ar a tábhacht don phobal sin. Cé go raibh tuairimí láidre dearfacha acu faoin chineál duine a bhí inti agus an obair mhór a rinne sí ar son an phobail, ní raibh duine ar bith acu ábalta mórán eile a rá fúithi. Go deimhin, dúirt duine amháin gur ‘shíl’ a lán daoine go raibh aithne acu uirthi.
Agus tá brí leis na focail sin. Gníomhaí gan mórán aitheantais a bhí inti ar feadh na mblianta. Ach d’aithin sí ról láidir di féin a d’fhreastail ní hamháin ar riachtanais an teaghlaigh ach ar riachtanais an phobail chomh maith. Foireann pholaitiúil a bhí in oifig toghlaigh John Hume – bhí aghaidh phoiblí ann mar aon leis an aghaidh phríobháideach.
Úsáideann staraithe teicníc nuair a bhíonn siad ag iarraidh tábhacht duine a mheas – cad é mar a bheadh rudaí gan an duine sin a bheith ann? I gcás Pat Hume, measaim go bhfuil freagra thar a bheith suntasach ann. Tá argóint ann nach mbeadh an próiseas síochána mar atá sé anois ag an phointe ag a bhfuil sé anois, nó fiú, nach mbeadh sé ann ar chor ar bith, gan í.
Ba iad John Hume agus Gerry Adams a spreag agus a stiúir an próiseas síochána ag an tús ach is cinnte nach raibh gach duine óna gcuid páirtithe ar bord leis an chur chuige sin. Cuid mhaith den am, bhí ar John Hume a iomaire uaigneach féin a threabhadh agus b’éigean dó a bheith daingean agus an fód a sheasamh go minic. Nuair a tháinig an scéal amach go raibh cainteanna ar siúl idir é féin agus Gerry Adams, d’ionsaigh cuid mhaith de na meáin chumarsáide é. Fiú leascheannaire an SDLP, Séamas Mallon, chuir sé in iúl nár aontaigh sé leis an treo a raibh cúrsaí ag dul.
Bímis ionraic anseo, ní fios an mbeadh sé de chroí ag John Hume bogadh ar aghaidh ar bhonn leanúnach gan tacaíocht láidir óna bhean chéile Pat. Níl mé ag caint faoin tacaíocht sa teaghlach, rud a bheadh thar a bheith tábhachtach, ach an tacaíocht pholaitiúil. Gan í, ní bheadh an oifig toghlaigh sa chruth ina raibh sí. Is fíric pholaitiúil é nach féidir le polaiteoir ar bith gan aird a thabhairt ar na mionchúrsaí polaitiúla a thiteann amach ó lá go lá sa toghlach, na daoine a iarrann cuidiú le déileáil le brainse éigin den stát nó a dteastaíonn uathu cuidiú le foirm a líonadh. Is é an obair ar an talamh seo a thugann an caipiteal polaitiúil dóibh cinntí ar an ardán polaitiúil a ghlacadh. Agus rinne Pat an ról go seoigh, is cosúil.
Ach bhí ról eile ag Pat ar chóir dúinn uilig bheith buíoch as. Mar chomhairleoir polaitiúil do John Hume, bhí duine aige a raibh muinín aige aisti agus a neartaigh a dhiongbháilteacht ag am a raibh sé de dhíth go géar. Ní fios dúinn cá mhéad uair a bhí John beaguchtach faoi chúrsaí nó ar smaoinigh sé riamh ar iarraidh as ar fad? An t-aon rud is féidir linn a rá nár éirigh John Hume as an troid ar son na síochána agus tá a fhios againn go raibh tionchar ag Pat air sin.
Ba dhuine í a d’oibrigh ar chúl an spotsolais ach ba dhuine í a rinne cinnte de go mbeadh toradh ar an chomhfhís a bhí aici lena fear céile go mbeadh síocháin in Éirinn. Ar dheis Dé go raibh a hanam.